|
+Airteagal 34 Nós imeachta i gcás tionóisce ag an obair nó i gcás galair cheirde a tharlaíonn i mBallstát seachas an Ballstát inniúil ---+Article 34 1. ---+Article 34 2. ---+Article 34 3. ---+Article 34 4. ---+Article 34 5. |
Airteagal 34 Nós imeachta i gcás tionóisce ag an obair nó i gcás galair cheirde a tharlaíonn i mBallstát seachas an Ballstát inniúilAirteagal 34 Nós imeachta i gcás tionóisce ag an obair nó i gcás galair cheirde a tharlaíonn i mBallstát seachas an Ballstát inniúil 1. Más i mBallstát seachas an Ballstát inniúil a tharlaíonn tionóisc cheirde nó a dhéantar galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, déanfar an dearbhú nó an fógra faoin tionóisc cheirde nó faoin ngalar ceirde, i gcás inarb ann don dearbhú nó fógra faoin reachtaíocht náisiúnta, i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil, gan dochar, i gcás inarb iomchuí, d’aon fhorálacha dlíthiúla eile is infheidhme agus atá i bhfeidhm sa Bhallstát inar tharla an tionóisc cheirde nó ina ndearnadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, ar forálacha iad a fhanann de bheith infheidhme sna cásanna sin. Díreofar an dearbhú nó an fógra chuig an institiúid inniúil. 2. Tabharfaidh institiúid an Bhallstáit ar ar a chríoch a tharla an tionóisc ag an obair nó a rinneadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, fógra don institiúid inniúil faoi dheimhnithe liachta arna dtarraingt suas ar chríoch an Bhallstáit sin. 3. I gcás, de bharr tionóisce a tharlaíonn agus duine ag taisteal chun na hoibre nó ón obair, ar chríoch Ballstáit seachas ar chríoch an Bhallstát inniúil, inar gá imscrúdú ar chríoch an chéad Bhallstáit, chun aon teidlíocht ar shochair ábhartha a chinneadh, féadfaidh an institiúid inniúil duine a cheapadh chun na críche sin agus cuirfidh sí údaráis an Bhallstáit sin ar an eolas. Comhoibreoidh na hinstitiúidí le chéile chun an fhaisnéis ábhartha uile a mheas agus chun na tuarascálacha agus aon doiciméid eile a bhaineann leis an tionóisc a cheadú. 4. Tar éis na cóireála, déanfar tuarascáil mhionsonraithe lena ngabhfaidh deimhnithe liachta maidir le buaniarmhairtí na tionóisce nó an ghalair, go háirithe maidir le riocht reatha an íospartaigh agus le téarnamh nó cobhsú díobhálacha, a sheoladh, arna iarraidh sin don institiúid inniúil. Íocfaidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta, i gcás inar iomchuí, na táillí ábhartha de réir an ráta a chuirfidh an institiúid sin i bhfeidhm, táillí a bheidh inmhuirearaithe ar an institiúid inniúil. 5. Arna iarraidh sin d’institiúid na háite cónaithe nó fanachta, de réir mar is iomchuí, tabharfaidh an institiúid inniúil fógra di faoin gcinneadh lena socraítear an dáta téarnaimh nó dáta cobhsaithe na ndíobhálacha agus, más iomchuí, faoin gcinneadh maidir le pinsean a dheonú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|