+Airteagal 9 4.
|
Airteagal 9 4.
I gcás nach gceanglaítear é cheana faoin dlí náisiúnta ag na caighdeáin chéanna nó ag caighdeáin níos airde, déanfaidh an tionscnóir tionscadail nó, i gcás ina gceanglaítear sin leis an dlí náisiúnta, an t-údarás inniúil náisiúnta comhairliúchán poiblí amháin ar a laghad, sula gcuirfidh an tionscnóir tionscadail an comhad iarratais críochnaitheach agus iomlán faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta de bhun Airteagal 10(7). Ní dochar an comhairliúchán poiblí sin d’aon chomhairliúchán poiblí a dhéanfar tar éis iarraidh ar thoiliú le haghaidh na forbartha a thíolacadh de bhun Airteagal 6(2) de Threoir 2011/92/AE. Leis an gcomhairliúchán poiblí, cuirfear na geallsealbhóirí dá dtagraítear i bpointe (3)(a) d’Iarscríbhinn VI ar an eolas faoin tionscadal ag céim luath agus cuideofar leis an suíomh, an treo nó an teicneolaíocht is oiriúnaí a shainaithint, i gcás inarb ábhartha, i bhfianaise breithnithe leordhóthanacha maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide le haghaidh an tionscadail, leis na tionchair uile atá ábhartha faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta a shainaithint, agus leis na saincheisteanna ábhartha a shainaithint a dtabharfar aghaidh orthu sa chomhad iarratais. Leis an gcomhairliúchán poiblí, comhlíonfar na híoscheanglais a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn VI. Gan dochar do na rialacha nós imeachta agus na rialacha trédhearcachta sna Ballstáit, foilseoidh an tionscnóir tionscadail tuarascáil ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo ina míneofar conas a cuireadh na tuairimí a nochtadh sna comhairliúcháin phoiblí san áireamh trí léiriú a thabhairt ar na leasuithe a rinneadh ar shuíomh, treo agus dearadh an tionscadail, nó trí na cúiseanna a thabhairt nár cuireadh tuairimí den sórt sin san áireamh. Ullmhóidh an tionscnóir tionscadail tuarascáil ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na ngníomhaíochtaí a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail roimh thíolacadh an chomhaid iarratais, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a rinneadh sular cuireadh tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna. Déanfaidh an tionscnóir tionscadail na tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír in éineacht leis an gcomhad iarratais a chur faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta. Tabharfar aird chuí ar thorthaí na dtuarascálacha sin sa chinneadh cuimsitheach.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|