|
+Airteagal 16 7. |
Airteagal 16 7.I gcás nach dtagann na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha ar chomhaontú maidir leis an iarraidh ar infheistíocht laistigh de 6 mhí ón dáta a fhaigheann an ceann deireanach de na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha an iarraidh, cuirfidh siad an Ghníomhaireacht ar an eolas faoin méid sin gan mhoill. Sa chás sin, nó ar iarraidh chomhpháirteach ó na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht, laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh an tarchur chuig an nGníomhaireacht, an cinneadh faoin iarraidh ar infheistíocht lena n-áirítear an leithdháileadh costas trasteorann dá dtagraítear i mír 5. Sula ndéanfar cinneadh den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus leis na tionscnóirí tionscadail. Féadfar an tréimhse 3 mhí sin dá dtagraítear sa dara fomhír a fhadú 2 mhí i gcás ina n-iarrann an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil. I measúnú na Gníomhaireachta, breithneofar na cásanna ábhartha uile arna mbunú faoi Airteagal 12 agus cásanna eile maidir le pleanáil forbartha gréasáin, lenar féidir anailís stóinsithe a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leasa choitinn le spriocanna bheartas fuinnimh an Aontais maidir le dícharbónú, comhtháthú margaidh, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair. I gcás ina mbaintear úsáid as cásanna breise, beidh siad comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus beidh siad faoi réir an leibhéil chéanna comhairliúcháin agus grinnscrúdaithe agus atá ag an bpróiseas dá bhforáiltear in Airteagal 12. Ina cinneadh maidir leis an iarradh ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh costas trasteorann, fágfaidh an Ghníomhaireacht faoi na húdaráis náisiúnta ábhartha é tráth chur chun feidhme an chinnidh sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cinneadh a dhéanamh faoin mbealach a ndéantar costais infheistíochta a áireamh sna taraifí i gcomhréir leis an leithdháileadh costas trasteorann a forordaíodh. Foilseofar an cinneadh maidir leis an iarraidh ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh trasteorann costas. Beidh feidhm ag Airteagal 25(3) agus Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|