|
+Airteagal 80 Socruithe íocaíochta agus na spriocdhátaí ---+Article 80 1. ---+Article 80 2. |
Airteagal 80 Socruithe íocaíochta agus na spriocdhátaíAirteagal 80 Socruithe íocaíochta agus na spriocdhátaí 1. Déanfar éilimh a ghnóthú in airgeadra Bhallstát an pháirtí iarrtha. Tarchuirfidh an páirtí iarrtha méid iomlán an éilimh a ghnóthaíonn an páirtí iarrtha chuig an bpáirtí iarrthach. 2. I gcás ina gceadóidh na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin amhlaidh, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an bpáirtí iarrthach, féadfaidh an páirtí iarrtha am breise a thabhairt don fhiachóir chun an t-éileamh a íoc nó féadfaidh sé íocaíocht i dtráthchodanna a údarú. Aon ús a ghearrfaidh an páirtí iarrtha i leith an ama bhreise sin don íocaíocht, tarchuirfear chuig an bpáirtí iarrthach é freisin. Ón dáta a n-aithneofar, go díreach, an ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 79(1) den Rialachán cur chun feidhme, nó ón dáta a nglacfar léi, a n-aithneofar í, a bhforlíonfar í nó a n-ionadófar í i gcomhréir le hAirteagal 79(2) den Rialachán cur chun feidhme, gearrfar ús as íocaíocht dhéanach faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha agus tarchuifear an t-ús sin freisin chuig an bpáirtí iarrthach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|