|
+Airteagal 85 Na costais a bhaineann le gnóthú ---+Article 85 1. ---+Article 85 2. ---+Article 85 3. |
Airteagal 85 Na costais a bhaineann le gnóthúAirteagal 85 Na costais a bhaineann le gnóthú 1. Gnóthóidh an páirtí iarrtha ón duine nadúrtha nó dlítheanach lena mbaineann agus coinneoidh sé aon chostais a bheidh ceangailte le gnóthú a thabhaítear, i gcomhréir le dlíthe agus le rialacháin Bhallstát an pháirtí iarrtha a bhfuil feidhm acu maidir le héilimh den tsamhail chéanna. 2. De ghnáth, beidh cúnamh frithpháirteach a thugtar faoin Roinn seo saor in aisce. I gcás ina gcothóidh gnóthú fadhb shonrach nó ina mbainfidh sé le méid mór i gcostais, áfach, féadfaidh na páirtithe iarrthacha agus na páirtithe iarrtha socruithe maidir le haisíoc a chomhaontú a bhaineann go sonrach leis na cásanna a bheidh i gceist. 3. Leanfaidh Ballstát an pháirtí iarrthaigh de bheith faoi dhliteanas Bhallstát an pháirtí iarrtha as aon chostais agus as aon chaillteanais arna dtabhú mar thoradh ar bhearta a measadh a bheith gan bhunús a mhéid a bhaineann le substaint an éilimh nó le bailíocht na hionstraime a d’eisigh an páirtí iarrthach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|