|
+Airteagal 17 1. |
Airteagal 17 1.I gcás ina dtabhaíonn tionscnóir tionscadail rioscaí níos airde maidir le forbairt, tógáil, feidhmiú nó cothabháil tionscadail leasa choitinn a thagann faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta, nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis na rioscaí arna dtabhú ag tionscadal bonneagair inchomparáide de ghnáth, féadfaidh na Ballstáit agus na húdaráis rialála náisiúnta dreasachtaí iomchuí a dheonú don tionscadal sin i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, Airteagal 18(1) agus Airteagal 18(3) go (6), de Rialachán (AE) 2019/943, Airteagal 41(8) de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 58, pointe (f), de Threoir (AE) 2019/944. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina bhfuil díolúine faighte ag an tionscadal leasa choitinn:
(a)
ó Airteagail 32, 33, agus 34 agus ó Airteagal 41(6), (8) agus (10) de Threoir 2009/73/CE de bhun Airteagal 36 den Treoir sin;
(b)
ó Airteagal 19(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/943 nó ó Airteagal 6, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944 de bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2019/943;
(c)
de bhun Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE;
(d)
de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|