+Section 2 Offsetting
---+Airteagal 72 Sochair a fuarthas agus nach raibh dlite
------+Article 72 1.
------+Article 72 2.
------+Article 72 3.
---+Airteagal 73 Sochair a íocadh go sealadach mar airgead tirim nó mar ranníocaíochtaí
------+Article 73 1.
------+Article 73 2.
---+Airteagal 74 Na costais a bhaineann le frithchúiteamh

Section 2 Offsetting

Section 2 Offsetting

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 72 Sochair a fuarthas agus nach raibh dlite

Airteagal 72

Sochair a fuarthas agus nach raibh dlite

1.  Má d’íoc institiúid Ballstáit sochair le duine nach raibh dlite dó, féadfaidh an institiúid sin, laistigh de na téarmaí agus de na teorainneacha a leagtar síos leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, iarraidh ar institiúid aon Bhallstáit eile atá freagrach as sochair a íoc leis an duine lena mbaineann, an méid neamhdhlite a bhaint as riaráistí nó as íocaíochtaí leanúnacha a dhlitear don duine lena mbaineann, beag beann ar an mbrainse slándála shóisialta faoina n-íoctar an sochar. Bainfidh an institiúid sin an méid atá i gceist faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir le córas frithchúitimh den sórt seo i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, amhail is dá mba í féin a rinne an ró-íocaíocht, agus aistreoidh sí an méid a bhaintear chuig an institiúid a d’íoc na sochair neamhdhlite.

2.  De mhaolú ar mhír 1, má d’íoc institiúid Ballstáit suim sochair mhíchuí le duine nuair a bhí sochair á ndámhachtain nó á n-athbhreithniú acu maidir le sochair easláine, pinsin seanaoise nó pinsin marthanóirí de bhua Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal III den bhun-Rialachán, féadfaidh sí iarraidh ar institiúid aon Bhallstáit eile atá freagrach as na sochair chomhfhreagracha a íoc leis an duine lena mbaineann go mbainfidh sí an méid a ró-íocadh as na riaráistí atá iníoctha leis an duine sin. Tar éis don institiúid sin an institiúid a d’íoc an tsuim mhíchuí a chur ar an eolas maidir leis riaráistí sin, fógróidh an institiúid a d’íoc an méid míchuí méid an mhéid mhíchuí, laistigh de dhá mhí. Má fhaigheann an institiúid atá chun na riaráistí a íoc an t-eolas faoin spriocdháta, aistreoidh sí an méid a baineadh chuig an institiúid a d’íoc na méideanna míchuí. Má théann an spriocdháta in éag, íocfaidh an institiúid sin na riaráistí, gan mhoill, leis an duine lena mbaineann.

3.  Má fuair duine cúnamh leasa shóisialaigh i mBallstát amháin i rith tréimhse a raibh sé i dteideal sochar faoi reachtaíocht Ballstáit eile, féadfaidh an comhlacht a sholáthair an cúnamh, má tá teideal dlí aige na sochair atá dlite don duine sin a éileamh ar ais, a iarraidh ar institiúid aon Bhallstáit eile atá freagrach as sochair a íoc leis an duine sin, an méid cúnaimh a íocadh a bhaint as na méideanna a íocfaidh an Ballstát sin leis an duine sin.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le haon duine de theaghlach duine lena mbaineann a fuair cúnamh i gcríoch Ballstáit i rith tréimhse a raibh an duine árachaithe i dteideal sochar faoi reachtaíocht Ballstáit eile i leith an duine sin den teaghlach.

Institiúid Ballstáit a d’íoc méid míchuí cúnaimh, seolfaidh sí ráiteas faoin méid atá dlite d’institiúid an Bhallstáit eile, a bhainfidh an méid sin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos don nós imeachta frithchúitimh sin i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus aistreoidh sí an méid sin gan mhoill chuig an institiúid a d’íoc an méid míchuí.

Airteagal 73 Sochair a íocadh go sealadach mar airgead tirim nó mar ranníocaíochtaí

Airteagal 73

Sochair a íocadh go sealadach mar airgead tirim nó mar ranníocaíochtaí

1.  Chun críocha Airteagal 6 den Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm, trí mhí ar a dheireanaí tar éis an reachtaíocht is infheidhme a bheith cinnte nó an institiúid atá freagrach as na sochair a íoc a bheith sainaitheanta, dréachtóidh an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach ráiteas maidir leis an méid a íocadh go sealadach agus seolfaidh sí é chuig an institiúid a aithnítear mar an institiúid inniúil.

An institiúid atá aitheanta mar an institiúid atá inniúil as na sochair a íoc, bainfidh sí an méid atá dlite i ndáil leis an íocaíocht shealadach as riaráistí na sochar comhfhreagrach a dhlíonn sí leis an duine lena mbaineann agus aistreoidh sí, gan mhoill, an méid a baineadh chuig an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach.

Más mó méid na sochar a íocadh go sealadach ná méid na riaráistí, nó murab ann do riaráistí, bainfidh an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil an méid sin as íocaíochtaí leanúnacha faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir le nósanna imeachta frithchúitimh den sórt sin faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus aistreoidh sí, gan mhoill, an méid a baineadh chuig an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go sealadach.

2.  An institiúid a fuair ranníocaíochtaí go sealadach ó dhuine nádúrtha/dlítheanach, ní aisíocfaidh sí na méideanna atá i gceist leis an duine a d’íoc iad go dtí go bhfionnfaidh sí ón institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil na suimeanna atá dlite di faoi Airteagal 6(4) den bhun-Rialachán.

Arna iarraidh sin don institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, a dhéanfar trí mhí, ar a dhéanaí, tar éis an reachtaíocht is infheidhme a bheith cinnte, aistreoidh an institiúid a fuair ranníocaíochtaí sealadacha na ranníocaíochtaí chuig an institiúid atá aitheanta mar an institiúid a bhí inniúil don tréimhse sin chun críche an staid a shocrú maidir leis na ranníocaíochtaí a dhlíonn an duine nádúrtha agus/nó dlítheanach di. Na ranníocaíochtaí a aistreofar, meastar go haisghníomhach gur leis an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil a íocadh iad.

Más mó méid na ranníocaíochtaí a íocadh go sealadach ná an méid a dhlíonn an duine dlítheanach agus/nó nádúrtha don institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, aisíocfaidh an institiúid a fuair na ranníocaíochtaí sealadacha an méid a ró-íocadh leis an duine dlítheanach agus/nó nádúrtha lena mbaineann.

Airteagal 74 Na costais a bhaineann le frithchúiteamh

Airteagal 74

Na costais a bhaineann le frithchúiteamh

Ní íocfar aon chostais i gcás ina ngnóthófar an fiach tríd an nós imeachta frithchúitimh dá bhforáiltear in Airteagal 72 agus in Airteagal 73 den Rialachán cur chun feidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.