+Airteagal 16 Infheistíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann acu a chumasú
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16 7.
---+Airteagal 16 8.
---+Airteagal 16 9.
---+Airteagal 16 10.
---+Airteagal 16 11.
---+Airteagal 16 12.

Airteagal 16 Infheistíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann acu a chumasú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Na costais infheistíochta arna dtabhú go héifeachtúil, nach bhfuil costais chothabhála san áireamh iontu, a bhaineann le tionscadal leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II agus tionscadail leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, i gcás ina dtagann siad faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta i ngach Ballstát lena mbaineann, ní mór don OCT ábhartha nó do thionscnóirí tionscadail an bhonneagair tarchurtha sna Ballstáit ina bhfuil glantionchar dearfach ag an tionscadal na costais sin a íoc, agus, sa mhéid nach gcumhdaítear le cíosanna ó phlódú ná le muirir eile, íocfaidh úsáideoirí gréasáin astu trí tharaifí a ghearrfar as rochtain ar an ngréasán sa Bhallstát sin nó sna Ballstáit sin.
Airteagal 16 2.
Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le tionscadal leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (c), (d), (f) agus pointe (3) d’Iarscríbhinn II, i gcás ina n-iarrann tionscnóir tionscadail amháin ar a laghad ar na húdaráis náisiúnta ábhartha iad a chur i bhfeidhm le haghaidh chostais an tionscadail.

Féadfaidh tionscadail a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(e) agus i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II tairbhiú d’fhorálacha an Airteagail seo i gcás ina n-iarrann tionscnóir tionscadail amháin ar a laghad ar na húdaráis náisiúnta ábhartha é a chur i bhfeidhm.

I gcás ina mbeidh roinnt tionscnóirí tionscadail ag tionscadal, iarrfaidh na húdaráis rialála náisiúnta gan mhoill ar na tionscnóirí tionscadail uile an iarraidh ar infheistíocht a thíolacadh go comhpháirteach i gcomhréir le mír 4.

Airteagal 16 3.
I gcás tionscadal leasa choitinn a bhfuil feidhm ag mír 1 maidir leis, coinneoidh na tionscnóirí tionscadail gach údarás rialála náisiúnta ábhartha ar an eolas go tráthrialta, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, agus go dtí go gcoimisiúnófar an tionscadal, maidir le dul chun cinn an tionscadail agus maidir le sainaithint na gcostas agus an tionchair a bhaineann leis.
Airteagal 16 4.

A luaithe a bheidh tionscadal leasa choitinn den sórt sin tar éis aibíocht leordhóthanach a bhaint amach, agus a mheasfar é a bheith réidh le tús a chur leis an gcéim thógála laistigh de na chéad 36 mhí eile, déanfaidh na tionscnóirí tionscadail, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na OCTanna ó na Ballstáit a fhaigheann glantionchar dearfach suntasach uaidh, iarraidh ar infheistíocht a thíolacadh. Cuirfear san áireamh san iarraidh sin ar infheistíocht iarraidh ar leithdháileadh trasteorann costas agus cuirfear faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta ábhartha go léir lena mbaineann í, mar aon leis an méid seo a leanas ar fad:

(a) 

anailís chostais is tairbhe thionscadalsonrach atá cothrom le dáta agus comhsheasmhach leis an modheolaíocht arna tarraingt suas de bhun Airteagal 11 agus aird á tabhairt ar thairbhí lasmuigh de theorainneacha na mBallstát a bhfuil an tionscadal lonnaithe ina gcríoch trí na cásanna comhpháirteacha arna mbunú chun forbairt gréasáin a phleanáil dá dtagraítear in Airteagal 12, ar a laghad, a bhreithniú. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, beidh siad sin comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus beidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus atá ag an bpróiseas dá bhforáiltear in Airteagal 12. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as aon chásanna breise a mheasúnú agus as a áirithiú go gcomhlíonann siad an mhír seo;

(b) 

plean gnó ina ndéantar meastóireacht ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail, lena n-áirítear an réiteach maoinithe a roghnaíodh agus, i gcás tionscadal leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, torthaí na tástála margaidh;

(c) 

i gcás ina bhfuil tionscnóirí tionscadail ar aon intinn faoi, togra réasúnaithe le haghaidh leithdháileadh costas trasteorann.

I gcás ina bhfuil tionscadal á chur chun cinn ag roinnt tionscnóirí tionscadail, tíolacfaidh siad a n-iarraidh ar infheistíocht go comhpháirteach.

Tar éis dóibh í a fháil, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha cóip de gach iarraidh ar infheistíocht a tharchur chuig an nGníomhaireacht, gan mhoill, chun críoch faisnéise.

Coinneoidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.

Airteagal 16 5.
Laistigh de 6 mhí ón dáta a fhaigheann an ceann deireanach de na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha an iarraidh ar infheistíocht, déanfaidh na húdaráis sin cinntí comhpháirteacha comhordaithe, tar éis dul i gcomhairle leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann, maidir le leithdháileadh na gcostas infheistíochta arna dtabhú go héifeachtúil agus atá le híoc ag gach oibreoir córais le haghaidh an tionscadail, agus maidir leis na costais sin a áireamh sna taraifí, nó maidir le diúltú don iarraidh ar infheistíocht, go hiomlán nó go páirteach, má chinntear san anailís choiteann a dhéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha nach n-éiríonn leis an tionscadal nó le cuid de glantairbhe shuntasach a sholáthar in aon cheann de Bhallstáit na n-údarás rialála náisiúnta ábhartha. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta na costais infheistíochta ábhartha arna dtabhú go héifeachtúil a áireamh i dtaraifí, mar a shainmhínítear sa mholadh dá dtagraítear i mír 11, i gcomhréir le leithdháileadh na gcostas atá le híoc ag gach oibreoir córais le haghaidh an tionscadail. Maidir le tionscadail atá ar chríocha a mBallstát faoi seach, measfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, ina dhiaidh sin, i gcás inarb iomchuí, an bhféadfadh aon saincheisteanna inacmhainneachta teacht chun cinn mar gheall ar na costais infheistíochta a bheith san áireamh i dtaraifí.

Agus na costais á leithdháileadh acu, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha aird:

(a) 

ar na cíosanna ó phlódú nó ar na muirir eile iarbhír nó mheasta,

(b) 

ar na hioncaim iarbhír nó mheasta a eascraíonn as an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha arna bhunú faoi Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/943.

Le leithdháileadh na gcostas thar theorainneacha, cuirfear san áireamh costais agus tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na dtionscadal sna Ballstáit lena mbaineann agus an gá le creat maoinithe cobhsaí a áirithiú le haghaidh fhorbairt na dtionscadal leasa choitinn fad atá an gá le tacaíocht airgeadais á íoslaghdú ag an am céanna.

Agus costais á leithdháileadh thar theorainneacha, féachfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na OCTanna lena mbaineann, le comhaontú frithpháirteach a bhaint amach a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis a shonraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, ach nach mbeidh teoranta di. Ina measúnú, breithneofar na cásanna ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 12 agus cásanna eile maidir le pleanáil forbartha gréasáin, lenar féidir anailís stóinsithe a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leasa choitinn le beartas fuinnimh an Aontais maidir le dícharbónú, comhtháthú margaidh, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus beidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus atá ag an bpróiseas dá bhforáiltear in Airteagal 12.

I gcás ina maolaíonn tionscadal leasa choitinn seachtrachtaí diúltacha, amhail lúbshreabha, agus i gcás ina gcuirtear an tionscadal leasa choitinn sin chun feidhme sa Bhallstát arb é is bunphointe don tseachtracht dhiúltach, ní fhéachfar ar mhaolú den sórt sin mar thairbhe trasteorann agus, dá bhrí sin, ní bheidh sé ina bhonn le costais a leithdháileadh ar OCT na mBallstát a ndéanann na seachtrachtaí diúltacha sin difear dóibh.

Airteagal 16 6.
Costais iarbhír arna dtabhú ag OCT nó ag tionscnóir tionscadail eile i ngeall ar infheistíochtaí, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, ar bhonn an leithdháilte costas trasteorann dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, na costais sin a chur san áireamh agus taraifí á socrú nó á bhformheas acu i gcomhréir le hAirteagal 41(1), pointe (a), de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 59(1), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/944, a mhéid go bhfreagraíonn na costais sin do chostais oibreora atá éifeachtúil agus atá inchomparáide ó thaobh struchtúir de.

Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha fógra don Ghníomhaireacht. gan mhoill. faoin gcinneadh maidir le leithdháileadh costas, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha go léir i dtaca leis an gcinneadh sin. Go háirithe, leagfar amach sa chinneadh maidir le leithdháileadh costas cúiseanna mionsonraithe maidir le leithdháileadh costas i measc na mBallstát, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a) 

meastóireacht ar an tionchar sainaitheanta ar gach ceann de na Ballstáit lena mbaineann, lena n-áirítear iadsan a bhaineann le taraifí gréasáin;

(b) 

meastóireacht ar an bplean gnó dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointe (b);

(c) 

seachtrachtaí dearfacha réigiúnacha nó uile-Aontais, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht, a ghinfeadh an tionscadal;

(d) 

toradh an chomhairliúcháin leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann.

Foilseofar an cinneadh maidir le leithdháileadh costas.

Airteagal 16 7.
I gcás nach dtagann na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha ar chomhaontú maidir leis an iarraidh ar infheistíocht laistigh de 6 mhí ón dáta a fhaigheann an ceann deireanach de na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha an iarraidh, cuirfidh siad an Ghníomhaireacht ar an eolas faoin méid sin gan mhoill.

Sa chás sin, nó ar iarraidh chomhpháirteach ó na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht, laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh an tarchur chuig an nGníomhaireacht, an cinneadh faoin iarraidh ar infheistíocht lena n-áirítear an leithdháileadh costas trasteorann dá dtagraítear i mír 5.

Sula ndéanfar cinneadh den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus leis na tionscnóirí tionscadail. Féadfar an tréimhse 3 mhí sin dá dtagraítear sa dara fomhír a fhadú 2 mhí i gcás ina n-iarrann an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil.

I measúnú na Gníomhaireachta, breithneofar na cásanna ábhartha uile arna mbunú faoi Airteagal 12 agus cásanna eile maidir le pleanáil forbartha gréasáin, lenar féidir anailís stóinsithe a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leasa choitinn le spriocanna bheartas fuinnimh an Aontais maidir le dícharbónú, comhtháthú margaidh, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus beidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus atá ag an bpróiseas dá bhforáiltear in Airteagal 12.

Ina cinneadh maidir leis an iarradh ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh costas trasteorann, fágfaidh an Ghníomhaireacht faoi na húdaráis náisiúnta ábhartha é tráth chur chun feidhme an chinnidh sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cinneadh a dhéanamh faoin mbealach a ndéantar costais infheistíochta a áireamh sna taraifí i gcomhréir leis an leithdháileadh costas trasteorann a forordaíodh.

Foilseofar an cinneadh maidir leis an iarraidh ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh trasteorann costas. Beidh feidhm ag Airteagal 25(3) agus Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942.

Airteagal 16 8.
Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cóip de na cinntí uile maidir le leithdháileadh costas, i dteannta na faisnéise ábhartha uile maidir le gach cinneadh, don Choimisiún gan mhoill. Féadfar an fhaisnéis sin a thíolacadh i bhfoirm chomhiomlán. Coinneoidh an Coimisiún aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.
Airteagal 16 9.
Ní bheidh tionchar ag cinntí maidir le leithdháileadh na gcostas ar an gceart atá ag OCTanna táillí a chur i bhfeidhm ná ar an gceart atá ag údaráis rialála náisiúnta táillí a fhormheas le haghaidh rochtain ar ghréasáin i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, Airteagal 18(1) agus Airteagal 18(3) go (6) de Rialachán (AE) 2019/943, Airteagal 32 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/944.
Airteagal 16 10.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le tionscadail leasa choitinn a bhfuil díolúine faighte acu ón méid seo a leanas:

(a) 

Airteagail 32, 33 agus 34 agus Airteagal 41(6), (8) agus (10) de Threoir 2009/73/CE, de bhun Airteagal 36 den Treoir sin;

(b) 

Airteagal 19(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 6, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944, de bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2019/943;

(c) 

rialacha maidir le díchuachadh nó rochtain tríú páirtí, de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) nó de bhun Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944.

Airteagal 16 11.
Faoin 24 Meitheamh 2023, glacfaidh an Ghníomhaireacht moladh chun dea-chleachtais a shainaithint chun iarrataí infheistíochta le haghaidh tionscadail leasa choitinn a láimhseáil. Nuashonrófar an moladh sin go tráthrialta, de réir mar is gá, go háirithe chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na prionsabail maidir le comhroinnt trasteorann costas na n-eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 15(1). Agus an moladh á ghlacadh nó á leasú aici, cuirfidh an Ghníomhaireacht próiseas comhairliúcháin forleathan i gcrích a mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile páirteach ann.
Airteagal 16 12.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir le tionscadail chomhleasa.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.