+Airteagal 31 Tréimhse idirthréimhseach
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.
|
Airteagal 31 Tréimhse idirthréimhseach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Le linn idirthréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2029, féadfar sócmhainní atá tiomnaithe don hidrigin arna dtiontú ó shócmhainní gáis nádúrtha a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II a úsáid chun cumasc réamhshainithe hidrigine le gás nádúrtha nó le bithmheatán a iompar nó a stóráil.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 1, comhoibreoidh na tionscnóirí tionscadail go dlúth maidir le dearadh agus cur chun feidhme na dtionscadal chun idir-inoibritheacht gréasán comharsanach a áirithiú.
|
|
Airteagal 31 3.
|
Tabharfaidh an tionscnóir tionscadail fianaise leordhóthanach, lena n-áirítear trí chonarthaí tráchtála, ina léireofar conas a scoirfidh na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo de bheith ina sócmhainní gáis nádúrtha agus conas a dhéanfar sócmhainní atá tiomnaithe don hidrigin díobh, mar a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, agus conas a chumasófar úsáid mhéadaithe na hidrigine le linn na hidirthréimhse. Áireofar i bhfianaise den sórt sin measúnú ar an soláthar agus an t-éileamh don hidrigin in-athnuaite nó ísealcharbóin mar aon le ríomh an laghdaithe ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna chumasú ag an tionscadal. I gcomhthéacs an fhaireacháin a dhéantar ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn, fíoróidh an Ghníomhaireacht an t-aistriú tráthúil den tionscadal chuig sócmhainn atá tiomnaithe don hidrigin mar a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II.
|
|
Airteagal 31 4.
|
An 31 Nollaig 2027, tiocfaidh deireadh le hincháilitheacht tionscadal dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le haghaidh cúnamh airgeadais an Aontais faoi Airteagal 18.
|
|
Airteagal 31 5.
|
Sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, tuigfear go gciallaíonn aon tagairt do “ENTSO don Ghás”“ENTSO don Ghás agus ENNOH” chun críche na bhforálacha idirthréimhseacha de bhun Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789. Ón 1 Eanáir 2027, tuigfear go gciallaíonn aon tagairt do “ENTSO don Ghás”“ENNOH”.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|