|
+Airteagal 67 Spriocdhátaí chun éilimh a dhéanamh agus a shocrú ---+Article 67 1. ---+Article 67 2. ---+Article 67 3. ---+Article 67 4. ---+Article 67 5. ---+Article 67 6. ---+Article 67 7. |
Airteagal 67 Spriocdhátaí chun éilimh a dhéanamh agus a shocrúAirteagal 67 Spriocdhátaí chun éilimh a dhéanamh agus a shocrú 1. Éilimh atá bunaithe ar chaiteachas iarbhír, cuirfear os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit fhiachaigh iad laistigh de 12 mhí ó dheireadh na leathbhliana féilire inar taifeadadh na héilimh sin i gcuntais na hinstitiúide creidmheasaí. 2. Éilimh ar mhéideanna socraithe do bhliain féilire, cuirfear os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit fhiachaigh iad laistigh den tréimhse 12 mhí tar éis na míosa ar foilsíodh meánchostais na bliana lena mbaineann in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirfear na fardail dá dtagraítear in Airteagal 64(4) den Rialachán cur chun feidhme isteach faoi dheireadh na bliana tar éis na bliana tagartha. 3. Sa chás dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 6(5) den Rialachán cur chun feidhme, ní chuirfear tús leis an spriocdháta a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo go dtí go ndéanfar an institiúid inniúil a aithint. 4. Éilimh a dhéanfar tar éis na spriocdhátaí atá sonraithe i mír 1 agus mír 2, ní chuirfear san áireamh iad. 5. Íocfaidh an institiúid fhiachach na héilimh le comhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit chreidmheasaigh dá dtagraítear in Airteagal 66 den Rialachán cur chun feidhme laistigh de 18 mhí ó dheireadh na míosa ar cuireadh os comhair chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit fhiachaigh iad. Ní bhainfidh sé seo leis na héilimh ar dhiúltaigh an institiúid fhiachach dóibh ar chúis ábhartha le linn na tréimhse sin. 6. Aon díospóidí a bhaineann le héileamh, socrófar iad, ar a dhéanaí, laistigh de 36 mhí tar éis na míosa ar cuireadh isteach an t-éileamh. 7. I gcásanna nach féidir teacht ar shocrú laistigh den tréimhse a leagtar amach i mír 6, éascóidh an Bord Iniúchóireachta dúnadh críochnaitheach na gcuntas, agus ar iarraidh réasúnaithe ó cheann de na páirtithe, tabharfaidh sé a thuairim uaidh maidir le haon díospóid laistigh de shé mhí tar éis na míosa ar tarchuireadh an t-ábhar dó. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|