+Airteagal 21 Comhar agus faisnéis a mhalartú
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
|
Airteagal 21 Comhar agus faisnéis a mhalartú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Rachaidh údaráis inniúla i gcomhar le chéile, le húdaráis chustaim óna mBallstát féin, le húdaráis inniúla agus le húdaráis chustaim ó Bhallstáit eile, leis an gCoimisiún agus, i gcás inar gá, leis na húdaráis riaracháin de chuid tríú tíortha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme iniúchtaí allamuigh.
|
|
Airteagal 21 2.
|
Bunóidh údaráis inniúla socruithe riaracháin leis an gCoimisiún maidir le faisnéis faoi imscrúduithe a tharchur agus leis an mbealach a ndéanfar imscrúduithe. Cuirfidh údaráis inniúla in iúl don Choimisiún freisin aon earráidí teicniúla doiciméadaithe suntasacha nó aon suaití suntasacha a eascraíonn as an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Malartóidh údaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. Áireofar leis sin rochtain ar fhaisnéis ar oibreoirí, ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus faisnéis ina leith a mhalartú leo, lena n-áirítear ráitis maidir le dícheall cuí agus dearbhú simplithe i gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga, agus cineál agus torthaí na seiceálacha a rinneadh, chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a éascú.
|
|
Airteagal 21 4.
|
Tabharfaidh údaráis inniúla foláireamh láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún nuair a bhraitheann siad aon neamhchomhlíonadh féideartha leis an Rialachán seo agus easnaimh thromchúiseacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh údaráis inniúla, go háirithe, údaráis inniúla na mBallstát eile a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad táirge ábhartha ar an margadh a mheasann siad a bheith ina táirge neamhchomhlíontach, chun é a chur ar a gcumas dóibh táirge den sórt sin a aistarraingt nó a aisghairm ó dhíolacháin sna Ballstáit uile.
|
|
Airteagal 21 5.
|
Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá a sholáthar d’údarás inniúil, arna iarraidh sin aige, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|