+Section 3 Common provisions
---+Airteagal 66 Nós imeachta um aisíoc idir institiúidí
------+Article 66 1.
------+Article 66 2.
---+Airteagal 67 Spriocdhátaí chun éilimh a dhéanamh agus a shocrú
------+Article 67 1.
------+Article 67 2.
------+Article 67 3.
------+Article 67 4.
------+Article 67 5.
------+Article 67 6.
------+Article 67 7.
---+Airteagal 68 Ús ar íocaíochtaí deireanacha agus ar éarlaisí
------+Article 68 1.
------+Article 68 2.
------+Article 68 3.
---+Airteagal 69 Ráiteas cuntas bliantúil
------+Article 69 1.
------+Article 69 2.

Section 3 Common provisions

Section 3 Common provisions

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 66 Nós imeachta um aisíoc idir institiúidí

Airteagal 66

Nós imeachta um aisíoc idir institiúidí

1.  Déanfar na haisíocaíochtaí idir na Ballstáit lena mbaineann a chur i gcrích a luaithe agus is féidir. Beidh sé d’oibleagáid ar gach institiúid lena mbaineann na héilimh a aisíoc roimh na spriocdhátaí a luaitear sa Roinn seo, a luaithe agus a bheidh sí in ann é sin a dhéanamh. Díospóid a bhaineann le héileamh ar leith, ní bheidh sí ina bac d’aisíoc éilimh eile nó d’aisíoc éileamh eile.

2.  Na haisíocaíochtaí idir institiúidí na mBallstát, dá bhforáiltear in Airteagal 35 agus in Airteagal 41 den bhun-Rialachán, déanfar tríd an gcomhlacht idirchaidrimh iad. D’fhéadfaí go mbeadh comhlacht idirchaidrimh ar leithligh ann d’aisíocaíochtaí faoi Airteagal 35 agus Airteagal 41 den bhun-Rialachán.

Airteagal 67 Spriocdhátaí chun éilimh a dhéanamh agus a shocrú

Airteagal 67

Spriocdhátaí chun éilimh a dhéanamh agus a shocrú

1.  Éilimh atá bunaithe ar chaiteachas iarbhír, cuirfear os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit fhiachaigh iad laistigh de 12 mhí ó dheireadh na leathbhliana féilire inar taifeadadh na héilimh sin i gcuntais na hinstitiúide creidmheasaí.

2.  Éilimh ar mhéideanna socraithe do bhliain féilire, cuirfear os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit fhiachaigh iad laistigh den tréimhse 12 mhí tar éis na míosa ar foilsíodh meánchostais na bliana lena mbaineann in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirfear na fardail dá dtagraítear in Airteagal 64(4) den Rialachán cur chun feidhme isteach faoi dheireadh na bliana tar éis na bliana tagartha.

3.  Sa chás dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 6(5) den Rialachán cur chun feidhme, ní chuirfear tús leis an spriocdháta a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo go dtí go ndéanfar an institiúid inniúil a aithint.

4.  Éilimh a dhéanfar tar éis na spriocdhátaí atá sonraithe i mír 1 agus mír 2, ní chuirfear san áireamh iad.

5.  Íocfaidh an institiúid fhiachach na héilimh le comhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit chreidmheasaigh dá dtagraítear in Airteagal 66 den Rialachán cur chun feidhme laistigh de 18 mhí ó dheireadh na míosa ar cuireadh os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit fhiachaigh iad. Ní bhainfidh sé seo leis na héilimh ar dhiúltaigh an institiúid fhiachach dóibh ar chúis ábhartha le linn na tréimhse sin.

6.  Aon díospóidí a bhaineann le héileamh, socrófar iad, ar a dhéanaí, laistigh de 36 mhí tar éis na míosa ar cuireadh isteach an t-éileamh.

7.  I gcásanna nach féidir teacht ar shocrú laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 6, éascóidh an Bord Iniúchóireachta dúnadh críochnaitheach na gcuntas, agus ar iarraidh réasúnaithe ó cheann de na páirtithe, tabharfaidh sé a thuairim uaidh maidir le haon díospóid laistigh de shé mhí tar éis na míosa ar tarchuireadh an t-ábhar dó.

Airteagal 68 Ús ar íocaíochtaí deireanacha agus ar éarlaisí

Airteagal 68

Ús ar íocaíochtaí deireanacha agus ar éarlaisí

1.  Tar éis dheireadh na tréimhse 18 mhí a leagtar amach in Airteagal 67(5) den Rialachán cur chun feidhme, féadfaidh an institiúid chreidmheasach ús a ghearradh ar éilimh gan íoc, ach amháin má d’íoc an institiúid fhiachach, laistigh de shé mhí ó dheireadh na míosa ar cuireadh an t-éileamh isteach, éarlais arb ionann í agus 90 % ar a laghad den éileamh iomlán a cuireadh isteach de bhua Airteagal 67(1) nó (2) den Rialachán cur chun feidhme. Maidir leis na codanna sin den éileamh nach gclúdaítear leis an éarlais, ní fhéadfar ús a ghearradh ach amháin tar éis dheireadh na tréimhse 36 mhí a leagtar amach in Airteagal 67(6) den Rialachán cur chun feidhme.

2.  Déanfar an t-ús a ríomh ar bhonn an ráta tagartha a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe. Is é an ráta tagartha is infheidhme an ráta atá i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí a bhfuil an íocaíocht dlite.

3.  Ní bheidh oibleagáid ar aon chomhlacht idirchaidrimh glacadh le héarlais dá bhforáiltear i mír 1. Má thograíonn comhlacht idirchaidrimh, áfach, gan glacadh le tairiscint den sórt sin, ní bheidh an institiúid chreidmheasach i dteideal ús a ghearradh a thuilleadh ar íocaíochtaí déanacha i leith na n-éileamh lena mbaineann ach amháin faoin dara habairt de mhír 1.

Airteagal 69 Ráiteas cuntas bliantúil

Airteagal 69

Ráiteas cuntas bliantúil

1.  Socróidh an Coimisiún Riaracháin staid na n-éileamh do gach bliain féilire i gcomhréir le hAirteagal 72(g) den bhun-Rialachán, ar bhonn thuarascáil an Bhoird Iniúchóireachta. Chun na críche sin, déanfaidh na comhlachtaí idirchaidrimh, faoi na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagann an Bord Iniúchóireachta síos, fógra a thabhairt don Bhord sin faoi mhéid na n-éileamh a dhéantar, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh creidmheasach) agus faoi mhéid na n-éileamh a fhaightear, a shocraítear nó a dhéantar a chonspóid (seasamh fiachach).

2.  Féadfaidh an Coimisiún Riaracháin aon seiceálacha iomchuí a dhéanamh ar na sonraí staidrimh agus cuntasaíochta a úsáidtear mar bhonn chun ráiteas bliantúil na n-éileamh dá bhforáiltear i mír 1 a dhréachtú, d’fhonn, go háirithe, a áirithiú go bhfuil siad de réir na rialacha a leagtar síos faoin Teideal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.