|
+Airteagal 87 Scrúdaithe liachta agus seiceálacha riaracháin ---+Article 87 1. ---+Article 87 2. ---+Article 87 3. ---+Article 87 4. ---+Article 87 5. ---+Article 87 6. |
Airteagal 87 Scrúdaithe liachta agus seiceálacha riaracháinAirteagal 87 Scrúdaithe liachta agus seiceálacha riaracháin 1. Gan dochar d’fhorálacha eile, i gcás ina mbeidh faighteoir nó éilitheoir sochar, nó ball dá theaghlach, ag fanacht nó ina chónaí laistigh de chríoch Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid fhiachach, is í institiúid áit chónaithe nó áit fanachta an tairbhí a dhéanfaidh an scrúdú liachta, ar iarraidh ón institiúid sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sa reachtaíocht a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm. Cuirfidh an institiúid fhiachach institiúid na háite fanachta nó cónaithe ar an eolas maidir le haon cheanglais speisialta a bheidh le leanúint, más ga, agus maidir le pointí a bheidh le folú sa seiceáil riaracháin. 2. Cuirfidh institiúid na háite fanachta nó cónaithe tuarascáil chuig an institiúid fhiachach a d’iarr an scrúdú liachta. Beidh fionnachtana institiúid na háite fanachta nó na háite cónaithe ina gceangal ar an institiúid fhiachach sin. Coimeádfaidh an institiúid fhiachach an ceart chun an tairbhí a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici féin. Ar a shon sin, ní fhéadfar a iarraidh ar an tairbhí filleadh ar Bhallstát na hinstitiúide fiachaí ach amháin má bhíonn ar a chumas nó ar a cumas an turas a dhéanamh gach dochar dá shláinte agus go n-íocann an institiúid fhiachach as costas an taistil agus an lóistín. 3. I gcás ina mbeidh faighteoir nó éilitheoir sochar, nó ball dá theaghlach, ag fanacht nó ina chónaí i gcríoch Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid fhiachach lonnaithe, is í institiúid áit chónaithe nó fanachta an tairbhí a dhéanfaidh an tseiceáil riaracháin, ar iarraidh ón institiúid fhiachach. Beidh feidhm ag mír 2 freisin sa chás seo. 4. Beidh feidhm freisin ag mír 2 agus mír 3 le linn a chinneadh nó a sheiceáil a spleáiche atá faighteoir nó éilitheoir sochar cúraim fhadtréimhsigh dá dtagraítear in Airteagal 34 den bhun-Rialachán. 5. Féadfaidh údaráis inniúla nó institiúidí inniúla dhá Bhallstát nó níos mó forálacha sonracha agus nósanna imeachta sonracha a chomhaontú chun feabhas iomlán nó páirteach a chur ar ullmhacht éilitheoirí agus faighteoirí don mhargadh saothair agus ar a gcuid rannpháirtíochta in aon scéimeanna a bheidh ar fáil sa Bhallstát fanachta nó cónaithe chun na críche sin. 6. Mar eisceacht ó phrionsabal an chomhair riaracháin fhrithpháirtigh shaor in aisce atá in Airteagal 76(2) den bhun-Rialachán, déanfaidh an institiúid fhiachach, a d’iarr ar an institiúid na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 go 5 a dhéanamh, glanmhéid an chaiteachais a bhí i gceist leis na seiceálacha sin a aisíoc leis an institiúid ar iarradh uirthi iad a dhéanamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|