|
+Airteagal 45 Éileamh ar shochair ---+Article 45 1. ---+Article 45 2. ---+Article 45 3. ---+Article 45 4. ---+Article 45 5. ---+Article 45 6. |
Airteagal 45 Éileamh ar shochairAirteagal 45 Éileamh ar shochair A. An t-éileamh ar shochair a chur isteach faoi reachtaíocht de chineál A faoi Airteagal 44(2) den bhun-Rialachán 1. D’fhonn sochair a fháil faoi reachtaíocht de chineál A faoi Airteagal 44(2) den bhun-Rialachán, taiscfidh an t-éilitheoir éileamh le hinstitiúid an Bhallstáit a raibh a reachtaíocht infheidhme tráth ar tharla an t-éagumas chun oibre ar lean easláine nó forthromú na heasláine sin é, nó le hinstitiúid na háite cónaithe, a dhéanfaidh an t-éileamh a sheoladh chuig an gcéad institiúid. 2. Má deonaíodh sochair bhreoiteachta in airgead, measfar, más iomchuí, gurb é dáta dhul in éag na tréimhse chun na sochair sin a dheonú dáta taiscthe an éilimh ar phinsean. 3. Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 47(1) den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann árachaithe léi méid na sochar faoin reachtaíocht is infheidhme agus an dáta ar thosaigh siad in iúl don institiúid a d’íoc na sochair i dtosach. Amhail ón dáta sin, déanfar na sochair a bhí dlite roimh fhorthromú na heasláine a tharraingt siar nó a laghdú don fhorlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 47(2) den bhun-Rialachán. B. Éilimh eile ar shochair a chur isteach 4. I staideanna seachas na staideanna dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an t-éilitheoir éileamh chuig institiúid a áite cónaithe nó chuig institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh a reachtaíocht infheidhme. Mura raibh an duine lena mbaineann tráth ar bith faoi réir na reachtaíochta a chuireann institiúid na háite cónaithe i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid sin an t-éileamh a chur ar aghaidh chuig institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh a reachtaíocht infheidhme. 5. Beidh feidhm ag dáta taiscthe an éilimh i ngach institiúid lena mbaineann. 6. De mhaolú ar mhír 5, mura dtabharfaidh an t-éilitheoir fógra go raibh sé fostaithe i mBallstáit eile nó go raibh cónaí air i mBallstáit eile, ainneoin gur iarradh air é sin a dhéanamh, measfar gurb é an dáta a gcomhlánaíonn an t-éilitheoir a éileamh tosaigh, nó a gcuireann sé isteach éileamh nua do na tréimhsí fostaíochta agus/nó cónaithe atá in easnamh ina leith, dáta taiscthe an éilimh leis an institiúid a fheidhmíonn an reachtaíocht atá i gceist, faoi réir forálacha níos fabhraí sa reachtaíocht sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|