+CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
---+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
------+Airteagal 1 1.
------+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 Toirmeasc
|
CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
|
|
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
|
Airteagal 2
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “tráchtearraí ábhartha” eallach, cócó, caife, pailm ola, rubar, soighe agus adhmad;
(2)
ciallaíonn “táirgí ábhartha” táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu, a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh;
(3)
ciallaíonn “dífhoraoisiú” tiontú foraoise go húsáid talmhaíochta, cé acu de thoradh an duine nó ar bhealach eile;
(4)
ciallaíonn “foraois” talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus í faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aici is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ, seachas talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó úsáid talún uirbí den chuid is mó;
(5)
ciallaíonn “úsáid talmhaíochta” talamh a úsáid chun críche talmhaíochta, lena n-áirítear le haghaidh plandálacha talmhaíochta agus limistéir thalmhaíochta curtha ar leataobh, agus le haghaidh beostoc a thógáil;
(6)
ciallaíonn “plandálacha talmhaíochta” talún ar a bhfuil clampa crann i gcórais táirgeachta talmhaíochta, amhail plandálacha crann torthaí, plandálacha pailme ola, úlloird olóige agus córais agrafhoraoiseachta ina bhfuil barra ag fás faoi bhrat crann. Áirítear leis plandálacha uile na dtráchtearraí ábhartha seachas adhmad; eisiatar plandálacha talmhaíochta ón sainmhíniú ar “foraois”;
(7)
ciallaíonn “díghrádú foraoisí” athruithe struchtúracha ar chumhdach foraoise, atá i bhfoirm amháin de na tiontuithe seo a leanas:
(a)
tiontú foraoisí príomhúla nó foraoisí a athghintear go nádúrtha ina bhforaoisí plandála nó ina gcoillearnach eile; nó
(b)
tiontú foraoisí príomhúla ina bhforaoisí a cuireadh;
(8)
ciallaíonn “foraois phríomhúil” foraois a athghintear go nádúrtha de speicis chrainn dhúchasacha, i gcás nach bhfuil aon táscairí le feiceáil go soiléir ar ghníomhaíochtaí an duine agus nach gcuirtear isteach go mór ar na próisis éiceolaíocha;
(9)
ciallaíonn “foraois a athghintear go nádúrtha” foraois atá comhdhéanta den chuid is mó de chrainn a bhunaítear trí athghiniúint nádúrtha; áirítear leis aon cheann díobh seo a leanas:
(a)
foraoisí nach féidir idirdhealú a dhéanamh ina leith cibé acu atá plandaithe nó athghinte go nádúrtha;
(b)
foraoisí ina bhfuil meascán de speicis de chrainn dhúchasacha a athghintear go nádúrtha agus crainn phlandaithe nó síolaithe, agus ina meastar gurb iad na crainn a athghintear go nádúrtha an chuid is mó den stoc atá ag fás tráth aibíocht na gclampaí;
(c)
roschoill ó chrainn a bunaíodh ar dtús trí athghiniúint nádúrtha;
(d)
crainn athghinte go nádúrtha de speicis a tugadh isteach;
(10)
ciallaíonn “foraois a cuireadh” foraois arb é atá inti den chuid is mó crainn a bunaíodh trí chur agus/nó trí shíolú d’aon turas, ar choinníoll go bhfuiltear ag súil leis gurb é a bheidh sna crainn a cuireadh nó a síolaíodh níos mó ná 50 % den stoc fáis tráth a n-aibíochta; áirítear leis sin roschoill ó chrainn a cuireadh nó a síolaíodh ar dtús;
(11)
ciallaíonn “foraois phlandála” foraois a cuireadh agus a ndéantar dianbhainistíocht uirthi agus a chomhlíonann, tráth a gcurtha agus tráth aibíocht na gclampaí, na critéir seo a leanas uile: speiceas amháin nó dhá speiceas, cothrom i dtaca le haicme aoise, agus spásáil rialta eatarthu; áirítear leis plandálacha gearruainíochta le haghaidh adhmaid, snáithín agus fuinnimh, agus eisiatar leis foraoisí a chuirtear le haghaidh cosanta nó athbhunú éiceachórais, mar aon le foraoisí a bhunaítear trí chur nó trí shíolú, atá nó a bheidh, tráth aibíocht na gclampaí, cosúil le foraoisí a athghintear go nádúrtha;
(12)
ciallaíonn “coillearnach eile” talamh nach n-aicmítear ina “fhoraois” is fairsinge ná 0.5 heicteár, agus í faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aici idir 5 % agus 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ, nó ar a bhfuil breis is 10 % de chumhdach comhcheangailte de thoir, sceacha agus crainn, seachas talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó úsáid talún uirbí den chuid is mó;
(13)
ciallaíonn “gan dífhoraoisiú” an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil sna táirgí ábhartha tráchtearraí ábhartha a táirgeadh le táirgí ábhartha ar thalamh nach ndearnadh dífhoraoisiú air tar éis an 31 Nollaig 2020, nó gur cothaíodh na táirgí leis na tráchtearraí sin nó gur úsáideadh na tráchtearraí sin lena ndéanamh; agus
(b)
i gcás táirgí ábhartha a bhfuil adhmad iontu nó ar úsáideadh adhmad lena ndéanamh, gur lománaíodh an t-adhmad ón bhforaois gan bheith ina chúis le díghrádú foraoisí tar éis an 31 Nollaig 2020;
(14)
ciallaíonn “táirgthe” fásta, lománaithe nó tógtha ar dháileachtaí ábhartha talún nó bunaíochtaí i gcás eallaí, nó faighte orthu;
▼M2
(15)
ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó a onnmhairíonn iad, le linn gníomhaíocht tráchtála, seachas oibreoirí iartheachtacha;
▼M2
(15a)
ciallaíonn “micrea-oibreoir príomhúil nó oibreoir príomhúil beag” oibreoir ar duine nádúrtha nó micreaghnóthas nó gnóthas beag é, de réir bhrí Airteagal 3(1) agus Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, faoi seach, de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
), gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, atá bunaithe i dtír a aicmítear mar thír ísealriosca i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo, agus a dhéanann, le linn gníomhaíocht tráchtála, táirgí ábhartha a chur ar an margadh nó a onnmhairiú, ar táirgí iad a d’fhás, a lománaigh, a fuair nó a thóg an t-oibreoir sin féin ar dháileachtaí ábhartha talún nó i gcás eallaí, ar bhunaíochtaí atá lonnaithe sa tír sin; áirítear leis sin oibreoirí a sháraíonn teorainneacha dhá cheann ar a laghad de na trí chritéar a leagtar amach in Airteagal 3(1) agus (2), an chéad fhomhír, de Threoir 2013/34/AE ach ar féidir leo a léiriú nach ndéanann na codanna d’iomlán a gcláir chomhardaithe, glanláimhdeachas agus meánlíon fostaithe le linn na bliana airgeadais, a bhaineann leis na tráchtearraí ábhartha agus na táirgí ábhartha teorainneacha, dhá cheann ar a laghad de thrí cinn de na critéir sin a shárú;
(15b)
ciallaíonn “oibreoir iartheachtach” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó a onnmhairíonn táirgí ábhartha, le linn gníomhaíocht tráchtála, ar táirgí iad a dhéantar le táirgí ábhartha agus a bhfuil gach ceann díobh cumhdaithe le ráiteas maidir le dícheall cuí nó le dearbhú simplithe;
▼B
(16)
ciallaíonn “cur ar an margadh” táirge ábhartha nó tráchtearra ábhartha a chur ar fáil den chéad uair ar mhargadh an Aontais;
▼M2
(17)
ciallaíonn “trádálaí” aon duine sa slabhra soláthair, seachas an t-oibreoir nó an t-oibreoir iartheachtach, a chuireann táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála;
▼B
(18)
ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” táirge ábhartha a sholáthar lena dháileadh, lena ídiú nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce;
▼M2
(19)
ciallaíonn “le linn gníomhaíocht tráchtála” chun críche próiseála, le dáileadh ar thomhaltóirí tráchtála nó neamhthráchtála, nó lena úsáid i ngnó an oibreora, an oibreora iartheachtaigh nó an trádálaí féin;
▼B
(20)
ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach nó aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é, ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an acmhainneacht ag an duine sin gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh;
(21)
ciallaíonn “duine atá bunaithe san Aontas”:
(a)
i gcás duine nádúrtha, aon duine a bhfuil a áit nó a háit chónaithe san Aontas;
(b)
i gcás duine dhlítheanaigh nó comhlachais daoine, aon duine a bhfuil a oifig chláraithe, a cheannáras lárnach nó buanbhunaíocht ghnó aige san Aontas;
▼M2
(22)
ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige, i gcomhréir le hAirteagal 6, ó oibreoir chun gníomhú thar a cheann i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an oibreora faoin Rialachán seo;
▼B
(23)
ciallaíonn “tír thionscnaimh” tír nó críoch dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(24)
ciallaíonn “tír tháirgthe” an tír nó an chríoch inar táirgeadh an tráchtearra ábhartha, nó an tráchtearra ábhartha a úsáideadh i dtáirgeadh táirge ábhartha, nó an tráchtearra ábhartha atá i dtáirge ábhartha;
(25)
ciallaíonn “táirgí neamhchomhlíontacha” táirgí ábhartha nach gcomhlíonann Airteagal 3;
(26)
ciallaíonn “riosca diomaibhseach” an leibhéal riosca a bhfuil feidhm aige maidir le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha, más rud é, ar bhonn measúnaithe iomlán ar fhaisnéis tháirgeshonrach agus ghinearálta, agus, i gcás inar gá, ar chur i bhfeidhm na mbeart maolaithe iomchuí, nach léirítear leis na tráchtearraí nó na táirgí sin aon chúis imní nach gcomhlíontar leo Airteagal 3, pointe (a) nó (b);
(27)
ciallaíonn “dáileacht talún” talamh laistigh de réadmhaoin aonair, mar a aithnítear le dlí na tíre táirgthe, ag a bhfuil dálaí atá aonchineálach go leor chun go mbeifear in ann meastóireacht a dhéanamh ar an leibhéal comhiomlánaithe ar riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise atá bainteach le tráchtearraí ábhartha a tháirgtear ar an talamh sin;
(28)
ciallaíonn “geoshuíomh” suíomh geografach dáileacht talún a ndéantar cur síos air trí bhíthin comhordanáidí domhanleithid agus domhanfhaid a chomhfhreagraíonn do phointe domhanleithid amháin agus domhanfhaid amháin ar a laghad agus a úsáideann sé dhigit dheachúla ar a laghad; i gcás dáileachtaí talún ina mbeidh níos mó ná ceithre heicteár a úsáidtear chun tráchtearraí ábhartha seachas eallach a táirgeadh, cuirfear an suíomh geografach ar fáil agus úsáid á baint as polagáin, le pointí domhanleithid agus domhanfhaid leordhóthanacha chun cur síos a dhéanamh ar imlíne gach dáileachta talún.
(29)
ciallaíonn “bunaíocht” aon áitreabh, déanmhas, nó, i gcás feirmeoireacht faoin aer, aon timpeallacht nó áit, ina gcoimeádtar beostoic, ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan;
▼M2
(30)
ciallaíonn “micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide” nó “FBManna” micreaghnóthais agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil, de réir bhrí Airteagal 3(1), Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, agus Airteagal 3(3), faoi seach, de Threoir 2013/34/AE;
▼B
(31)
ciallaíonn “ábhar imní a bhfuil bunús leis” maíomh cuí-réasúnaithe bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil agus infhíoraithe maidir le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo agus lena bhféadfar idirghabháil ó na húdaráis inniúla a cheangal;
(32)
ciallaíonn “údaráis inniúla” na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 14(1);
(33)
ciallaíonn “údaráis chustaim” údaráis chustaim mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(34)
ciallaíonn “críoch chustaim” críoch mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(35)
ciallaíonn “tríú tír” tír nó críoch lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais;
(36)
ciallaíonn “scaoileadh i saorchúrsaíocht” an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(37)
ciallaíonn “onnmhairiú” an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 269 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(38)
ciallaíonn “táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh” táirgí ábhartha ó thríú tíortha a chuirtear faoin nós imeachta custaim “scaoileadh i saorchúrsaíocht” a bheartaítear a chur ar mhargadh an Aontais agus nach mbeartaítear le haghaidh úsáid nó ídiú príobháideach laistigh de chríocha custaim an Aontais;
(39)
ciallaíonn “táirgí ábhartha a chuirtear amach as an margadh” táirgí ábhartha a chuirtear faoin nós imeachta custaim “onnmhairiú”;
(40)
ciallaíonn “reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe” na dlíthe is infheidhme sa tír tháirgthe maidir le stádas dlíthiúil an limistéir táirgthe i dtéarmaí na nithe seo a leanas:
(c)
rialacha a bhaineann le foraoisí, lena n-áirítear bainistiú foraoisí agus caomhnú na bithéagsúlachta, i gcás ina bhfuil baint dhíreach acu le lománaíocht adhmaid;
(f)
cearta an duine a chosnaítear faoin dlí idirnáisiúnta;
(g)
prionsabal an tsaorthoilithe fheasaigh roimh ré (FPIC), lena n-áirítear mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;
(h)
rialacháin chánach, frithéillithe, trádála agus chustaim;
|
|
Airteagal 3 Toirmeasc
|
Airteagal 3
Ní dhéanfar tráchtearraí ábhartha ná táirgí ábhartha a chur ná a chur ar fáil ar an margadh, ná a onnmhairiú ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
tá siad gan dífhoraoisiú;
(b)
táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe; agus
▼M2
(c)
cumhdaítear iad le ráiteas maidir le dícheall cuí nó le dearbhú simplithe, mar a cheanglaítear le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|