+Airteagal 9 Trédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9 7.
|
Airteagal 9 Trédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Faoin 24 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Ballstát nó an t-údarás inniúil náisiúnta, i gcomhoibriú le húdaráis eile lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme, lámhleabhar nósanna imeachta nuashonraithe a fhoilsiú le haghaidh an phróisis deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail ar liosta an Aontais chun an fhaisnéis a shonraítear i bpointe (1) d’Iarscríbhinn IV ar a laghad a chur san áireamh. Ní bheidh an lámhleabhar ceangailteach ó thaobh an dlí de, ach déanfaidh sé tagairt d’fhorálacha dlíthiúla ábhartha nó iad a lua. I gcás inarb ábhartha, oibreoidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhar le húdaráis tíortha comharsanachta agus aimseoidh siad sineirgí leo d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú agus an próiseas deonaithe ceadanna a éascú, go háirithe chun an lámhleabhar nósanna imeachta a fhorbairt.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Gan dochar do dhlí an chomhshaoil ná d’aon cheanglais faoi Choinbhinsiún Aarhus, faoi Choinbhinsiún Espoo ná faoi dhlí ábhartha an Aontais, cloífidh na páirtithe go léir a bhfuil baint acu leis an bpróiseas deonaithe ceadanna leis na prionsabail maidir le rannpháirtíocht phoiblí a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn VI.
|
|
Airteagal 9 3.
|
Déanfaidh an tionscnóir tionscadail, laistigh de thréimhse ama tháscach 3 mhí ó thús an phróisis deonaithe ceadanna de bhun Airteagal 10(3), coincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta, tríd an bpróiseas a dtugtar achoimre air sa lámhleabhar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leanúint agus i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Iarrfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta modhnuithe nó formheasfaidh sé an coincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí laistigh de 3 mhí tar éis an coincheap a fháil, agus aird chuí á tabhairt aige ar aon chineál rannpháirtíochta poiblí agus comhairliúcháin phoiblí a rinneadh sular cuireadh tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, sa mhéid gur comhlíonadh ceanglais an Airteagail seo le rannpháirtíocht phoiblí den sórt sin agus comhairliúchán poiblí den sórt sin. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an tionscnóir tionscadail athruithe suntasacha a dhéanamh ar choincheap formheasta maidir le rannpháirtíocht phoiblí, cuirfidh sé an t-údarás inniúil náisiúnta ar an eolas faoin méid sin. Sa chás sin, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta modhnuithe a iarraidh.
|
|
Airteagal 9 4.
|
I gcás nach gceanglaítear é cheana faoin dlí náisiúnta ag na caighdeáin chéanna nó ag caighdeáin níos airde, déanfaidh an tionscnóir tionscadail nó, i gcás ina gceanglaítear sin leis an dlí náisiúnta, an t-údarás inniúil náisiúnta comhairliúchán poiblí amháin ar a laghad, sula gcuirfidh an tionscnóir tionscadail an comhad iarratais críochnaitheach agus iomlán faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta de bhun Airteagal 10(7). Ní dochar an comhairliúchán poiblí sin d’aon chomhairliúchán poiblí a dhéanfar tar éis iarraidh ar thoiliú le haghaidh na forbartha a thíolacadh de bhun Airteagal 6(2) de Threoir 2011/92/AE. Leis an gcomhairliúchán poiblí, cuirfear na geallsealbhóirí dá dtagraítear i bpointe (3)(a) d’Iarscríbhinn VI ar an eolas faoin tionscadal ag céim luath agus cuideofar leis an suíomh, an treo nó an teicneolaíocht is oiriúnaí a shainaithint, i gcás inarb ábhartha, i bhfianaise breithnithe leordhóthanacha maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide le haghaidh an tionscadail, leis na tionchair uile atá ábhartha faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta a shainaithint, agus leis na saincheisteanna ábhartha a shainaithint a dtabharfar aghaidh orthu sa chomhad iarratais. Leis an gcomhairliúchán poiblí, comhlíonfar na híoscheanglais a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn VI. Gan dochar do na rialacha nós imeachta agus na rialacha trédhearcachta sna Ballstáit, foilseoidh an tionscnóir tionscadail tuarascáil ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo ina míneofar conas a cuireadh na tuairimí a nochtadh sna comhairliúcháin phoiblí san áireamh trí léiriú a thabhairt ar na leasuithe a rinneadh ar shuíomh, treo agus dearadh an tionscadail, nó trí na cúiseanna a thabhairt nár cuireadh tuairimí den sórt sin san áireamh. Ullmhóidh an tionscnóir tionscadail tuarascáil ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na ngníomhaíochtaí a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail roimh thíolacadh an chomhaid iarratais, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a rinneadh sular cuireadh tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna. Déanfaidh an tionscnóir tionscadail na tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír in éineacht leis an gcomhad iarratais a chur faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta. Tabharfar aird chuí ar thorthaí na dtuarascálacha sin sa chinneadh cuimsitheach.
|
|
Airteagal 9 5.
|
I gcás tionscadail trasteorann lena bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó, cuirfear na comhairliúcháin phoiblí arna ndéanamh de bhun mhír 4 i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann ar siúl laistigh de thréimhse nach faide ná 2 mhí ón dáta a thosaigh an chéad chomhairliúchán poiblí.
|
|
Airteagal 9 6.
|
Maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh tionchar suntasach trasteorann acu i mBallstát comharsanachta amháin nó níos mó, a bhfuil feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE agus ag Coinbhinsiún Espoo maidir leo, cuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát comharsanachta lena mbaineann. Sa phróiseas chun fógra a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát comharsanachta lena mbaineann in iúl an mian leo, nó an mian le haon údarás eile lena mbaineann, páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta ábhartha comhairliúcháin phoiblí.
|
|
Airteagal 9 7.
|
Déanfaidh an tionscnóir tionscadail suíomh gréasáin tiomnaithe a bhunú agus a nuashonrú go tráthrialta ar a mbeidh faisnéis iomchuí faoin tionscadal leasa choitinn, ar suíomh gréasáin é a bheidh nasctha le suíomh gréasáin an Choimisiúin agus leis an ardán trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus a chomhlíonfaidh na ceanglais a shonraítear i bpointe (6) d’Iarscríbhinn VI. Coinneofar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún. Chomh maith leis sin, foilseoidh tionscnóirí tionscadail faisnéis ábhartha trí mheáin faisnéise iomchuí eile a mbeidh teacht ag an bpobal orthu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|