+CAIBIDIL VIII Forálacha críochnaitheacha
---+Airteagal 20 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 20 1.
------+Airteagal 20 2.
------+Airteagal 20 3.
------+Airteagal 20 4.
------+Airteagal 20 5.
------+Airteagal 20 6.
---+Airteagal 21 Tuairisciú agus meastóireacht
---+Airteagal 22 Athbhreithniú
---+Airteagal 23 Faisnéis agus poiblíocht
---+Airteagal 24 Maolú maidir le hidirnaisc don Chipir agus do Mhálta
------+Airteagal 24 1.
------+Airteagal 24 2.
------+Airteagal 24 3.
------+Airteagal 24 4.
------+Airteagal 24 5.
---+Airteagal 25 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009
---+Airteagal 26 Leasú ar Rialachán (AE) 2019/942
---+Airteagal 27 Leasú ar Rialachán (AE) 2019/943
---+Airteagal 28 Leasú ar Threoir 2009/73/CE
---+Airteagal 29 Leasú ar Threoir (AE) 2019/944
---+Airteagal 30 Forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 31 Tréimhse idirthréimhseach
------+Airteagal 31 1.
------+Airteagal 31 2.
------+Airteagal 31 3.
------+Airteagal 31 4.
------+Airteagal 31 5.
---+Airteagal 32 Aisghairm
------+Airteagal 32 1.
------+Airteagal 32 2.
------+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 33 Teacht i bhfeidhm
|
CAIBIDIL VIII Forálacha críochnaitheacha
CAIBIDIL VIII Forálacha críochnaitheacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 An tarmligean a fheidhmiú
|
|
|
Airteagal 21 Tuairisciú agus meastóireacht
|
Airteagal 21
Tuairisciú agus meastóireacht
Faoin 30 Meitheamh 2027, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur chun feidhme tionscadal atá ar liosta an Aontais, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Soláthrófar meastóireacht sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas:
(a)
an dul chun cinn atá déanta maidir le pleanáil, forbairt, tógáil agus coimisiúnú tionscadal atá ar liosta an Aontais, agus, i gcás inarb ábhartha, moilleanna ar an gcur chun feidhme agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn;
(b)
na cistí arna n-úsáid agus arna n-eisíoc ag an Aontas le haghaidh tionscadail atá ar liosta an Aontais, i gcomparáid le luach iomlán na dtionscadal arna gcistiú atá ar liosta an Aontais;
(c)
an dul chun cinn atá déanta i dtéarmaí comhtháthaithe foinsí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe trí phleanáil, forbairt, tógáil agus coimisiúnú tionscadal atá ar liosta an Aontais;
(d)
maidir leis na hearnálacha leictreachais agus gáis in-athnuaite nó ísealcharbóin lena n-áirítear hidrigin, an éabhlóid ar leibhéal an idirnaisc idir na Ballstáit, an éabhlóid chomhfhreagrach ar na praghsanna fuinnimh, chomh maith le líon na n-uaireanta a chlis an córas gréasáin, na cúiseanna leis sin agus an costas gaolmhar eacnamaíoch;
(e)
an próiseas deonaithe ceadanna agus rannpháirtíocht phoiblí, go háirithe:
(i)
meántréimhse iomlán agus uastréimhse iomlán an phróisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail ar liosta an Aontais, lena n-áirítear fad tréimhse gach céime den nós imeachta réamhiarratais, i gcomparáid leis an uainiú a fhoráiltear leis na mór-gharspriocanna tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(6);
(ii)
an leibhéal freasúra i gcoinne tionscadal ar liosta an Aontais, go háirithe líon na n-agóidí i scríbhinn le linn an phróisis comhairliúcháin phoiblí agus líon na ngníomhaíochtaí ina mbíonn caingean dlí;
(iii)
na cleachtais is fearr agus is nuálaí maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí;
(iv)
na cleachtais is fearr agus is nuálaí maidir le maolú ar thionchair ar an gcomhshaol, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide, le linn próisis deonaithe ceadanna agus cur chun feidhme tionscadal;
(v)
éifeachtacht na scéimeanna dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) maidir le comhlíonadh na dteorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2).
(f)
láimhseáil rialála, go háirithe:
(i)
líon na dtionscadal leasa choitinn ar ina leith a tugadh cinneadh maidir le leithdháileadh trasteorann costas de bhun Airteagal 16;
(ii)
líon agus cineál na dtionscadal leasa choitinn a fuair dreasachtaí sonracha de bhun Airteagal 17;
(g)
a éifeachtaí atá an Rialachán seo maidir le rannchuidiú le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí.
|
|
Airteagal 22 Athbhreithniú
|
Airteagal 22
Faoin 30 Meitheamh 2027, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo, ar bhonn thorthaí an tuairiscithe agus na meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Rialachán seo, agus ar bhonn an fhaireacháin, an tuairiscithe agus na meastóireachta a dhéantar de bhun Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2021/1153.
|
|
Airteagal 23 Faisnéis agus poiblíocht
|
Airteagal 23
Bunóidh an Coimisiún ardán trédhearcachta a bheidh inrochtana go héasca ar an idirlíon ag an bpobal i gcoitinne agus coinneoidh sé ar bun é. Déanfar an t-ardán a nuashonrú go tráthrialta le faisnéis ó na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(4) agus ón suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 9(7). Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an ardán:
(a)
faisnéis ghinearálta nuashonraithe, lena n-áirítear faisnéis gheografach, le haghaidh gach tionscadal atá ar liosta an Aontais;
(b)
an plean cur chun feidhme mar a leagtar amach é in Airteagal 5(1) le haghaidh gach tionscadal atá ar liosta an Aontais, arna chur i láthair ar bhealach lena gceadófar measúnú a dhéanamh tráth ar bith ar an dul chun cinn maidir lena chur chun feidhme;
(c)
na príomhthairbhí a bhfuiltear ag dréim leo agus a mhéid a chuireann siad leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus costais na dtionscadal, ach amháin aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de;
(e)
na cistí arna leithdháileadh agus arna n-eisíoc ag an Aontas le haghaidh na dtionscadal uile ar liosta an Aontais.
(f)
na naisc leis an lámhleabhar náisiúnta nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9;
(g)
na staidéir ar imchuacha farraige agus na pleananna atá ann cheana do gach conair tosaíochta eangaí amach ón gcósta, gan aon chearta maoine intleachtúla a shárú.
|
|
Airteagal 24 Maolú maidir le hidirnaisc don Chipir agus do Mhálta
|
|
|
Airteagal 25 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009
|
Airteagal 25
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009
In Airteagal 8(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“10.
Gach 2 bhliain, glacfaidh agus foilseoidh an ENTSO don Ghás plean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail dá dtagraítear i mír 3, pointe (b). Cuimseofar samhaltú an ghréasáin chomhtháite, lena n-áirítear gréasáin hidrigine, forbairt cásanna, dearcadh Eorpach i leith leordhóthanacht soláthair agus measúnú ar athléimneacht an chórais sa phlean forbartha uile-Chomhphobail.”.
|
|
Airteagal 26 Leasú ar Rialachán (AE) 2019/942
|
Airteagal 26
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/942
In Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/942, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):
“(c)
na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 5, Airteagal 11(3), Airteagal 11(6) go (9), Airteagail 12, 13 agus 17 agus i Roinn 2, pointe (12), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
) a chur i gcrích;
(d)
cinntí a dhéanamh maidir le hiarrataí ar infheistíocht lena n-áirítear leithdháileadh costas trasteorann de bhun Airteagal 16(7) de Rialachán (AE) 2022/869;
|
|
Airteagal 27 Leasú ar Rialachán (AE) 2019/943
|
Airteagal 27
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/943
In Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) 2019/943, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“1.
Cuimseofar sa phlean forbartha uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (b), samhaltú an ghréasáin chomhtháite, lena n-áirítear forbairt cásanna agus measúnú ar athléimneacht an chórais. Beidh na paraiméadair ionchuir ábhartha don samhaltú amhail toimhdí maidir le praghsanna breosla agus carbóin nó suiteáil foinsí in-athnuaite ag teacht go hiomlán leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní a forbraíodh de bhun Airteagal 23.”.
|
|
Airteagal 28 Leasú ar Threoir 2009/73/CE
|
Airteagal 28
Leasú ar Threoir 2009/73/CE
In Airteagal 41(1) de Threoir 2009/73/CE, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
“(v)
na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, Airteagal 5(7) agus Airteagail 14 go 17 de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
) a chur i gcrích.
|
|
Airteagal 29 Leasú ar Threoir (AE) 2019/944
|
Airteagal 29
Leasú ar Threoir (AE) 2019/944
In Airteagal 59(1) de Threoir (AE) 2019/944, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
“(aa)
na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, Airteagal 5(7) agus Airteagail 14 go 17 de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
) a chur i gcrích.
|
|
Airteagal 30 Forálacha idirthréimhseacha
|
Airteagal 30
Forálacha idirthréimhseacha
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do dheonú, leanúint ná modhnú an chúnaimh airgeadais arna dheonú ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
).
Ní bheidh feidhm ag Caibidil III maidir le tionscadail leasa choitinn atá curtha isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna agus a ndearna tionscnóir tionscadail comhad iarratais a thíolacadh ina leith roimh an 16 Samhain 2013.
|
|
Airteagal 31 Tréimhse idirthréimhseach
|
|
|
Airteagal 32 Aisghairm
|
|
|
Airteagal 33 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 33
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|