+Airteagal 18 Incháilitheacht na dtionscadal le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi Rialachán (AE) 2021/1153
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.

Airteagal 18 Incháilitheacht na dtionscadal le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi Rialachán (AE) 2021/1153

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
Beidh tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 24 agus Iarscríbhinn II incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh staidéir agus ionstraimí airgeadais.
Airteagal 18 2.

Tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 24 agus i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II agus i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, beidh siad incháilithe freisin le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh oibreacha i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo uile a leanas leo:

(a) 

leis an anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach arna déanamh de bhun Airteagal 16(4), pointe (a), cuirtear fianaise ar fáil maidir le seachtrachtaí suntasacha dearfacha a bheith ann, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht;

(b) 

tá cinneadh maidir le leithdháileadh costas trasteorann faighte ag an tionscadal de bhun Airteagal 16 nó, a mhéid a bhaineann le tionscadail leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, i gcás nach dtagann siad faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta agus nach bhfaigheann siad cinneadh maidir le leithdháileadh costas trasteorann dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an tionscadal seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha, tugtar nuálaíocht theicneolaíoch isteach leis agus áirithítear sábháilteacht oibriú na heangaí trasteorann leis;

(c) 

ní féidir an tionscadal a mhaoiniú tríd an margadh nó tríd an gcreat rialála i gcomhréir leis an bplean gnó agus le measúnuithe eile, go háirithe na cinn sin a rinne infheisteoirí ionchasacha, creidiúnaithe nó an t-údarás rialála náisiúnta, agus aird á tabhairt ar aon chinneadh maidir le dreasachtaí agus cúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 17(2) tráth a mheastar an gá atá ag an tionscadal cúnamh airgeadais ón Aontas a fháil.

Airteagal 18 3.
Maidir leis na tionscadail leasa choitinn a dhéantar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(7), pointe (d), beidh siad incháilithe freisin le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh oibreacha i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.
Airteagal 18 4.
Tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(e) agus pointí (2) agus (5) d’Iarscríbhinn II, beidh siad incháilithe freisin le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh oibreacha, i gcás inar féidir leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann, i meastóireacht arna déanamh ag an údarás náisiúnta ábhartha nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás rialála náisiúnta, seachtrachtaí suntasacha dearfacha a thagann as na tionscadail a léiriú go soiléir, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht, arna nginiúint leis na tionscadail, agus más féidir leo fianaise shoiléir a sholáthar maidir leis an easpa inmharthanachta a bhaineann leo ó thaobh na tráchtála de, i gcomhréir leis an anailís costais is tairbhe, an plean gnó agus na measúnuithe arna ndéanamh, go háirithe ag infheisteoirí ionchasacha nó ag creidiúnaithe ionchasacha nó, i gcás inarb infheidhme, ag údarás rialála náisiúnta.
Airteagal 18 5.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir le tionscadail chomhleasa.

Beidh tionscadail chomhleasa incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/1153. Sa mhéid a bhaineann le deontais le haghaidh oibreacha, beidh tionscadail chomhleasa incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus i gcás ina rannchuidíonn an tionscadal le cuspóirí beartais foriomlána fuinnimh agus aeráide an Aontais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.