|
+Airteagal 68 Ús ar íocaíochtaí deireanacha agus ar éarlaisí ---+Article 68 1. ---+Article 68 2. ---+Article 68 3. |
Airteagal 68 Ús ar íocaíochtaí deireanacha agus ar éarlaisíAirteagal 68 Ús ar íocaíochtaí deireanacha agus ar éarlaisí 1. Tar éis dheireadh na tréimhse 18 mhí a leagtar amach in Airteagal 67(5) den Rialachán cur chun feidhme, féadfaidh an institiúid chreidmheasach ús a ghearradh ar éilimh gan íoc, ach amháin má d’íoc an institiúid fhiachach, laistigh de shé mhí ó dheireadh na míosa ar cuireadh an t-éileamh isteach, éarlais arb ionann í agus 90 % ar a laghad den éileamh iomlán a cuireadh isteach de bhua Airteagal 67(1) nó (2) den Rialachán cur chun feidhme. Maidir leis na codanna sin den éileamh nach gclúdaítear leis an éarlais, ní fhéadfar ús a ghearradh ach amháin tar éis dheireadh na tréimhse 36 mhí a leagtar amach in Airteagal 67(6) den Rialachán cur chun feidhme. 2. Déanfar an t-ús a ríomh ar bhonn an ráta tagartha a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe. Is é an ráta tagartha is infheidhme an ráta atá i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí a bhfuil an íocaíocht dlite. 3. Ní bheidh oibleagáid ar aon chomhlacht idirchaidrimh glacadh le héarlais dá bhforáiltear i mír 1. Má thograíonn comhlacht idirchaidrimh, áfach, gan glacadh le tairiscint den sórt sin, ní bheidh an institiúid chreidmheasach i dteideal ús a ghearradh a thuilleadh ar íocaíochtaí déanacha i leith na n-éileamh lena mbaineann ach amháin faoin dara habairt de mhír 1. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|