+Airteagal 11 Anailís costais is tairbhe uile-chórais ar fhuinneamh
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.
---+Airteagal 11 9.
---+Airteagal 11 10.
---+Airteagal 11 11.
---+Airteagal 11 12.
---+Airteagal 11 13.
---+Airteagal 11 14.
|
Airteagal 11 Anailís costais is tairbhe uile-chórais ar fhuinneamh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine (ENNOH) dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
) dréacht-mhodheolaíochtaí comhsheasmhacha aon earnála a dhréachtú, lena n-áirítear an gréasán fuinnimh agus an tsamhail mhargaidh dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, i gcomhair anailís chomhchuibhithe costais is tairbhe uile-chórais ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais le haghaidh tionscadal ar liosta an Aontais a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (d) agus (f) agus i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Déanfar na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a tharraingt suas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn V, beidh siad bunaithe ar thoimhdí coiteanna lena bhféadfar tionscadail a chur i gcomparáid, agus beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, chomh maith leis na rialacha agus na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Cuirfear na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i bhfeidhm maidir le hullmhú gach plean 10 mbliana uile-Aontais maidir le forbairt gréasáin ina dhiaidh sin arna fhorbairt ag ENTSO don Leictreachas de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/943 nó ag ENNOH de bhun Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2024/1789. Faoin 24 Aibreán 2023, foilseoidh ENTSO don Leictreachas a dhréacht-mhodheolaíocht chomhsheasmhach earnála aonair agus cuirfidh sé faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta í, tar éis dó ionchur a bhailiú ó na geallsealbhóirí ábhartha le linn an phróisis comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Aon mhodheolaíocht le haghaidh anailís costais is tairbhe uile-chórais ar hidrigin arna forbairt ag ENTSO don Ghás faoin 1 Meán Fómhair 2024, déanfar í a fhormheas i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar síos san Airteagal seo. Faoin 1 Nollaig 2025, foilseoidh ENNOH a dhréacht-mhodheolaíocht chomhsheasmhach earnála aonair agus cuirfidh sé faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta í, tar éis dó ionchur a bhailiú ó na geallsealbhóirí ábhartha le linn an phróisis comhairliúcháin de bhun Airteagal 61(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1789.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Sula gcuirfidh siad a gcuid dréacht-mhodheolaíochtaí faoi seach faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta i gcomhréir le mír 1, foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH réamh-dhréacht-mhodheolaíochtaí agus seolfaidh siad próiseas forleathan comhairliúcháin agus lorgóidh siad moltaí ó na Ballstáit agus, ar a laghad, ó na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear an t-eintiteas Eorpach d’oibreoirí córais dáileacháin arna bhunú de bhun Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) 2019/943 (“eintiteas AE do OCDanna”), comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, ionadaithe na sochaí sibhialta agus, i gcás ina meastar é a bheith iomchuí, na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile. Laistigh de 3 mhí ó fhoilsiú na réamh-dhréacht-mhodheolaíochtaí tosaigh faoin gcéad fhomhír, féadfaidh aon gheallsealbhóir dá dtagraítear san fhomhír sin moladh a thíolacadh. Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a bunaíodh faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
), ar a thionscnamh féin, tuairim a thíolacadh maidir leis na dréacht-mhodheolaíochtaí. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na Ballstáit, agus geallsealbhóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a moltaí a thíolacadh agus a chur ar fáil go poiblí agus déanfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a thuairim a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus a chur ar fáil go poiblí agus, de réir mar is infheidhme, a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas nó ENNOH. Beidh an próiseas comhairliúcháin oscailte, tráthúil agus trédhearcach. Ullmhóidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH tuarascáil maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí í. I gcás nach ndearna ENTSO don Leictreachas agus ENNOH na moltaí ó na Ballstáit nó ó na geallsealbhóirí, agus na moltaí ó na húdaráis náisiúnta, nó an tuairim ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, a chur san áireamh, nó nár chuir siad san áireamh ach go páirteach iad, tabharfaidh siad na cúiseanna leis.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Laistigh de 3 mhí tar éis na dréacht-mhodheolaíochtaí a fháil in éineacht leis an ionchur a fuarthas sa phróiseas comhairliúcháin agus sa tuarascáil maidir leis an gcomhairliúchán, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairim ar fáil do ENTSO don Leictreachas agus do ENNOH. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra faoina tuairim do ENTSO don Leictreachas, do ENNOH, do na Ballstáit, agus don Choimisiún agus foilseoidh sí ar a suíomh gréasáin í.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Laistigh de 3 mhí tar éis na dréacht-mhodheolaíochtaí a fháil, féadfaidh na Ballstáit a dtuairimí a thabhairt do ENTSO don Leictreachas agus do ENNOH agus don Choimisiún. Chun comhairliúchán a éascú, féadfaidh an Coimisiún cruinnithe sonracha de na Grúpaí a eagrú chun na dréacht-mhodheolaíochtaí a phlé.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Laistigh de 3 mhí tar éis na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a fháil, leasóidh ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás a modheolaíochtaí faoi seach chun na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit a chur san áireamh go hiomlán agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin iad, in éineacht leis an tuairim ón nGníomhaireacht, lena bhformheas. Eiseoidh an Coimisiún a chinneadh laistigh de 3 mhí ón uair a dhéanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH, faoi seach, na modheolaíochtaí a thíolacadh.
|
|
Airteagal 11 6.
|
Laistigh de 2 sheachtain tar éis an fhormheasa ón gCoimisiún i gcomhréir le mír 5, foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH a gcuid modheolaíochtaí faoi seach ar a suíomhanna gréasáin. I bhfoirm ata cruinn go leor faoi réir srianta faoin dlí náisiúnta agus faoi réir comhaontuithe rúndachta ábhartha foilseoidh siad na sonraí ionchuir comhfhreagracha agus sonraí ábhartha eile maidir leis an ngréasán, maidir le lód na sreibhe, agus maidir leis an margadh, a fhoilsiú. Áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht go ndéanfar na sonraí a gheobhaidh siadsan, agus a gheobhaidh aon pháirtí a dhéanfaidh obair anailíse ar bhonn na sonraí sin thar a gceann, a láimhseáil go rúnda.
|
|
Airteagal 11 7.
|
Déanfar na modheolaíochtaí a nuashonrú agus a fheabhsú go tráthrialta, de réir an nóis imeachta a thuairiscítear i míreanna 1 go 6. Go háirithe, leasófar iad tar éis an gréasán fuinnimh agus an tsamhail mhargaidh dá dtagraítear i mír 10 a thíolacadh. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ó na geallsealbhóirí, agus tar éis di dul i gcomhairle go foirmiúil leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha uile dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, agus leis an gCoimisiún, féadfaidh sí na nuashonruithe agus feabhsúcháin den sórt sin a iarraidh, agus cúiseanna leis sin agus tráthchlár á dtabhairt. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na hiarrataí arna ndéanamh ag na húdaráis rialála náisiúnta nó na geallsealbhóirí agus na doiciméid ábhartha go léir nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de as a dtiocfaidh iarraidh ón nGníomhaireacht ar nuashonrú nó ar fheabhsúchán.
|
|
Airteagal 11 8.
|
I gcás tionscadail a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(c) agus (e) agus i bpointí (2), (4) agus (5) d’Iarscríbhinn II, áiritheoidh an Coimisiún go bhforbrófar modheolaíochtaí le haghaidh anailís chomhchuibhithe uile-chórais chostais is tairbhe ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais. Beidh na modheolaíochtaí sin comhoiriúnach, ó thaobh tairbhí agus costas de, leis na modheolaíochtaí arna bhforbairt ag ENTSO don Leictreachas agus ag ENNOH. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, le tacaíocht ó na húdaráis rialála náisiúnta, comhsheasmhacht na modheolaíochtaí sin leis na modheolaíochtaí arna bhforbairt ag ENTSO don Leictreachas agus ENNOH a chur chun cinn. Forbrófar na modheolaíochtaí ar bhealach trédhearcach, lena n-áirítear trí dhul i gcomhairle go forleathan leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.
|
|
Airteagal 11 9.
|
Gach 3 bliana, bunóidh agus foilseoidh an Ghníomhaireacht sraith táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha chun costais infheistíochta aonaid a chur i gcomparáid le haghaidh thionscadail inchomparáide na gcatagóirí bonneagair fuinnimh a áirítear in Iarscríbhinn II. Déanfaidh na tionscnóirí tionscadail na sonraí arna n-iarraidh a sholáthar do na húdaráis rialála náisiúnta agus don Ghníomhaireacht. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na chéad táscairí le haghaidh na gcatagóirí bonneagair a leagtar amach i bpointí (1), (2) agus (3) d’Iarscríbhinn II, faoin 24 Aibreán 2023, sa mhéid go mbeidh sonraí ar fáil chun táscairí stóinsithe agus luachanna tagartha stóinsithe a ríomh. Féadfaidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH na luachanna tagartha sin a úsáid i gcomhair na n-anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh le haghaidh pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais iardain. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na chéad táscairí le haghaidh na gcatagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointí (4) agus (5) d’Iarscríbhinn II, faoin 24 Aibreán 2025.
|
|
Airteagal 11 10.
|
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025, tar éis próiseas forleathan comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí sin dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH samhail chomhsheasmhach, arna comhtháthú de réir a chéile, a fhágfaidh comhsheasmhacht a bheith ann idir modheolaíochtaí earnála aonair ar bhonn toimhdí coiteanna lena n-áirítear bonneagar tarchurtha leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine chomh maith le saoráidí stórála gáis nádúrtha, gás nádúrtha leachtaithe agus leictrealóirí, lena gcumhdófar na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I arna dtarraingt suas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn V, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta go comhpháirteach.
|
|
Airteagal 11 11.
|
Leis an tsamhail dá dtagraítear i mír 10, cumhdófar, ar a laghad, na hidirnaisc idir na hearnálacha ábhartha ag gach céim den phleanáil bonneagair, go sonrach cásanna, teicneolaíochtaí agus réiteach spásúil, sainaithint bearnaí sa bhonneagar go háirithe maidir le hacmhainn thrasteorann, agus measúnú tionscadal.
|
|
Airteagal 11 12.
|
Tar éis don Choimisiún an tsamhail dá dtagraítear i mír 10 a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 1 go 5, áireofar í sna modheolaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, a leasófar dá réir.
|
|
Airteagal 11 13.
|
Gach 5 bliana ar a laghad, ag tosú ó fhormheas na samhla i gcomhréir le mír 10, agus níos minice i gcás inar gá, déanfar an tsamhail agus na modheolaíochtaí costais is tairbhe earnála aonair comhsheasmhacha a nuashonrú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 7.
|
|
Airteagal 11 14.
|
Go dtí an 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag an Airteagal seo faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|