|
+Airteagal 88 Fógraí ---+Article 88 1. ---+Article 88 2. ---+Article 88 3. ---+Article 88 4. ---+Article 88 5. |
Airteagal 88 FógraíAirteagal 88 Fógraí 1. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le sonraí na gcomhlachtaí a shainítear in Airteagal 1(m), (q) agus (r) den bhun-Rialachán agus in Airteagal 1(2)(a) agus (b) den Rialachán cur chun feidhme, agus maidir le sonraí na n-institiúidí arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán cur chun feidhme. 2. Tabharfar céannacht leictreonach i bhfoirm cóid chéannachta agus seolta leictreonaigh do na comhlachtaí a shonraítear i mír 1. 3. Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos an struchtúr, an t-inneachar agus na socruithe mionsonraithe, lena n-áirítear an fhormáid choiteann agus an múnla coiteann, maidir le fógra a thabhairt faoi na sonraí a shonraítear i mír 1. 4. Tugtar sonraí in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme maidir leis an mbunachar sonraí poiblí ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear i mír 1. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach an bunachar sonraí a chur ar bun agus a bhainistiú. Is iad na Ballstáit, áfach, a bheidh freagrach as a gcuid faisnéise teagmhála náisiúnta féin a ionchur sa bhunachar sonraí seo. Thairis sin, áiritheoidh na Ballstáit cruinneas ionchur na faisnéise teagmhála náisiúnta a éilítear faoi mhír 1. 5. Beidh na Ballstáit freagrach as an bhfaisnéis atá sonraithe i mír 1 a choimeád cothrom le dáta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|