+Airteagal 16 Oibleagáidí chun seiceálacha a dhéanamh
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16 7.
---+Airteagal 16 8.
---+Airteagal 16 9.
---+Airteagal 16 10.
---+Airteagal 16 11.
---+Airteagal 16 12.
---+Airteagal 16 13.
---+Airteagal 16 14.
---+Airteagal 16 15.

Airteagal 16 Oibleagáidí chun seiceálacha a dhéanamh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha laistigh dá gcríoch chun a shuí cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe atá bunaithe san Aontas an Rialachán seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha laistigh dá gcríoch chun a shuí cibé acu a chomhlíonfar nó nach gcomhlíonfar an Rialachán seo leis na táirgí ábhartha arna gcur, arna gcur ar fáil ar an margadh nó arna onnmhairiú ag an oibreoir nó ag an trádálaí, nó a bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir nó an trádálaí iad a chur, a chur ar fáil ar an margadh, nó a onnmhairiú.
Airteagal 16 2.
Déanfar na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagail 18 agus 19.
Airteagal 16 3.
Úsáidfidh na húdaráis inniúla cur chuige rioscabhunaithe chun na seiceálacha atá le déanamh a shainaithint. Sainaithneofar critéir riosca bunaithe ar anailís ar na rioscaí nach gcomhlíonfar an Rialachán seo, agus an méid a leanas á chur san áireamh go háirithe: na tráchtearraí ábhartha, castacht agus fad slabhraí soláthair, lena n-áirítear an bhfuil meascadh táirgí ábhartha i gceist leo, agus céim phróiseála an táirge ábhartha, an bhfuil na dáileachta talún lena mbaineann cóngarach d’fhoraoisí, riosca a shannadh do thíortha nó do chodanna díobh i gcomhréir le hAirteagal 29, agus aird ar leith á tabhairt ar staid na dtíortha nó gcodanna díobh a aicmítear mar thíortha nó mar chodanna ardriosca, a mhéid nár chomhlíon oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha nó trádálaithe an Rialachán seo feadh an tslabhra soláthair ábhartha san am a chuaigh thart, rioscaí i ndáil le himchéimniú agus aon fhaisnéis ábhartha eile. Leis an anailís ar rioscaí, cuirfear leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus féadfar tógáil ar an bhfaisnéis atá sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33, agus féadfar foinsí ábhartha eile a bheith mar thaca leis, amhail sonraí faireacháin, próifílí riosca ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach faoi Airteagal 31, nó conclúidí ó chruinnithe saineolaithe de chuid an Choimisiúin.
Airteagal 16 4.
Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, critéir riosca tháscacha a bhunú, agus a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le mír 3, agus cuirfidh sé in iúl d’údaráis inniúla iad.
Airteagal 16 5.

Chun críocha na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, bunóidh na húdaráis inniúla pleananna bliantúla ina mbeidh, ar a laghad, an méid seo a leanas:

(a) 

critéir riosca náisiúnta, a bhunaítear i gcomhréir le mír 3, chun na seiceálacha a bheidh le déanamh a shainaithint; ag cur le haon chritéir riosca ar leibhéal an Aontais arna leagan amach ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4, agus áireofar orthu ar bhonn córasach critéir riosca i ndáil leis na tíortha nó le codanna na dtíortha sin a aicmítear mar thíortha nó mar chodanna ardriosca;

▼M2

(b) 

roghnú na n-oibreoirí, na n-oibreoirí iartheachtacha agus na dtrádálaithe atá le seiceáil; tá an roghnú sin le bheith bunaithe ar na critéir riosca náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a), agus úsáid á baint, inter alia, as faisnéis atá sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 agus as teicnící leictreonacha próiseála sonraí; maidir le gach oibreoir, oibreoir iartheachtach nó trádálaí a bheidh le seiceáil, féadfaidh údaráis inniúla ráitis ar leith maidir le dícheall cuí a bheidh le seiceáil a shainaithint.

▼B

Airteagal 16 6.
Leis an athbhreithniú bliantúil ar phleananna na n-údarás inniúil, cuirfear go córasach le torthaí na seiceálacha agus leis an taithí maidir le cur chun feidhme na bpleananna dá dtagraítear i mír 5 chun a n-éifeachtacht a fheabhsú.
Airteagal 16 7.
Cuirfidh na húdaráis inniúla na pleananna seiceálacha, mar aon le nuashonruithe orthu, in iúl d’údaráis inniúla eile agus don Choimisiún. Malartóidh údaráis inniúla faisnéis maidir le forbairt agus le cur i bhfeidhm na gcritéar riosca dá dtagraítear i mír 5 le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún, agus comhordóidh siad forbairt agus cur i bhfeidhm na gcritéar sin, chun feabhas a chur ar éifeachtacht fhorfheidhmiú an Rialacháin seo.
Airteagal 16 8.
Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla de bhun mhír 1 den Aireagal seo, ar a laghad 3 % de na hoibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach FBManna iad a dhéanann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, agus a táirgeadh i dtír tháirgthe nó i gcodanna de thír tháirgthe a aicmítear mar thír ghnáthriosca nó mar chodanna gnáthriosca i gcomhréir le hAirteagal 29 a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú.
Airteagal 16 9.
Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar a laghad 9 % de na hoibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach FBManna iad a dhéanann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú, chomh maith le 9 % de chainníocht na dtáirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, agus a táirgeadh i dtír nó i gcodanna de thír a aicmítear mar thír nó mar chodanna ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 29.
Airteagal 16 10.
Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar a laghad 1 % de na hoibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach FBManna iad a dhéanann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh agus a táirgeadh i dtír nó i gcodanna de thír a aicmítear mar thír nó mar chodanna ísealriosca, i gcomhréir le hAirteagal 29 a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú.
Airteagal 16 11.
Déanfar cuspóirí cainníochtaithe na seiceálacha atá le déanamh ag údaráis inniúla a chomhlíonadh ar leithligh i gcás gach ceann de na tráchtearraí ábhartha. Déanfar na cuspóirí cainníochtaithe a ríomh trí thagairt a dhéanamh don líon iomlán oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach trádálaithe FBManna iad a rinne táirgí ábhartha a chur, a chur ar fáil ar an margadh, nó a onnmhairiú sa bhliain roimhe sin, agus do chainníocht, i gcás inarb infheidhme. Measfar go mbeidh seiceáil déanta ar oibreoirí i gcás ina mbeidh seiceáil déanta ag an údarás inniúil ar na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointí (a) agus (b). Measfar go mbeidh seiceáil déanta ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe i gcás ina mbeidh seiceáil déanta ag an údarás inniúil ar na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 19(1).
Airteagal 16 12.
Gan dochar do na seiceálacha arna mbeartú roimh ré de bhun mhír 5 den Airteagal seo, déanfaidh údaráis inniúla seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nuair a gheobhaidh siad faisnéis nó nuair a chuirfear ar an eolas faoi fhaisnéis iad, lena n-áirítear faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní a bhfuil bunús leo, arna gcur isteach ag tríú páirtithe faoi Airteagal 31, a bhaineann le féidearthacht a bheith ann nach gcomhlíonfar an Rialachán seo.
Airteagal 16 13.
Déanfar seiceálacha gan réamhrabhadh a thabhairt don oibreoir, don oibreoir iartheachtach nó don trádálaí, ach amháin i gcás ina mbeidh gá le réamhfhógra a thabhairt don oibreoir, don oibreoir iartheachtach nó don trádálaí chun éifeachtacht na seiceálacha a áirithiú.
Airteagal 16 14.
Coimeádfaidh na húdaráis inniúla taifid ar na seiceálacha agus léireofar iontu, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, mar aon leis na bearta a rinneadh i gcás neamhchomhlíonta. Coimeádfar taifid ar na seiceálacha uile ar feadh 10 mbliana ar a laghad.
Airteagal 16 15.
Chun críocha Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), faisnéis faoin gcomhshaol a bheidh i dtaifid ar sheiceálacha a dhéanfar faoin Rialachán seo, agus i dtuairiscí ar a dtorthaí, agus cuirfear ar fáil iad arna iarraidh sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.