+Airteagal 11 2.

Airteagal 11 2.

Sula gcuirfidh siad a gcuid dréacht-mhodheolaíochtaí faoi seach faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta i gcomhréir le mír 1, foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH réamh-dhréacht-mhodheolaíochtaí agus seolfaidh siad próiseas forleathan comhairliúcháin agus lorgóidh siad moltaí ó na Ballstáit agus, ar a laghad, ó na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear an t-eintiteas Eorpach d’oibreoirí córais dáileacháin arna bhunú de bhun Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) 2019/943 (“eintiteas AE do OCDanna”), comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, ionadaithe na sochaí sibhialta agus, i gcás ina meastar é a bheith iomchuí, na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile.

Laistigh de 3 mhí ó fhoilsiú na réamh-dhréacht-mhodheolaíochtaí tosaigh faoin gcéad fhomhír, féadfaidh aon gheallsealbhóir dá dtagraítear san fhomhír sin moladh a thíolacadh.

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a bunaíodh faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), ar a thionscnamh féin, tuairim a thíolacadh maidir leis na dréacht-mhodheolaíochtaí.

I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na Ballstáit, agus geallsealbhóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a moltaí a thíolacadh agus a chur ar fáil go poiblí agus déanfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a thuairim a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus a chur ar fáil go poiblí agus, de réir mar is infheidhme, a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas nó ENNOH.

Beidh an próiseas comhairliúcháin oscailte, tráthúil agus trédhearcach. Ullmhóidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH tuarascáil maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí í.

I gcás nach ndearna ENTSO don Leictreachas agus ENNOH na moltaí ó na Ballstáit nó ó na geallsealbhóirí, agus na moltaí ó na húdaráis náisiúnta, nó an tuairim ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, a chur san áireamh, nó nár chuir siad san áireamh ach go páirteach iad, tabharfaidh siad na cúiseanna leis.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.