+Airteagal 7 Stádas tosaíochta na dtionscadal ar liosta an Aontais
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 7 8.
|
Airteagal 7 Stádas tosaíochta na dtionscadal ar liosta an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Le glacadh liosta an Aontais, suífear, chun críocha aon chinntí arna n-eisiúint sa phróiseas deonaithe ceadanna, an gá atá le tionscadail ar liosta an Aontais ó thaobh beartas fuinnimh agus aeráide de, gan dochar do shuíomh beacht, do ródú beacht nó do theicneolaíocht bheacht an tionscadail. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le tionscadail iomaíocha ná maidir le tionscadail nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a chur ar fáil dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Chun próiseáil éifeachtúil riaracháin na gcomhad iarratais a bhaineann le tionscadail ar liosta an Aontais a áirithiú, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus na húdaráis uile lena mbaineann go láimhseálfar na comhaid sin ar an mbealach is gasta is féidir i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Gan dochar do na hoibleagáidí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, deonófar an stádas náisiúnta is airde is féidir do thionscadail ar liosta an Aontais, i gcás inarb ann do stádas den sórt sin sa dlí náisiúnta, agus déanfar iad a láimhseáil go hiomchuí sna próisis deonaithe ceadanna agus, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, déanfar iad a láimhseáil i bpleanáil spáis, lena n-áirítear na próisis sin a bhaineann le measúnuithe comhshaoil, ar an mbealach a ndéantar foráil do láimhseáil den sórt sin sa dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcineál comhfhreagrach bonneagair fuinnimh.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Gach nós imeachta réitithe díospóidí, dlíthíocht, achomharc agus leigheas breithiúnach a bhaineann le tionscadail ar liosta an Aontais os comhair aon chúirteanna náisiúnta, aon bhinsí náisiúnta nó aon phainéil náisiúnta, lena n-áirítear idirghabháil nó eadráin, i gcás inarb ann dóibh sa dlí náisiúnta, láimhseálfar iad mar ábhair phráinneacha, i gcás ina bhforáiltear, agus a mhéid a fhoráiltear, do nósanna imeachta práinne den sórt sin sa dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Agus aird chuí á tabhairt acu ar an treoir atá ann cheana, arna heisiúint ag an gCoimisiún, maidir leis na nósanna imeachta measúnaithe comhshaoil le haghaidh tionscadail ar liosta an Aontais a chuíchóiriú, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar cé na bearta reachtacha agus neamhreachtacha is gá chun na nósanna imeachta measúnaithe comhshaoil a chuíchóiriú agus chun a gcur i bhfeidhm comhleanúnach a áirithiú agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe sin.
|
|
Airteagal 7 6.
|
Faoin 24 Márta 2023, glacfaidh na Ballstáit na bearta neamhreachtacha a shainaithin siad faoi mhír 5.
|
|
Airteagal 7 7.
|
Faoin 24 Meitheamh 2023, glacfaidh na Ballstáit na bearta reachtacha a shainaithin siad faoi mhír 5. Ní dochar na bearta reachtacha sin d’oibleagáidí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais.
|
|
Airteagal 7 8.
|
►M3
Maidir leis na tionchair ar an gcomhshaol ar díríodh orthu in Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE, in Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus in Airteagal 4(14) agus (15) agus in Airteagal 5(11) agus (12) de Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
) measfar go bhfuil baint ag na tionscadail sin ar liosta an Aontais le leas an phobail ó thaobh beartas fuinnimh de, agus féadfar a mheas gur ar mhaithe le leas sáraitheach an phobail iad, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad a leagtar amach sna Treoracha sin. ◄
I gcás ina bhfuil gá le tuairim ón gCoimisiún i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE, áiritheoidh an Coimisiún agus an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo go ndéanfar an cinneadh maidir le tionscadal lena mbaineann leas sáraitheach an phobail laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2) den Rialachán seo. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le tionscadail iomaíocha ná maidir le tionscadail nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a chur ar fáil i gcomhréir le Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|