|
+Airteagal 47 Imscrúdú na n-éileamh ag na hinstitiúidí lena mbaineann ---+Article 47 1. ---+Article 47 2. ---+Article 47 3. ---+Article 47 4. ---+Article 47 5. ---+Article 47 6. ---+Article 47 7. |
Airteagal 47 Imscrúdú na n-éileamh ag na hinstitiúidí lena mbaineannAirteagal 47 Imscrúdú na n-éileamh ag na hinstitiúidí lena mbaineann A. An institiúid theagmhála 1. ‘An institiúid theagmhála’ a ghairfear ina dhiaidh seo den institiúid ar chuici a seolfar an t-éileamh ar shochair nó ar chuici a chuirfear ar aghaidh é, i gcomhréir le hAirteagal 45(1) nó (4) den Rialachán cur chun feidhme. Ní ghairfear an institiúid theagmhála d’institiúid na háite cónaithe más rud é nach raibh an duine, tráth ar bith, faoi réir na reachtaíochta a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm. Chomh maith le himscrúdú ar an éileamh ar shochair faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, ina cáil mar institiúid theagmhála, cuirfidh an institiúid sin chun cinn malartú sonraí, cur in iúl cinntí agus oibríochtaí is gá chun go ndéanfadh na hinstitiúidí lena mbaineann imscrúdú ar an éileamh, agus soláthróidh sé don éilitheoir, arna iarraidh sin dó, aon fhaisnéis atá ábhartha maidir leis na gnéithe Comhphobail den imscrúdú agus coimeádfaidh sí ar an eolas é faoin dul chun cinn san imscrúdú. B. Imscrúdú ar éilimh ar shochair faoi reachtaíocht de chineál A faoi Airteagal 44 den bhun-Rialachán. 2. Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 44(3) den bhun-Rialachán, cuirfidh an institiúid theagmhála na doiciméid uile a bhfuil baint acu leis an duine lena mbaineann chuig an institiúid lena raibh sé nó sí árachaithe roimhe sin agus scrúdóidh an institiúid sin an cás ar a huain. 3. Ní bheidh Airteagail 48 go 52 infheidhme maidir le himscrúdú ar éilimh dá dtagraítear in Airteagal 44 den bhun-Rialachán. C. Imscrúdú ar éilimh eile ar shochair 4. I staideanna seachas na staideanna dá dtagraítear i mír 2, seolfaidh an institiúid theagmhála gan mhoill na héilimh ar shochair agus na doiciméid uile atá ar fáil aici, agus i gcás inarb iomchuí, na doiciméid ábhartha a sholáthair an t-éilitheoir do na hinstitiúidí uile lena mbaineann le go bhféadfaidh siad imscrúdú an éilimh a thosú go comhreathach. Tabharfaidh an institiúid theagmhála fógra do na hinstitiúidí eile faoi thréimhsí árachais nó cónaithe faoi réir a reachtaíochta. Sonróidh sí freisin cé na doiciméid a thíolacfar ar dháta is faide anonn agus forlíonfaidh sí an t-éileamh a luaithe is féidir. 5. Tabharfaidh gach ceann de na hinstitiúidí a bheidh i gceist fógra don institiúid theagmhála agus do na hinstitiúidí eile a bheidh i gceist, faoi thréimhsí árachais nó cónaithe faoi réir a reachtaíochta. 6. Déanfaidh gach ceann de na hinstitiúidí lena mbaineann méid na sochar a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52 den bhun-Rialachán agus tabharfaidh sí fógra don institiúid theagmhála agus do na hinstitiúidí eile lena mbaineann faoina cinneadh, faoi mhéid na sochar a bheidh dlite agus faoi aon fhaisnéis eile is gá chun críocha Airteagal 53, Airteagal 54 agus Airteagal 55 den bhun-Rialachán. 7. Má shuíonn institiúid, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo, go bhfuil Airteagal 46(2) nó Airteagal 57(2) nó (3) den bhun-Rialachán infheidhme, cuirfidh sí ar an eolas an institiúid theagmhála agus na hinstitiúidí eile lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|