+Airteagal 5 Oibleagáidí oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.

Airteagal 5 Oibleagáidí oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Ní dhéanfaidh oibreoirí iartheachtacha ná trádálaithe táirgí ábhartha a chur ar an margadh nó a chur fáil ar an margadh nó a onnmhairiú ach amháin má tá an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3 ina seilbh acu.
Airteagal 5 2.
Oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad (“oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad”) agus trádálaithe nach FBManna iad (“trádálaithe nach trádálaithe FBManna iad”), cláróidh siad sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 sula ndéanfaidh siad táirgí ábhartha a chur nó a chur ar fail ar an margadh nó sula n-onnmhaireoidh siad iad.
Airteagal 5 3.

Baileoidh agus coinneoidh oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis na táirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur nó a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú:

(a) 

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus, má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na n-oibreoirí, na n-oibreoirí iartheachtacha nó na dtrádálaithe a sholáthair na táirgí ábhartha dóibh, chomh maith le, i gcás inar oibreoir é an soláthróir agus sa chás sin amháin, uimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí nó na haitheantóirí dearbhúcháin a bhaineann leis na táirgí sin;

(b) 

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus, má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na n-oibreoirí iartheachtacha nó na dtrádálaithe ar sholáthair siad na táirgí ábhartha dóibh.

Airteagal 5 4.
Déanfaidh oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad ón dáta a cuireadh nó a cuireadh ar fáil ar an margadh iad agus a onnmhairíodh iad, agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla, arna hiarraidh sin.
Airteagal 5 5.
Maidir le hoibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe a fhaigheann faisnéis ábhartha nua nó a chuirtear ar an eolas iad ina leith, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo, ina léirítear gur ann do riosca nach gcomhlíonann táirge ábhartha atá curtha nó curtha ar fáil ar an margadh acu an Rialachán seo, cuirfidh siad údaráis inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ábhartha ar an margadh nó inar chuir siad an táirge ábhartha ar fáil ar an margadh, chomh maith leis na hoibreoirí iartheachtacha agus na trádálaithe ar sholáthair siad an táirge ábhartha dóibh, ar an eolas láithreach. I gcás onnmhairí, cuirfidh oibreoirí iartheachtacha údarás inniúil an Bhallstáit, arb í an tír tháirgthe í, ar an eolas.
Airteagal 5 6.
Má fhaigheann oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach FBManna iad faisnéis ábhartha, nó má chuirtear ar an eolas iad faoi fhaisnéis ábhartha, lena léirítear nach bhfuil táirge ábhartha i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, sula gcuirtear táirgí ábhartha ar an margadh nó sula gcuirfear iad ar fáil ar an margadh nó sula ndéantar iad a onnmhairiú, déanfaidh siad údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil sé beartaithe acu an táirge ábhartha a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh nó óna bhfuil sé beartaithe acu an táirge ábhartha a onnmhairiú a chur ar an eolas láithreach. I gcás ábhair imní a bhfuil bunús leo, fíoróidh siad gur feidhmíodh dícheall cuí agus nár aimsíodh aon riosca nó nár aimsíodh ach riosca diomaibhseach. Ní chuirfidh siad táirgí ábhartha ar an margadh ná ní chuirfidh siad táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh ná ní dhéanfaidh siad iad a onnmhairiú ach amháin má léirítear leis an bhfíorúcháin nach bhfuil aon riosca neamhchomhlíonta ann nó nach bhfuil ach riosca diomaibhseach neamhchomhlíonta ann.
Airteagal 5 7.
Tabharfaidh na hoibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun déanamh na seiceálacha faoi Airteagal 19 a éascú, lena n-áirítear rochtain ar áitreabh agus doiciméad agus taifead a chur ar fáil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.