|
+Airteagal 10 6. |
Airteagal 10 6.Cuimseofar na céimeanna seo a leanas sa nós imeachta réamhiarratais:
(a)
a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an fógra a fháil de bhun na chéad fhomhíre de mhír 3, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta, ar bhonn an tseicliosta dá dtagraítear i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn VI, agus i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile lena mbaineann, agus i gcás inarb iomchuí ar bhonn togra ón tionscnóir tionscadail, raon feidhme na dtuarascálacha agus na ndoiciméad agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le tíolacadh ag an tionscnóir tionscadail a chinneadh, mar chuid den chomhad iarratais, chun iarratas a dhéanamh ar an gcinneadh cuimsitheach;
(b)
déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le húdaráis eile lena mbaineann agus torthaí na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi phointe (a) den mhír seo á gcur san áireamh, i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn VI;
(c)
ar an dréachtchomhad iarratais a fháil, iarrfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta, i gcás inar gá, ar a shon féin nó ar son údaráis eile lena mbaineann, ar an tionscnóir tionscadail faisnéis a thíolacadh atá ar iarraidh agus a bhaineann leis na heilimintí a iarradh dá dtagraítear i bpointe (a). Áireofar sa nós imeachta réamhiarratais ullmhúchán aon tuarascálacha comhshaoil a dhéanann na tionscnóirí tionscadail, de réir mar is gá, lena n-áirítear an doiciméadacht maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide. Laistigh de 3 mhí ón bhfaiséis atá ar iarraidh dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a thíolacadh, glacfaidh an t-údarás inniúil, i scríbhinn nó ar ardáin dhigiteacha, leis an iarratas lena scrúdú, lena gcuirfear tús leis an nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Ní fhéadfar iarrataí ar fhaisnéis bhreise a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtugann imthosca nua údar cuí leo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|