+CHAPTER II Benefits in respect of accidents at work and occupational diseases
---+Airteagal 33 Ceart chun sochar comhchineáil agus chun sochar airgid i gcás cónaithe nó fanachta i mBallstát seachas an Ballstát inniúil
------+Article 33 1.
------+Article 33 2.
---+Airteagal 34 Nós imeachta i gcás tionóisce ag an obair nó i gcás galair cheirde a tharlaíonn i mBallstát seachas an Ballstát inniúil
------+Article 34 1.
------+Article 34 2.
------+Article 34 3.
------+Article 34 4.
------+Article 34 5.
---+Airteagal 35 Díospóidí maidir le cineál ceirde na tionóisce nó an ghalair
------+Article 35 1.
------+Article 35 2.
------+Article 35 3.
---+Airteagal 36 An nós imeachta i gcás nochta do phriacal galair cheirde i níos mó ná Ballstát amháin
------+Article 36 1.
------+Article 36 2.
------+Article 36 3.
---+Airteagal 37 Malartú faisnéise idir institiúidí agus réamhíocaíochtaí i gcás achomhairc i gcoinne diúltaithe
------+Article 37 1.
------+Article 37 2.
------+Article 37 3.
---+Airteagal 38 Forthromú galair cheirde
---+Airteagal 39 Measúnú an ghráid éagumais i gcás tionóiscí ceirde nó galar ceirde a tharla roimh ré nó ina dhiaidh sin
---+Airteagal 40 Taisceadh agus imscrúdú éileamh ar phinsin nó ar liúntais fhorlíontacha
---+Airteagal 41 Bearta speisialta cur chun feidhme
------+Article 41 1.
------+Article 41 2.

CHAPTER II Benefits in respect of accidents at work and occupational diseases

CHAPTER II Benefits in respect of accidents at work and occupational diseases

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 33 Ceart chun sochar comhchineáil agus chun sochar airgid i gcás cónaithe nó fanachta i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

Airteagal 33

Ceart chun sochar comhchineáil agus chun sochar airgid i gcás cónaithe nó fanachta i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.  Chun críocha Airteagal 36 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 24 go 27 den Rialachán cur chun feidhme.

2.  Nuair a bheidh sochair speisialta chomhchineáil a bhaineann le tionóiscí ag an obair agus le galair cheirde faoi reachtaíocht náisiúnta Bhallstát an fhanachta nó an chónaithe á soláthar ag institiúid an Bhallstáit sin, cuirfidh sí an institiúid inniúil ar an eolas gan mhoill.

Airteagal 34 Nós imeachta i gcás tionóisce ag an obair nó i gcás galair cheirde a tharlaíonn i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

Airteagal 34

Nós imeachta i gcás tionóisce ag an obair nó i gcás galair cheirde a tharlaíonn i mBallstát seachas an Ballstát inniúil

1.  Más i mBallstát seachas an Ballstát inniúil a tharlaíonn tionóisc cheirde nó a dhéantar galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, déanfar an dearbhú nó an fógra faoin tionóisc cheirde nó faoin ngalar ceirde, i gcás inarb ann don dearbhú nó fógra faoin reachtaíocht náisiúnta, i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil, gan dochar, i gcás inarb iomchuí, d’aon fhorálacha dlíthiúla eile is infheidhme agus atá i bhfeidhm sa Bhallstát inar tharla an tionóisc cheirde nó ina ndearnadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, ar forálacha iad a fhanann de bheith infheidhme sna cásanna sin. Díreofar an dearbhú nó an fógra chuig an institiúid inniúil.

2.  Tabharfaidh institiúid an Bhallstáit ar ar a chríoch a tharla an tionóisc ag an obair nó a rinneadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair, fógra don institiúid inniúil faoi dheimhnithe liachta arna dtarraingt suas ar chríoch an Bhallstáit sin.

3.  I gcás, de bharr tionóisce a tharlaíonn agus duine ag taisteal chun na hoibre nó ón obair, ar chríoch Ballstáit seachas ar chríoch an Bhallstát inniúil, inar gá imscrúdú ar chríoch an chéad Bhallstáit, chun aon teidlíocht ar shochair ábhartha a chinneadh, féadfaidh an institiúid inniúil duine a cheapadh chun na críche sin agus cuirfidh sí údaráis an Bhallstáit sin ar an eolas. Comhoibreoidh na hinstitiúidí le chéile chun an fhaisnéis ábhartha uile a mheas agus chun na tuarascálacha agus aon doiciméid eile a bhaineann leis an tionóisc a cheadú.

4.  Tar éis na cóireála, déanfar tuarascáil mhionsonraithe lena ngabhfaidh deimhnithe liachta maidir le buaniarmhairtí na tionóisce nó an ghalair, go háirithe maidir le riocht reatha an íospartaigh agus le téarnamh nó cobhsú díobhálacha, a sheoladh, arna iarraidh sin don institiúid inniúil. Íocfaidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta, i gcás inar iomchuí, na táillí ábhartha de réir an ráta a chuirfidh an institiúid sin i bhfeidhm, táillí a bheidh inmhuirearaithe ar an institiúid inniúil.

5.  Arna iarraidh sin d’institiúid na háite cónaithe nó fanachta, de réir mar is iomchuí, tabharfaidh an institiúid inniúil fógra di faoin gcinneadh lena socraítear an dáta téarnaimh nó dáta cobhsaithe na ndíobhálacha agus, más iomchuí, faoin gcinneadh maidir le pinsean a dheonú.

Airteagal 35 Díospóidí maidir le cineál ceirde na tionóisce nó an ghalair

Airteagal 35

Díospóidí maidir le cineál ceirde na tionóisce nó an ghalair

1.  I gcás ina ndíospóidfidh an institiúid inniúil cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le tionóiscí ag an obair nó galair cheirde faoi Airteagal 36(2) den bhun-Rialachán, déanfaidh sí institiúid na háite cónaithe nó fanachta a sholáthair na sochair chomhchineáil a chur ar an eolas gan mhoill, agus measfar ansin gur sochair árachais sláinte iad na sochair sin.

2.  Nuair a bheidh cinneadh críochnaitheach déanta faoin gceist sin, cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe nó fanachta a sholáthair na sochair chomhchineáil ar an eolas gan mhoill.

I gcás nach suitear gur tionóisc ag an obair nó galar ceirde a bhí i gceist, leanfar de bheith ag soláthar sochair chomhchineáil mar shochair bhreoiteachta má tá an duine lena mbaineann ina dteideal.

I gcás go suitear gur tionóisc ag an obair nó galar ceirde atá i gceist, measfar gur sochair tionóisce ag an obair nó sochair galair cheirde iad na sochair bhreoiteachta chomhchineáil arna soláthar don duine lena mbaineann ón dáta ar tharla an tionóisc ag an obair nó ón dáta a ndearnadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair.

3.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara fomhír d’Airteagal 6(5) den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 36 An nós imeachta i gcás nochta do phriacal galair cheirde i níos mó ná Ballstát amháin

Airteagal 36

An nós imeachta i gcás nochta do phriacal galair cheirde i níos mó ná Ballstát amháin

1.  Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 38 den bhun-Rialachán, seolfar an dearbhú nó an fógra faoin ngalar ceirde chuig an institiúid atá inniúil do ghalair cheirde sa Bhallstát is deireanaí ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar sin.

Nuair a shuífidh an institiúid ar chuici a seoladh an dearbhú nó an fógra gur faoi reachtaíocht Bhallstáit eile is deireanaí a bhíothas ag gabháil don ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i dtreis, seolfaidh sí an dearbhú nó an fógra agus na deimhnithe uile a ghabhann leis chuig an institiúid choibhéiseach sa Bhallstát sin.

2.  I gcás ina suífidh institiúid an Bhallstáit ar faoina reachtaíocht is deireanaí a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist nach gcomhallann an duine lena mbaineann ná a mharthanóirí ceanglais na reachtaíochta sin, inter alia mar nach raibh an duine lena mbaineann riamh ag gabháil, sa Bhallstát sin, do ghníomhaíocht ba chúis leis an ngalar ceirde, nó toisc nach n-aithníonn an Ballstát sin cineál ceirde an ghalair sin, cuirfidh an institiúid sin an dearbhú nó an fógra agus na deimhnithe uile a ghabhann leis, lena n-áirítear cinntí agus tuarascálacha na scrúduithe liachta a rinne an chéad institiúid, ar aghaidh gan mhoill chuig institiúid an Bhallstáit roimhe sin ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist.

3.  I gcás inarb iomchuí, rachaidh na hinstitiúidí siar ar an nós imeachta céanna a leagtar amach i mír 2, chomh fada leis an institiúid choibhéiseach sa Bhallstát ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil den chéad uair do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist.

Airteagal 37 Malartú faisnéise idir institiúidí agus réamhíocaíochtaí i gcás achomhairc i gcoinne diúltaithe

Airteagal 37

Malartú faisnéise idir institiúidí agus réamhíocaíochtaí i gcás achomhairc i gcoinne diúltaithe

1.  I gcás achomhairc i gcoinne cinnidh sochair a dhiúltú arna dhéanamh ag institiúid de chuid ceann de na Ballstáit ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist, cuirfidh an institiúid sin an institiúid ar seoladh an dearbhú nó an fógra chuici ar an eolas, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 36(2) den Rialachán cur chun feidhme, agus cuirfidh sí ar an eolas ina dhiaidh sin í, nuair a ghlacfar cinneadh críochnaitheach.

2.  I gcás ina mbeidh an duine i dteideal sochar faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid ar seoladh an dearbhú nó an fógra chuici, déanfaidh an institiúid sin na réamhíocaíochtaí, a gcinnfear a méid, más iomchuí, tar éis dul i gcomhairle leis an institiúid ar taisceadh an t-achomharc ina coinne, agus ar chaoi agus go seachnaítear ró-íocaíochtaí. Aisíocfaidh an institiúid sin na réamhíocaíochtaí a rinneadh más é toradh an achomhairc go bhfuil uirthi na sochair sin a sholáthar. Déanfar an méid sin a asbhaint ansin ó na sochair a bheidh dlite don duine lena mbaineann, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 72 agus in Airteagal 73 den Rialachán cur chun feidhme.

3.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara fomhír d’Airteagal 6(5) den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 38 Forthromú galair cheirde

Airteagal 38

Forthromú galair cheirde

Sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 39 den bhun-Rialachán, caithfidh an t-éilitheoir na sonraí uile maidir leis na sochair a deonaíodh cheana i leith an ghalair cheirde atá i gceist a sholáthar d’institiúid an Bhallstáit a bhfuil teideal chun sochar á éileamh aige uirthi. Féadfaidh an institiúid sin dul i dteagmháil le gach institiúid a bhí inniúil roimhe sin chun an fhaisnéis a mheasann sí is gá a fháil.

Airteagal 39 Measúnú an ghráid éagumais i gcás tionóiscí ceirde nó galar ceirde a tharla roimh ré nó ina dhiaidh sin

Airteagal 39

Measúnú an ghráid éagumais i gcás tionóiscí ceirde nó galar ceirde a tharla roimh ré nó ina dhiaidh sin

I gcás inarbh é ba chúis le héagumas chun oibre roimhe sin nó ina dhiaidh sin, tionóisc a tharla nuair a bhí an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíocht Bhallstáit nach ndéanann idirdhealú de réir thionscnamh an éagumais chun oibre, déanfaidh an institiúid inniúil nó an comhlacht arna ainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit atá i gceist an méid seo a leanas:

(a) 

faisnéis a sholáthar, arna iarraidh sin d’institiúid inniúil Bhallstáit eile, maidir le méid an éagumais chun oibre a bhí ann roimhe sin nó ina dhiaidh sin, agus i gcás inar féidir é, faisnéis lena bhféadfar a chinneadh an mar thoradh ar thionóisc ag an obair de réir bhrí na reachtaíochta a chuireann an institiúid sa Bhallstát eile i bhfeidhm a tharla an t-éagumas;

(b) 

méid an éagumais a chúisigh na cásanna sin roimhe sin nó ina dhiaidh a chur san áireamh nuair a bheidh an teideal chun sochar agus an méid á chinneadh aici, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme.

Airteagal 40 Taisceadh agus imscrúdú éileamh ar phinsin nó ar liúntais fhorlíontacha

Airteagal 40

Taisceadh agus imscrúdú éileamh ar phinsin nó ar liúntais fhorlíontacha

D’fhonn pinsean nó liúntas forlíontach a fháil faoi reachtaíocht Ballstáit, déanfaidh an duine lena mbaineann nó a mharthanóirí a chónaíonn ar chríoch Ballstáit eile, i gcás inarb iomchuí, éileamh a thaisceadh leis an institiúid inniúil, nó le hinstitiúid na háite cónaithe, agus déanfaidh an institiúid sin é a sheoladh chuig an institiúid inniúil.

Beidh san éileamh an fhaisnéis a cheanglaítear faoin reachtaíocht arna cur i bhfeidhm ag an institiúid inniúil.

Airteagal 41 Bearta speisialta cur chun feidhme

Airteagal 41

Bearta speisialta cur chun feidhme

1.  I gcás na mBallstát dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin de Theideal III, Caibidil 2 den bhun-Rialachán a bhaineann le sochair chomhchineáil maidir le daoine nach bhfuil i dteideal sochar comhchineáil ach ar bhonn scéime speisialta do státseirbhísigh, agus a mhéid a shonraítear sna forálacha sin amháin.

2.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara fomhír d’Airteagal 32(2) agus ag Airteagal 32(3) den Rialachán cur chun feidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.