+Airteagal 10 Fad tréimhse agus cur chun feidhme an phróisis deonaithe ceadanna
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.
---+Airteagal 10 8.
---+Airteagal 10 9.
|
Airteagal 10 Fad tréimhse agus cur chun feidhme an phróisis deonaithe ceadanna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Beidh dhá nós imeachta i gceist leis an bpróiseas deonaithe ceadanna:
(a)
an nós imeachta réamhiarratais, lena gcumhdaítear an tréimhse idir tús an phróisis deonaithe ceadanna agus an tráth a ghlacfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta leis an gcomhad iarratais arna thíolacadh, ar nós imeachta é a sheolfar laistigh de thréimhse ama tháscach de 24 mhí; agus
(b)
an nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna, lena gcumhdaítear an tréimhse idir an dáta a ghlactar leis an gcomhad iarratais arna thíolacadh go dtí an tráth a dhéanfar an cinneadh cuimsitheach, nach rachaidh thar 18 mí.
Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna atá níos giorra ná 18 mí.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta nach rachaidh comhfhad an dá nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 thar thréimhse 42 mhí. Mar sin féin, i gcás ina measann an t-údarás inniúil náisiúnta nach mbeidh ceann amháin de na nósanna imeachta nó an dá cheann acu curtha i gcrích laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 1, féadfaidh sé síneadh a chur le ceann amháin de na teorainneacha ama sin nó leis an dá cheann acu sula rachaidh siad in éag agus de réir an cháis. Ní chuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta síneadh nach faide ná 9 mí le comhfhad an dá nós imeachta seachas in imthosca eisceachtúla. I gcás ina gcuireann an t-údaráis inniúil náisiúnta síneadh leis na teorainneacha ama, cuirfidh sé an Grúpa lena mbaineann ar an eolas agus cuirfidh sé in iúl dó na bearta a rinneadh nó atá le déanamh chun an próiseas deonaithe ceadanna a chur i gcrích, sa tréimhse ama is giorra is féidir. Féadfaidh an Grúpa a iarraidh go dtuairisceodh an t-údarás inniúil náisiúnta go tráthrialta ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis sin agus ar na cúiseanna a bhí le haon mhoill.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Chun tús an phróisis deonaithe ceadanna a bhunú, tabharfaidh na tionscnóirí tionscadail fógra i scríbhinn d’údarás inniúil náisiúnta gach Ballstáit lena mbaineann agus áireoidh siad achoimre réasúnta mionsonraithe ar an tionscadal leis. Laistigh de 3 mhí tar éis an fógra a fháil, admhóidh an t-údarás inniúil náisiúnta an fógra nó, má mheasann sé nach bhfuil an tionscadal sách aibí le dul isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna, diúltóidh sé don fhógra i scríbhinn, lena n-áirítear thar ceann na n-údarás eile lena mbaineann. I gcás ina ndiúltaítear don fhógra, tabharfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta na cúiseanna lena chinneadh, lena n-áirítear thar ceann údaráis eile lena mbaineann. Is é an dáta a shíneoidh an t-údarás inniúil náisiúnta admháil an fhógra a mharcálfaidh tús an phróisis deonaithe ceadanna. I gcás ina bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó, is é an dáta a ghlacann an t-údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann leis an bhfógra deiridh a mharcálfaidh tús an phróisis deonaithe ceadanna. Áiritheoidh na húdaráis inniúla náisiúnta go gcuirfear dlús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir leis an gCaibidil seo i gcás gach catagóire tionscadal leasa choitinn. Chuige sin, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta a riachtanais a oiriúnú le haghaidh thús an phróisis deonaithe ceadanna agus le haghaidh ghlacadh an chomhaid iarratais arna thíolacadh, chun iad a dhéanamh oiriúnach le haghaidh tionscadail a bhféadfadh sé go dteastódh uathu, de bharr a gcineáil nó a dtoise nó de bharr nach gá aon mheasúnú comhshaoil a dhéanamh orthu faoin dlí náisiúnta, níos lú údaruithe agus formheasanna chun an chéim “réidh le tógáil” a bhaint amach. Féadfaidh Ballstáit a chinneadh nach mbeidh gá leis an nós imeachta réamhiarratais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 6 den Airteagal seo le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear san fhomhír seo.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta san áireamh sa phróiseas deonaithe ceadanna aon staidéir bhailí a rinneadh agus aon cheadanna nó údaruithe a eisíodh le haghaidh tionscadal ar leith ar liosta an Aontais sular tháinig an tionscadal isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus ní éileoidh siad staidéir dhúbailte, ceadanna dúbailte nó údaruithe dúbailte.
|
|
Airteagal 10 5.
|
I mBallstáit nach féidir an cinneadh i dtaobh bealaigh nó suímh, arna dhéanamh chun críche sonraí tionscadail phleanáilte agus chun na críche sonraí sin amháin, lena n-áirítear conairí sonracha do bhonneagair eangaí a phleanáil, a chur san áireamh sa phróiseas sula ndéantar an cinneadh cuimsitheach, déanfar an cinneadh comhfhreagrach laistigh de thréimhse leithleach 6 mhí a thosaíonn an dáta ar a dtíolacann an tionscnóir na doiciméid iarratais chríochnaitheacha agus iomlána. Sna himthosca a thuairiscítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar an síneadh dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, a laghdú go 6 mhí, seachas in imthosca eisceachtúla, lena n-áirítear i gcás an nós imeachta dá dtagraítear sa mhír seo.
|
|
Airteagal 10 6.
|
Cuimseofar na céimeanna seo a leanas sa nós imeachta réamhiarratais:
(a)
a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre de mhír 3, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta, ar bhonn an tseicliosta dá dtagraítear i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn VI, agus i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile lena mbaineann, agus i gcás inarb iomchuí ar bhonn togra ón tionscnóir tionscadail, raon feidhme na dtuarascálacha agus na ndoiciméad agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le tíolacadh ag an tionscnóir tionscadail a chinneadh, mar chuid den chomhad iarratais, chun iarratas a dhéanamh ar an gcinneadh cuimsitheach;
(b)
déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le húdaráis eile lena mbaineann agus torthaí na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi phointe (a) den mhír seo á gcur san áireamh, i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn VI;
(c)
ar an dréachtchomhad iarratais a fháil, iarrfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta, i gcás inar gá, ar a shon féin nó ar son údaráis eile lena mbaineann, ar an tionscnóir tionscadail faisnéis a thíolacadh atá ar iarraidh agus a bhaineann leis na heilimintí a iarradh dá dtagraítear i bpointe (a).
Áireofar sa nós imeachta réamhiarratais ullmhúchán aon tuarascálacha comhshaoil a dhéanann na tionscnóirí tionscadail, de réir mar is gá, lena n-áirítear an doiciméadacht maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide. Laistigh de 3 mhí ón bhfaiséis atá ar iarraidh dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a thíolacadh, glacfaidh an t-údarás inniúil, i scríbhinn nó ar ardáin dhigiteacha, leis an iarratas lena scrúdú, lena gcuirfear tús leis an nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Ní fhéadfar iarrataí ar fhaisnéis bhreise a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtugann imthosca nua údar cuí leo.
|
|
Airteagal 10 7.
|
Áiritheoidh an tionscnóir tionscadail go bhfuil an comhad iarratais iomlán agus leordhóthanach agus iarrfaidh an tionscnóir tionscadail tuairim an údaráis inniúil náisiúnta maidir leis an ábhar sin a luaithe is féidir le linn an phróisis deonaithe ceadanna. Oibreoidh an tionscnóir tionscadail go hiomlán i gcomhar leis an údarás inniúil náisiúnta chun na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 10 8.
|
Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú nach mbeidh mar thoradh ar aon leasuithe ar an dlí náisiúnta go gcuirfear síneadh le haon phróiseas deonaithe ceadanna ar cuireadh tús leis roimh theacht i bhfeidhm na leasuithe sin. D’fhonn próiseas deonaithe ceadanna brostaithe a chothabháil le haghaidh tionscadail ar liosta an Aontais, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta oiriúnú leordhóthanach ar an sceideal arna bhunú i gcomhréir le mír 6, pointe (b), den Airteagal seo chun a áirithiú, a mhéid is féidir, nach sárófar na teorainneacha ama don phróiseas deonaithe ceadanna a leagtar amach san Airteagal seo.
|
|
Airteagal 10 9.
|
Ní dochar na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta, agus ní dochar iad do nósanna imeachta achomhairc riaracháin ná leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse. Na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’aon cheann de na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, ní dochar iad d’aon teorainneacha ama níos giorra arna leagan síos ag na Ballstáit.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|