+TITLE V MISCELLANEOUS, TRANSITIONAL AND FINAL PROVISIONS
---+Airteagal 87 Scrúdaithe liachta agus seiceálacha riaracháin
------+Article 87 1.
------+Article 87 2.
------+Article 87 3.
------+Article 87 4.
------+Article 87 5.
------+Article 87 6.
---+Airteagal 88 Fógraí
------+Article 88 1.
------+Article 88 2.
------+Article 88 3.
------+Article 88 4.
------+Article 88 5.
---+Airteagal 89 Faisnéis
------+Article 89 1.
------+Article 89 2.
------+Article 89 3.
---+Airteagal 90 Comhshó airgeadra
---+Airteagal 91 Staidreamh
---+Airteagal 92 Leasú ar na hIarscríbhinní
---+Airteagal 93 Forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 94 Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le pinsin
------+Article 94 1.
------+Article 94 2.
---+Airteagal 95 Idirthréimhse maidir le malartuithe sonraí leictreonacha
------+Article 95 1.
------+Article 95 2.
---+Airteagal 96 Aisghairm
------+Article 96 1.
------+Article 96 2.
---+Airteagal 97 Foilsiú agus teacht i bhfeidhm

TITLE V MISCELLANEOUS, TRANSITIONAL AND FINAL PROVISIONS

TITLE V MISCELLANEOUS, TRANSITIONAL AND FINAL PROVISIONS

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 87 Scrúdaithe liachta agus seiceálacha riaracháin

Airteagal 87

Scrúdaithe liachta agus seiceálacha riaracháin

1.  Gan dochar d’fhorálacha eile, i gcás ina mbeidh faighteoir nó éilitheoir sochar, nó ball dá theaghlach, ag fanacht nó ina chónaí laistigh de chríoch Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid fhiachach, is í institiúid áit chónaithe nó áit fanachta an tairbhí a dhéanfaidh an scrúdú liachta, ar iarraidh ón institiúid sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sa reachtaíocht a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm.

Cuirfidh an institiúid fhiachach institiúid na háite fanachta nó cónaithe ar an eolas maidir le haon cheanglais speisialta a bheidh le leanúint, más ga, agus maidir le pointí a bheidh le folú sa seiceáil riaracháin.

2.  Cuirfidh institiúid na háite fanachta nó cónaithe tuarascáil chuig an institiúid fhiachach a d’iarr an scrúdú liachta. Beidh fionnachtana institiúid na háite fanachta nó na háite cónaithe ina gceangal ar an institiúid fhiachach sin.

Coimeádfaidh an institiúid fhiachach an ceart chun an tairbhí a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici féin. Ar a shon sin, ní fhéadfar a iarraidh ar an tairbhí filleadh ar Bhallstát na hinstitiúide fiachaí ach amháin má bhíonn ar a chumas nó ar a cumas an turas a dhéanamh gach dochar dá shláinte agus go n-íocann an institiúid fhiachach as costas an taistil agus an lóistín.

3.  I gcás ina mbeidh faighteoir nó éilitheoir sochar, nó ball dá theaghlach, ag fanacht nó ina chónaí i gcríoch Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid fhiachach lonnaithe, is í institiúid áit chónaithe nó fanachta an tairbhí a dhéanfaidh an tseiceáil riaracháin, ar iarraidh ón institiúid fhiachach.

Beidh feidhm ag mír 2 freisin sa chás seo.

4.  Beidh feidhm freisin ag mír 2 agus mír 3 le linn a chinneadh nó a sheiceáil a spleáiche atá faighteoir nó éilitheoir sochar cúraim fhadtréimhsigh dá dtagraítear in Airteagal 34 den bhun-Rialachán.

5.  Féadfaidh údaráis inniúla nó institiúidí inniúla dhá Bhallstát nó níos mó forálacha sonracha agus nósanna imeachta sonracha a chomhaontú chun feabhas iomlán nó páirteach a chur ar ullmhacht éilitheoirí agus faighteoirí don mhargadh saothair agus ar a gcuid rannpháirtíochta in aon scéimeanna a bheidh ar fáil sa Bhallstát fanachta nó cónaithe chun na críche sin.

6.  Mar eisceacht ó phrionsabal an chomhair riaracháin fhrithpháirtigh shaor in aisce atá in Airteagal 76(2) den bhun-Rialachán, déanfaidh an institiúid fhiachach, a d’iarr ar an institiúid na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 go 5 a dhéanamh, glanmhéid an chaiteachais a bhí i gceist leis na seiceálacha sin a aisíoc leis an institiúid ar iarradh uirthi iad a dhéanamh.

Airteagal 88 Fógraí

Airteagal 88

Fógraí

1.  Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le sonraí na gcomhlachtaí a shainítear in Airteagal 1(m), (q) agus (r) den bhun-Rialachán agus in Airteagal 1(2)(a) agus (b) den Rialachán cur chun feidhme, agus maidir le sonraí na n-institiúidí arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán cur chun feidhme.

2.  Tabharfar céannacht leictreonach i bhfoirm cóid chéannachta agus seolta leictreonaigh do na comhlachtaí a shonraítear i mír 1.

3.  Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos an struchtúr, an t-inneachar agus na socruithe mionsonraithe, lena n-áirítear an fhormáid choiteann agus an múnla coiteann, maidir le fógra a thabhairt faoi na sonraí a shonraítear i mír 1.

4.  Tugtar sonraí in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme maidir leis an mbunachar sonraí poiblí ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear i mír 1. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach an bunachar sonraí a chur ar bun agus a bhainistiú. Is iad na Ballstáit, áfach, a bheidh freagrach as a gcuid faisnéise teagmhála náisiúnta féin a ionchur sa bhunachar sonraí seo. Thairis sin, áiritheoidh na Ballstáit cruinneas ionchur na faisnéise teagmhála náisiúnta a éilítear faoi mhír 1.

5.  Beidh na Ballstáit freagrach as an bhfaisnéis atá sonraithe i mír 1 a choimeád cothrom le dáta.

Airteagal 89 Faisnéis

Airteagal 89

Faisnéis

1.  Ullmhóidh an Coimisiún Riaracháin an fhaisnéis is gá chun a áirithiú gurb eol do na páirtithe lena mbaineann a gcearta agus na foirmiúlachtaí riaracháin is gá d’fhonn iad a dhearbhú. Déanfar an fhaisnéis sin, i gcás inar féidir, a scaipeadh go leictreonach trína foilsiú ar líne ar láithreáin a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus déanfaidh sé faireachán ar cháilíocht na seirbhísí a chuirfear ar fáil do na custaiméirí.

2.  Féadfaidh an Coiste Comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 75 den bhun-Rialachán tuairimí agus moltaí a eisiúint maidir le feabhas a chur ar an bhfaisnéis agus ar scaipeadh na faisnéise.

3.  Áiritheoidh na húdaráis inniúla gurb eol dá n-institiúidí na forálacha Comhphobail uile, idir reachtacha agus eile, lena n-áirítear cinntí an Choimisiúin Riaracháin, sna réimsí a chumhdaítear leis an mbun-Rialachán agus leis an Rialachán cur chun feidhme agus de réir théarmaí an bhun-Rialacháin agus de réir théarmaí an Rialacháin cur chun feidhme, agus go gcuireann siad i bhfeidhm iad.

Airteagal 90 Comhshó airgeadra

Airteagal 90

Comhshó airgeadra

Chun críocha an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm, is é an ráta tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach an ráta malairte idir dhá airgeadra. Socróidh an Coimisiún Riaracháin an dáta a chuirfear san áireamh le cinneadh a dhéanamh faoin ráta malairte.

Airteagal 91 Staidreamh

Airteagal 91

Staidreamh

Déanfaidh na húdaráis inniúla staidreamh a thiomsú maidir leis an mbun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig rúnaíocht an Choimisiúin Riaracháin é. Déanfar na sonraí sin a bhailiú agus a eagrú de réir an phlean agus de réir an mhodha arna sainmhíniú ag an gCoimisiún Riaracháin. Is é an Coimisiún Eorpach a bheidh freagrach as scaipeadh na faisnéise.

Airteagal 92 Leasú ar na hIarscríbhinní

Airteagal 92

Leasú ar na hIarscríbhinní

Féadfar Iarscríbhinní 1, 2, 3, 4 agus 5 den Rialachán cur chun feidhme agus Iarscríbhinní VI, VII, VIII agus IX a ghabhann leis an mbun-Rialachán a leasú le Rialachán ón gCoimisiún, arna iarraidh sin don Choimisiún Riaracháin.

Airteagal 93 Forálacha idirthréimhseacha

Airteagal 93

Forálacha idirthréimhseacha

Beidh feidhm ag Airteagal 87 den bhun-Rialachán sna staideanna a chumhdaítear leis an Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 94 Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le pinsin

Airteagal 94

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le pinsin

1.  Má tharlaíonn teagmhas gan choinne roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann agus nár dámhadh an t-éileamh pinsin roimh an dáta sin, is dámhachtain dhúbailte a bheidh mar thoradh air sin, a mhéid a chaithfear sochair a dheonú de bhun teagmhais den sórt sin, ar feadh tréimhse roimh an dáta sin:

(a) 

don tréimhse roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71, nó i gcomhréir le comhaontuithe a bheidh i bhfeidhm idir na Ballstáit lena mbaineann,

(b) 

don tréimhse dar tús dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an mbun-Rialachán.

Más mó, áfach, an méid a ríomhfar de bhun na bhforálacha dá dtagraítear faoi (a) ná an méid a ríomhfar de bhun na bhforálacha dá dtagraítear faoi (b), fanfaidh an duine lena mbaineann de bheith i dteideal an méid a ríomhfar de bhun na gcoinníollacha dá dtagraítear faoi phointe (a).

2.  Maidir le héileamh maidir le sochair easláinte, seanaoise nó sochair marthanóirí arna chur faoi bhráid institiúid Bhallstáit ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, éileoidh sé, go huathoibríoch, go ndéanfaidh institiúid nó institiúidí Ballstáit amháin nó níos mó ná Ballstáit amháin athbhreithniú ar na sochair a dámhadh don teagmhas céanna roimh an dáta sin, i gcomhréir leis an mbun-Rialachán; ní fhéadfaidh aon laghdú ar mhéid an tsochair a dhámhfar teacht de thairbhe an athbhreithnithe sin.

Airteagal 95 Idirthréimhse maidir le malartuithe sonraí leictreonacha

Airteagal 95

Idirthréimhse maidir le malartuithe sonraí leictreonacha

1.  Féadfaidh gach Ballstát tairbhiú d’idirthréimhse le haghaidh sonraí a mhalartú trí mheán leictreonach mar a fhoráiltear le hAirteagal 4(2) den Rialachán cur chun feidhme.

Ní rachaidh na hidirthréimhsí sin thar 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme.

Má bhíonn moill shuntasach, áfach, ar sheachadadh an bhonneagair Chomhphobail is gá (Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún Riaracháin comhaontú maidir le haon síneadh iomchuí a chuirfí leis na tréimhsí sin.

2.  Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos na socruithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh aon idirthréimhsí d’fhonn go n-áiritheofar an malartú sonraí is gá chun an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm.

Airteagal 96 Aisghairm

Airteagal 96

Aisghairm

1.  Déantar Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 a aisghairm le héifeacht ón 1 Bealtaine 2010.

Fanfaidh Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 i bhfeidhm agus leanfaidh sé d’éifeacht dhlíthiúil a bheith aige, áfach, chun na gcríoch seo a leanas:

(a) 

Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2003 lena leathnaítear forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na forálacha sin ar bhonn a náisiúntachta ( 2 ) amháin, go dtí go ndéanfar an Rialachán sin a aisghairm nó a leasú;

(b) 

Rialachán (CEE) Uimh. 1661/85 an 13 Meitheamh 1985 ón gComhairle lena leagtar síos na hoiriúnuithe teicniúla ar rialacha an Chomhphobail maidir le slándáil shóisialta d’oibrithe imirceacha maidir leis an nGraonlainn ( 3 ), go dtí go ndéanfar an Rialachán sin a aisghairm nó a leasú;

(c) 

an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ( 4 ), an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine ( 5 ), agus comhaontuithe eile ina bhfuil tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 574/72, go dtí go ndéanfar na comhaontuithe sin a leasú ar bhonn an Rialacháin cur chun feidhme.

2.  I dTreoir 98/49/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a bheidh ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal, agus níos ginearálta i ngníomhartha eile uile an Chomhphobail ( 6 ), measfar gur tagairtí don Rialachán cur chun feidhme iad na tagairtí do Rialachán (CEE) Uimh. 574/72.

Airteagal 97 Foilsiú agus teacht i bhfeidhm

Airteagal 97

Foilsiú agus teacht i bhfeidhm

Déanfar an Rialachán seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.