+Airteagal 24 Maolú maidir le hidirnaisc don Chipir agus do Mhálta
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 5.

Airteagal 24 Maolú maidir le hidirnaisc don Chipir agus do Mhálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.

I gcás na Cipire agus Mhálta, nach bhfuil idirnasctha leis an ngréasán gáis tras-Eorpach, beidh feidhm ag maolú ar Airteagal 3, Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b), Airteagal 4(5), Airteagal 16(4), pointe (a), agus Iarscríbhinní I, II agus III, gan dochar d’Airteagal 32(2). Coinneofar an stádas tionscadail leasa choitinn atá ag idirnasc amháin le haghaidh gach ceann de na Ballstáit sin faoin Rialachán seo leis na cearta agus na hoibleagáidí ábhartha go léir, i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an idirnasc sin:

(a) 

tá sé á fhorbairt nó á phleanáil an 23 Meitheamh 2022;

(b) 

tugadh stádas tionscadail leasa choitinn dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 347/2013; agus

(c) 

tá sé riachtanach chun idirnasc buan na mBallstát sin leis an ngréasán gáis tras-Eorpach a dhaingniú.

Leis na tionscadail sin, áiritheofar go mbeidh an cumas ann amach anseo margaí nua fuinnimh, lena n-áirítear hidrigin, a rochtain.

Airteagal 24 2.
Cuirfidh na tionscnóirí tionscadail fianaise leordhóthanach ar fáil do na Grúpaí ábhartha maidir leis an gcaoi a dtabharfaidh na hidirnaisc dá dtagraítear i mír 1 rochtain ar mhargaí nua fuinnimh, lena n-áirítear hidrigin, i gcomhréir le cuspóirí beartais foriomlána fuinnimh agus aeráide an Aontais. Áireofar i bhfianaise den sórt sin measúnú ar an soláthar agus an t-éileamh don hidrigin in-athnuaite nó ísealcharbóin mar aon le ríomh an laghdaithe ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna chumasú ag an tionscadal.

Fíoróidh an Coimisiún an measúnú agus an ríomh sin go tráthrialta, mar aon le cur chun feidhme tráthúil an tionscadail.

Airteagal 24 3.
I dteannta na gcritéar sonrach a leagtar amach in Airteagal 19 maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas, déanfar na hidirnaisc dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhearadh d’fhonn rochtain ar mhargaí fuinnimh a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear hidrigin, a áirithiú, ní thiocfaidh fadú ar shaolré na sócmhainní gáis nádúrtha astu agus áiritheofar idir-inoibritheacht na ngréasán comharsanach thar theorainneacha leo. An 31 Nollaig 2027, tiocfaidh deireadh le haon incháilitheacht le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi Airteagal 18.
Airteagal 24 4.
Léireofar go soiléir in aon iarraidh ar chúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh oibreacha an aidhm an tsócmhainn a thiontú ina sócmhainn atá tiomnaithe don hidrigin faoi 2036, más féidir de réir dhálaí an mhargaidh, trí bhíthin treochlár le hamlíne bheacht.
Airteagal 24 5.
Beidh feidhm ag an maolú a leagtar amach i mír 1 go dtí go mbeidh an Chipir nó Málta, faoi seach, idirnasctha go díreach leis an ngréasán gáis tras-Eorpach nó go dtí an 31 Nollaig 2029, cibé acu is túisce.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.