|
+Airteagal 16 5. |
Airteagal 16 5.Chun críocha na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, bunóidh na húdaráis inniúla pleananna bliantúla ina mbeidh, ar a laghad, an méid seo a leanas:
(a)
critéir riosca náisiúnta, a bhunaítear i gcomhréir le mír 3, chun na seiceálacha a bheidh le déanamh a shainaithint; ag cur le haon chritéir riosca ar leibhéal an Aontais arna leagan amach ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4, agus áireofar orthu ar bhonn córasach critéir riosca i ndáil leis na tíortha nó le codanna na dtíortha sin a aicmítear mar thíortha nó mar chodanna ardriosca;
(b)
roghnú na n-oibreoirí, na n-oibreoirí iartheachtacha agus na dtrádálaithe atá le seiceáil; tá an roghnú sin le bheith bunaithe ar na critéir riosca náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a), agus úsáid á baint, inter alia, as faisnéis atá sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 agus as teicnící leictreonacha próiseála sonraí; maidir le gach oibreoir, oibreoir iartheachtach nó trádálaí a bheidh le seiceáil, féadfaidh údaráis inniúla ráitis ar leith maidir le dícheall cuí a bheidh le seiceáil a shainaithint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|