+Airteagal 13 Dícheall cuí simplithe
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
|
Airteagal 13 Dícheall cuí simplithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Agus táirgí ábhartha á gcur ar an margadh nó á n-onnmhairiú, ní cheanglaítear ar oibreoirí na hoibleagáidí faoi Airteagail 10 agus 11 a chomhlíonadh, más rud é, tar éis measúnú a bheith déanta ar chastacht an tslabhra soláthair ábhartha agus ar an riosca a bhaineann le himchéimniú an Rialacháin seo nó meascadh le táirgí de thionscnamh anaithnid nó de thionscnamh tíortha ardriosca nó gnáthriosca nó codanna ardriosca nó gnáthriosca díobh, go bhfionnfaidh siad gur táirgeadh na tráchtearraí ábhartha agus na táirgí ábhartha uile i dtíortha nó i gcodanna díobh a aicmíodh mar thíortha nó mar chodanna ísealriosca i gcomhréir le hAirteagal 29. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an t-oibreoir doiciméadacht ábhartha ar fáil don údarás inniúil, arna iarraidh sin, ina léirítear go bhfuil riosca diomaibhseach ann maidir le himchéimniú an rialacháin seo nó meascadh le táirgí de thionscnamh anaithnid nó de thionscnamh tíortha ardriosca nó gnáthriosca nó codanna díobh.
|
|
Airteagal 13 2.
|
D’anneoin mhír 1 den Airteagal seo, más rud é go bhfaighidh an t-oibreoir, nó go gcuirfear an t-oibreoir ar an eolas faoi, aon fhaisnéis ábhartha, lena n-áirítear mar thoradh ar an measúnú arna dhéanamh faoi mhír 1 den Airteagal seo, agus lena n-áirítear faisnéis maidir le hábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach faoi Airteagal 31, a d’fhéadfadh riosca a léiriú nach gcomhlíontar an Rialachán seo leis na táirgí ábhartha, nó go ndéanfar an Rialacháin a imchéimniú, déanfaidh an t-oibreoir oibleagáidí uile de chuid Airteagail 10 agus 11 a chomhlíonadh agus cuirfidh sé aon fhaisnéis ábhartha in iúl láithreach don údarás inniúil.
|
|
Airteagal 13 3.
|
I gcás ina gcuirtear údarás inniúil ar an eolas faoi aon fhaisnéis lena dtabharfaí le tuiscint gur ann do riosca maidir leis an Rialacháin seo a imchéimniú, lena n-áirítear i gcásanna ina ndéantar tráchtearraí ábhartha nó táirgí ábhartha a tháirgeadh i dtír ghnáthriosca nó ardriosca nó i gcuid di ina ndéantar iad a phróiseáil ina dhiaidh sin i dtír ísealriosca nó i gcuid di óna gcuirfear ar an margadh iad nó óna gcuirfear iad amach as, déanfaidh an t-údarás inniúil gníomh láithreach i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus, i gcás inar gá, glacfaidh sé bearta eatramhacha i gcomhréir le hAirteagal 23
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|