+Airteagal 18 2.

Airteagal 18 2.

Tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 24 agus i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II agus i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, beidh siad incháilithe freisin le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh oibreacha i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo uile a leanas leo:

(a) 

leis an anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach arna déanamh de bhun Airteagal 16(4), pointe (a), cuirtear fianaise ar fáil maidir le seachtrachtaí suntasacha dearfacha a bheith ann, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht;

(b) 

tá cinneadh maidir le leithdháileadh costas trasteorann faighte ag an tionscadal de bhun Airteagal 16 nó, a mhéid a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, i gcás nach dtagann siad faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta agus nach bhfaigheann siad cinneadh maidir le leithdháileadh costas trasteorann dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an tionscadal seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha, tugtar nuálaíocht theicneolaíoch isteach leis agus áirithítear sábháilteacht oibriú na heangaí trasteorann leis;

(c) 

ní féidir an tionscadal a mhaoiniú tríd an margadh nó tríd an gcreat rialála i gcomhréir leis an bplean gnó agus le measúnuithe eile, go háirithe na cinn sin a rinne infheisteoirí ionchasacha, creidiúnaithe nó an t-údarás rialála náisiúnta, agus aird á tabhairt ar aon chinneadh maidir le dreasachtaí agus cúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 17(2) tráth a mheastar an gá atá ag an tionscadal cúnamh airgeadais ón Aontas a fháil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.