+Airteagal 15 Cúnamh teicniúil, treoir agus malartú faisnéise
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
|
Airteagal 15 Cúnamh teicniúil, treoir agus malartú faisnéise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Gan dochar d’oibleagáid na n-oibreoirí dícheall cuí a fheidhmiú mar a leagtar amach in Airteagal 8 í, féadfaidh na Ballstáit cúnamh teicniúil agus cúnamh agus treoraíocht eile a sholáthar do na hoibreoirí. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoir a thabhairt freisin, i gcás inar gá, d’oibreoirí agus d’údaráis inniúla. Cuirfear san áireamh i gcúnamh teicniúil agus i gcúnamh agus i dtreoir eile staid FBManna, lena n-airítear micrifhiontar, agus daoine nádúrtha, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le sonraí ó chórais ábhartha a thiontú chun an geoshuíomh sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 a shainaithint. Cuirfear san áireamh ann freisin gníomhartha dlí ábhartha reatha an Aontais agus gníomhartha dlí ábhartha a bheidh ann amach anseo lena mbaineann oibleagáidí díchill chuí.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Éascóidh na Ballstáit malartú agus scaipeadh faisnéise ábhartha, go háirithe d’fhonn cabhrú le hoibreoirí measúnú a dhéanamh ar rioscaí de réir mar a leagtar amach in Airteagal 10, agus faoi dhea-chleachtais maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún faireachán leanúnach agus faisnéis a mhalartú maidir le haon athrú suntasach ar phatrún trádála na dtáirgí ábhartha a bhféadfaí a bheith ina chúis leis an Rialachán seo a imchéimniú.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Déanfar an cúnamh a sholáthar ar shlí nach ndéanann dochar do neamhspleáchas, oibleagáidí dlíthiúla ná freagrachtaí na n-údarás inniúil maidir leis an Rialachán seo a fhorfheidhmiú.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Féadfaidh an Coimisiún éascú a dhéanamh ar chur chun feidhme comhchuibhithe an Rialacháin seo, trí threoirlínte ábhartha a eisiúint agus trí mhalartú leanúnach a áirithiú le saineolaithe, páirtithe leasmhara agus oibrithe ábhartha uile, lena n-áirítear micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga, oibreoirí iartheachtacha agus trádalaithe, trí dhea-chleachtais a fhorbairt agus trí aiseolas teicniúil a bhailiú ó Shainghrúpa an Choimisiúin/an Ardáin Ilgheallsealbhóra maidir le Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú, agus trí mhalartú faisnéise leordhóthanach, comhordú agus comhar a chur chun cinn idir údaráis inniúla, idir údaráis inniúla agus údaráis chustaim, agus idir údaráis inniúla agus an Coimisiún.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|