+Airteagal 11 1.

Airteagal 11 1.

Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine (ENNOH) dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) dréacht-mhodheolaíochtaí comhsheasmhacha aon earnála a dhréachtú, lena n-áirítear an gréasán fuinnimh agus an tsamhail mhargaidh dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, i gcomhair anailís chomhchuibhithe costais is tairbhe uile-chórais ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais le haghaidh tionscadal ar liosta an Aontais a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (d) agus (f) agus i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Déanfar na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a tharraingt suas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn V, beidh siad bunaithe ar thoimhdí coiteanna lena bhféadfar tionscadail a chur i gcomparáid, agus beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, chomh maith leis na rialacha agus na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Cuirfear na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i bhfeidhm maidir le hullmhú gach plean 10 mbliana uile-Aontais maidir le forbairt gréasáin ina dhiaidh sin arna fhorbairt ag ENTSO don Leictreachas de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/943 nó ag ENNOH de bhun Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2024/1789.

Faoin 24 Aibreán 2023, foilseoidh ENTSO don Leictreachas a dhréacht-mhodheolaíocht chomhsheasmhach earnála aonair agus cuirfidh sé faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta í, tar éis dó ionchur a bhailiú ó na geallsealbhóirí ábhartha le linn an phróisis comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Aon mhodheolaíocht le haghaidh anailís costais is tairbhe uile-chórais ar hidrigin arna forbairt ag ENTSO don Ghás faoin 1 Meán Fómhair 2024, déanfar í a fhormheas i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar síos san Airteagal seo. Faoin 1 Nollaig 2025, foilseoidh ENNOH a dhréacht-mhodheolaíocht chomhsheasmhach earnála aonair agus cuirfidh sé faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta í, tar éis dó ionchur a bhailiú ó na geallsealbhóirí ábhartha le linn an phróisis comhairliúcháin de bhun Airteagal 61(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1789.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.