|
+Airteagal 86 Clásal i dtaca le hathbhreithniú ---+Article 86 1. ---+Article 86 2. ---+Article 86 3. |
Airteagal 86 Clásal i dtaca le hathbhreithniúAirteagal 86 Clásal i dtaca le hathbhreithniú 1. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin, tráth nach déanaí ná an ceathrú bliain féilire iomlán tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme, tuarascáil chomparáideach a thíolacadh maidir leis na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 67(2), (5) agus (6) den Rialachán cur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála seo, tograí a thíolacadh chun na teorainneacha ama sin a athbhreithniú, ar tograí iad a mbeidh sé mar aidhm acu na teorainneacha ama sin a ghiorrú ar bhealach suntasach. 2. Trath nach déanaí ná an dáta dá a dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún Riaracháin measúnú ar rialacha maidir le comhshó tréimhsí atá leagtha amach in Airteagal d’fhonn na rialacha sin a shimpliú, más féidir. 3. Tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2015 tíolacfaidh an Coimisiún Riaracháin tuarascáil lena ndéanfar measúnú go sonrach ar chur i bhfeidhm Chaibidil I agus Chaibidil III de Theideal IV den Rialachán cur chun feidhme, go háirithe maidir leis na nósanna imeachta agus na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 67(2), (5) agus (6) den Rialachán cur chun feidhme agus maidir leis na nósanna imeachta um ghnóthú dá dtagraítear in Airteagail 75 go 85 den Rialachán cur chun feidhme. I bhfianaise na tuarascála seo, féadfaidh an Coimisiún Eorpach, más gá, tograí iomchuí a thíolacadh chun na nósanna imeachta seo a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos cothromúla. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|