+IARSCRÍBHINN III LIOSTAÍ RÉIGIÚNACHA TIONSCADAL

IARSCRÍBHINN III LIOSTAÍ RÉIGIÚNACHA TIONSCADAL




IARSCRÍBHINN III

LIOSTAÍ RÉIGIÚNACHA TIONSCADAL

1.   RIALACHA DO GHRÚPAÍ

(1) Maidir le bonneagar fuinnimh a thagann faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta, i ngach Grúpa beidh ionadaithe ó na Ballstáit, ó na húdaráis rialála náisiúnta, ó na OCTanna, chomh maith le hionadaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht, ó eintiteas AE do OCDanna agus ón ENTSO eile le haghaidh Leictreachais nó ón ENTSO don Ghás.

Maidir le catagóirí eile bonneagair fuinnimh, i ngach Grúpa beidh ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit, tionscnóirí tionscadail a bhaineann le gach ceann de na tosaíochtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

(2) Ag brath ar líon na dtionscadal iarrthach ar liosta an Aontais, ar bhearnaí sa bhonneagar réigiúnach agus ar fhorbairtí, féadfaidh na Grúpaí agus comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí foirmíochtaí éagsúla a roinnt, a chumasc nó teacht le chéile iontu, de réir mar is gá, chun plé a dhéanamh ar ábhair is coiteann do na Grúpaí uile nó a bhaineann le réigiúin ar leith, agus leo amháin. Féadfar a áireamh leis na nithe sin saincheisteanna atá ábhartha do chomhsheasmhacht thrasréigiúnach nó an líon tionscadal beartaithe ar na dréachtliostaí réigiúnacha atá i mbaol éirí doláimhsithe.

(3) Eagróidh gach Grúpa a chuid oibre i gcomhréir le hiarrachtaí comhair réigiúnaigh de bhun Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/943, Airteagal 7 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 61 de Threoir (AE) 2019/944, agus struchtúir chomhair réigiúnaigh eile atá ann cheana.

(4) Tabharfaidh gach Grúpa cuireadh, de réir mar is iomchuí chun na conairí agus réimsí tosaíochta ábhartha maidir le bonnegar fuinnimh a ainmnítear in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme, do thionscnóirí tionscadail a d’fhéadfadh a bheith incháilithe le haghaidh roghnúcháin mar thionscadal leasa choitinn, mar aon le hionadaithe riarachán náisiúnta, údarás rialála, na sochaí sibhialta, agus OCTanna ó thríú tíortha. Is trí chomhthoil a dhéanfar an cinneadh cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó thríú tíortha.

(5) I gcás na gconairí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, tabharfaidh gach Grúpa cuireadh, de réir mar is iomchuí, d’ionadaithe ó na Ballstáit thalamhiata, ó na húdaráis inniúla, ó na húdaráis rialála náisiúnta agus ó OCTanna.

(6) Tabharfaidh gach Grúpa cuireadh, de réir mar is iomchuí, do na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe ó thríú tíortha, agus, i gcás ina meastar gurb iomchuí, go díreach do na geallsealbhóirí, lena n-áirítear táirgeoirí, OCDanna, soláthraithe, tomhaltóirí, pobail áitiúla agus eagraíochtaí cosanta comhshaoil atá bunaithe san Aontas chun a saineolas sonrach a chur in iúl. Eagróidh gach Grúpa éisteachtaí nó comhairliúcháin i gcás inarb ábhartha ar mhaithe lena chúraimí a chur i gcrích.

(7) Maidir le cruinnithe na nGrúpaí, déanfaidh an Coimisiún na rialacha inmheánacha, liosta nuashonraithe de bhalleagraíochtaí, faisnéis a nuashonraítear go tráthrialta maidir le dul chun cinn na hoibre, cláir oibre na gcruinnithe, chomh maith le miontuairiscí cruinnithe, i gcás ina mbeidh fáil orthu, a fhoilsiú ar ardán atá inrochtana do gheallsealbhóirí. Beidh plé chomhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí agus rangú na dtionscadal faoi rún, i gcomhréir le hAirteagal 4(5). Is trí chomhthoil idir na Ballstáit agus an Coimisiún a dhéanfar na cinntí uile a bhaineann le feidhmiú agus le hobair na ngrúpaí réigiúnacha.

(8) Féachfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Grúpaí le comhsheasmhacht a bhaint amach idir na Grúpaí. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, nuair is ábhartha, malartú faisnéise faoin obair go léir lena ndéantar ionadaíocht ar leas idir-réigiúnach idir na Grúpaí lena mbaineann.

(9) Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht na n-údarás rialála náisiúnta agus na Gníomhaireachta sna Grúpaí dochar do chomhlíonadh a gcuspóirí agus a ndualgas faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2019/942, Airteagail 40 agus 41 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagail 58, 59 agus 60 de Threoir (AE) 2019/944.

2.   PRÓISEAS CHUN LIOSTAÍ RÉIGIÚNACHA A BHUNÚ

(1) Maidir le tionscnóirí tionscadail a d’fhéadfadh a bheith incháilithe lena roghnú mar thionscadal ar liosta an Aontais ar mian leo an stádas sin a fháil, cuirfidh siad iarratas ar roghnú mar thionscadal ar liosta an Aontais faoi bhráid an Ghrúpa lena n-áirítear:

(a) 

measúnú ar a dtionscadail maidir leis an dóigh a gcuireann siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b) 

léiriú na catagóire tionscadail ábhartha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(c) 

anailís ar chomhlíonadh na gcritéar ábhartha a leagtar síos in Airteagal 4;

(d) 

maidir le tionscadail a bhfuil céim leordhóthanach aibíochta bainte amach acu, anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach atá comhsheasmhach leis na modheolaíochtaí arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 11; tion

(e) 

i gcás tionscadail comhleasa, na litreacha tacaíochta ó rialtais na dtíortha a ndéantar difear díreach dóibh, lena gcuirtear in iúl a dtacaíocht don tionscadal nó do chomhaontuithe neamhcheangailteacha eile;

(f) 

aon fhaisnéis ábhartha eile le haghaidh mheastóireacht an tionscadail.

(2) Áiritheoidh gach faighteoir go gcoinneofar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.

(3) Beidh na tionscadail tarchurtha agus stórála leictreachais atá beartaithe ar tionscadail leasa choitinn iad agus a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (c), (d) agus (f) a ghabhann le hIarscríbhinn II den Rialachán seo ina gcuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil do leictreachas, arna fhorbairt ag an ENTSO don Leictreachas de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/943. Na tionscadail tarchurtha leictreachais atá beartaithe ar tionscadail leasa choitinn iad agus a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(b) agus (f) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, eascróidh siad as an bhforbairt chomhtháite gréasáin amach ón gcósta agus as na hathneartuithe ar an eangach dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo agus beidh siad comhsheasmhach leo.

(4) Ón 1 Eanáir 2024, beidh na tionscadail bheartaithe hidrigine leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo ina gcuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Chomhphobail is déanaí atá ar fáil do ghás, arna fhorbairt ag an ENTSO don Ghás de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

(5) Faoin 30 Meitheamh 2022, agus ina dhiaidh sin, i gcás gach plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, eiseoidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás treoirlínte nuashonraithe maidir le tionscadail a áireamh ina bplean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais féin dá dtagraítear i bpointí (3) agus (4) chun cóir chomhionann agus trédhearcacht an phróisis a áirithiú. I gcás na dtionscadal uile ar liosta an Aontais i bhfeidhm ag an am, bunóidh na treoirlínte próiseas simplithe chun iad a áireamh sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, agus na doiciméid agus na sonraí a tíolacadh cheana le linn phróisis an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais roimhe sin á gcur san áireamh, ar choinníoll go mbeidh na doiciméid agus na sonraí a tíolacadh cheana fós bailí.

Rachaidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht faoina ndréacht-treoirlínte féin maidir le tionscadail a áireamh sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais agus tabharfaidh siad aird chuí ar na moltaí ón gCoimisiún agus ón nGníomhaireacht sula bhfoilseofar na treoirlínte deiridh.

(6) Maidir le tionscadail bheartaithe iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a thagann faoi chatagóir an bhonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn II, cuirfear i láthair iad mar chuid de phlean, arna fhorbairt ag dhá Bhallstát ar a laghad, d’fhonn bonneagar trasteorann iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a fhorbairt, a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann nó na heintitis arna n-ainmniú ag na Ballstáit sin faoi bhráid an Choimisiúin.

(7) Cuirfidh an ENTSO don Leictreachas agus an ENTSO don Ghás faisnéis ar fáil do na Grúpaí faoin gcaoi ar chuir siad na treoirlínte i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar a gcuimsiú sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais.

(8) I gcás na dtionscadal a thagann faoina n-inniúlacht déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, agus más gá sin an Ghníomhaireacht, i gcás inar féidir i gcomhthéacs an chomhair réigiúnaigh de bhun Airteagal 7 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 61 de Threoir (AE) 2019/944, seiceáil ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar agus ar mhodheolaíocht na hanailíse costais is tairbhe agus meastóireacht ar a n-ábharthacht trasteorann. Déanfaidh siad a measúnú a thíolacadh don Ghrúpa. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na critéir agus na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo agus in Iarscríbhinn IV i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe chun comhsheasmhacht a áirithiú sna grúpaí réigiúnacha.

(9) I gcás na dtionscadal uile nach gcumhdaítear i bpointe (8) den Iarscríbhinn seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin an fhéidearthacht a bhaineann lena leathnú amach anseo chun Ballstáit bhreise a chur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú a thíolacadh don Ghrúpa. I gcás na dtionscadal a chuireann isteach ar stádas tionscadail comhleasa, tabharfar cuireadh d’ionadaithe ó thríú tíortha agus d’údaráis rialála chuig cur i láthair an mheasúnaithe.

(10) Maidir le gach Ballstát nach mbaineann tionscadal atá beartaithe lena chríoch, ach a bhféadfadh an tionscadal atá beartaithe glantionchar dearfach ionchasach nó éifeacht shuntasach ionchasach a bheith air, amhail maidir leis an gcomhshaol nó maidir le hoibríocht an bhonneagair fuinnimh ina chríoch, féadfaidh sé tuairim lena sonraítear a chúiseanna imní a thíolacadh don Ghrúpa.

(11) Scrúdóidh an Grúpa, arna iarraidh sin do Bhallstát den Ghrúpa, na cúiseanna réasúnaithe arna gcur i láthair ag Ballstát de bhun Airteagal 3(3) gan tionscadal a bhfuil baint aige lena chríoch a fhormheas.

(12) Breithneoidh an Grúpa an ndéanfar bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann leis na riachtanais réigiúnacha bonneagair a bhunú agus a mhéid a bhaineann le gach ceann de na tionscadail iarrthacha. Breithneoidh an Grúpa, go háirithe, réitigh amhail bainistiú ar éileamh, réitigh socraithe margaidh, réitigh dhigiteacha a chur chun feidhme, agus athchóiriú foirgneamh mar réitigh tosaíochta i gcás ina meastar iad a bheith níos costéifeachtaí ó thaobh uile-chórais de ná bonneagar nua soláthair a thógáil.

(13) Tiocfaidh an Grúpa le chéile chun na tionscadail atá beartaithe a scrúdú agus a rangú bunaithe ar mheasúnú trédhearcach na dtionscadal, agus trí úsáid a bhaint as na critéir a leagtar amach in Airteagal 4, agus measúnú na rialálaithe, nó measúnú an Choimisiúin ar thionscadail nach dtagann faoi inniúlacht na n-údarás rialála náisiúnta á gcur san áireamh.

(14) Déanfar dréachtliostaí réigiúnacha na dtionscadal atá beartaithe agus a thagann faoi inniúlacht na n-údarás rialála náisiúnta arna dtarraingt suas ag na Grúpaí, i dteannta aon tuairimí mar a shonraítear i bpointe (10) den Roinn seo, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta 6 mhí roimh dháta glactha liosta an Aontais. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na dréachtliostaí réigiúnacha agus na tuairimí a ghabhann leo a mheasúnú laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaighfear iad. Soláthróidh an Ghníomhaireacht tuairim maidir leis na dréachtliostaí réigiúnacha, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar agus anailís costais is tairbhe thar réigiúin. Déanfar an tuairim ón nGníomhaireacht a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2019/942.

(15) Laistigh de mhí amháin ón dáta a gheofar an tuairim ón nGníomhaireacht, déanfaidh comhlacht cinnteoireachta gach Grúpa a liosta réigiúnach críochnaitheach de thionscadail bheartaithe, lena n-urramaítear na forálacha a leagtar amach in Airteagal 3(3), ar bhonn an togra ón nGrúpa agus an tuairim ón nGníomhaireacht agus measúnú na n-údarás rialála náisiúnta arna thíolacadh i gcomhréir le pointe (8), nó measúnú an Choimisiúin le haghaidh tionscadail nach dtagann faoi inniúlacht na n-údarás rialála náisiúnta a beartaíodh i gcomhréir le pointe (9), á gcur san áireamh, agus ar an gcomhairle ón gCoimisiún arb é is aidhm di líon iomlán inláimhsithe tionscadal a áirithiú ar liosta an Aontais, go háirithe ag teorainneacha a bhfuil baint acu le tionscadail iomaíocha nó le tionscadail iomaíocha ionchasacha. Cuirfidh comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí na liostaí réigiúnacha críochnaitheacha faoi bhráid an Choimisiúin, i dteannta aon tuairimí mar a shonraítear i bpointe (10).

(16) Más rud é, ar bhonn na ndréachtliostaí réigiúnacha, agus tar éis an tuairim ón nGníomhaireacht a chur san áireamh, go dtéann líon iomlán na dtionscadal atá beartaithe ar liosta an Aontais thar líon inláimhsithe, tabharfaidh an Coimisiún comhairle do gach Grúpa lena mbaineann, gan tionscadail ar thug an Grúpa lena mbaineann an rangú is ísle dóibh a áireamh ar an liosta réigiúnach, i gcomhréir leis an rangú a bunaíodh de bhun Airteagal 4(5).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.