|
+Airteagal 16 6. |
Airteagal 16 6.Costais iarbhír arna dtabhú ag OCT nó ag tionscnóir tionscadail eile i ngeall ar infheistíochtaí, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, ar bhonn an leithdháilte costas trasteorann dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, na costais sin a chur san áireamh agus taraifí á socrú nó á bhformheas acu i gcomhréir le hAirteagal 41(1), pointe (a), de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 59(1), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/944, a mhéid go bhfreagraíonn na costais sin do chostais oibreora atá éifeachtúil agus atá inchomparáide ó thaobh struchtúir de. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha fógra don Ghníomhaireacht. gan mhoill. faoin gcinneadh maidir le leithdháileadh costas, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha go léir i dtaca leis an gcinneadh sin. Go háirithe, leagfar amach sa chinneadh maidir le leithdháileadh costas cúiseanna mionsonraithe maidir le leithdháileadh costas i measc na mBallstát, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
(a)
meastóireacht ar an tionchar sainaitheanta ar gach ceann de na Ballstáit lena mbaineann, lena n-áirítear iadsan a bhaineann le taraifí gréasáin;
(b)
meastóireacht ar an bplean gnó dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointe (b);
(c)
seachtrachtaí dearfacha réigiúnacha nó uile-Aontais, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht, a ghinfeadh an tionscadal;
(d)
toradh an chomhairliúcháin leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann. Foilseofar an cinneadh maidir le leithdháileadh costas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|