+Airteagal 4 Oibleagáidí oibreoirí
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.

Airteagal 4 Oibleagáidí oibreoirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Feidhmeoidh oibreoirí dícheall cuí i gcomhréir le hAirteagal 8 sula gcuirfidh siad táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n-onnmhaireoidh siad iad chun a chruthú go gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3.
Airteagal 4 2.
Ní chuirfidh oibreoirí táirgí ábhartha ar an margadh ná ní dhéanfaidh oibreoirí iad a onnmhairiú gan ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach roimh ré. Maidir le hoibreoirí a thagann ar an gconclúid, agus dícheall cuí dá dtagraítear in Airteagal 8 á fheidhmiú acu, go gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, cuirfidh siad ráiteas maidir le dícheall cuí ar fáil do na húdaráis inniúla tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 sula gcuirfidh siad na táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n-onnmhaireofaidh siad iad. Is éard a bheidh i ráiteas maidir le dícheall cuí den sórt sin, atá ar fáil agus in-tarchurtha go leictreonach an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh na dtáirgí ábhartha agus deimhniú ón oibreoir go ndearna sé dícheall cuí a fheidhmiú agus nach bhfuarthas aon riosca nó nach bhfuarthas ach riosca diomaibhseach.
Airteagal 4 3.
Tríd an ráiteas maidir le dícheall cuí a chur ar fáil d’údaráis inniúla nó, i gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga, tríd an dearbhú simplithe dá dtagraítear in Airteagal 4a a chur isteach, glacfaidh an t-oibreoir freagracht air nó uirthi féin as comhlíontacht an táirge ábhartha le hAirteagal 3. Coimeádfaidh oibreoirí taifead ar na ráitis maidir le dícheall cuí ar feadh 5 bliana ón dáta a thíolacfar an ráiteas tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.
Airteagal 4 4.

Ní chuirfidh oibreoirí táirgí ábhartha ar an margadh ná ní dhéanfaidh siad na táirgí sin a onnmhairiú má bhíonn feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a) 

tá na táirgí ábhartha neamhchomhlíontacha;

(b) 

nochtadh le feidhmiú díchill chuí riosca neamhdhiomaibhseach go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontacha;

(c) 

ní raibh an t-oibreoir in ann na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chomhlánú.

Airteagal 4 5.
Maidir le hoibreoirí a fhaigheann faisnéis ábhartha nua nó a chuirtear ar an eolas iad ina leith, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo, ina léirítear gur ann do riosca nach gcomhlíonann táirge ábhartha atá curtha ar an margadh acu an Rialachán seo, cuirfidh siad údaráis inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ábhartha ar an margadh, chomh maith leis na hoibreoirí iartheachtacha agus na trádálaithe ar sholáthair siad an táirge ábhartha dóibh, ar an eolas láithreach. I gcás onnmhairí, cuirfidh oibreoirí údarás inniúil an Bhallstáit, arb í an tír tháirgthe í, ar an eolas.
Airteagal 4 6.
Tabharfaidh na hoibreoirí gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun déanamh na seiceálacha faoi Airteagal 18 a éascú, lena n-áirítear rochtain ar áitreabh agus doiciméad agus taifead a chur ar fáil.
Airteagal 4 7.
Cuirfidh oibreoirí na hoibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe atá níos faide síos an slabhra soláthair ar an eolas faoi na táirgí ábhartha a chuir siad ar an margadh nó a d’onnmhairigh siad, uimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí nó, más infheidhme, na haitheantóirí dearbhúcháin a bhaineann leis na táirgí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.