|
+Airteagal 22 1. |
Airteagal 22 1.Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún le linn na bliana féilire roimhe. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:
(a)
na pleananna seiceálacha agus na critéir riosca ar ar bunaíodh na pleananna sin;
(b)
líon agus torthaí na seiceálacha a rinneadh ar oibreoirí, ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe agus an líon iomlán oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus nach FBManna iad, lena n-áirítear na cineálacha neamhchomhlíontachta a sainaithníodh;
(c)
cainníocht na dtáirgí ábhartha arna seiceáil i ndáil le cainníocht iomlán na dtáirgí ábhartha arna gcur ar an margadh nó arna n-onnmhairiú agus arna gcumhdach le ráiteas maidir le dícheall cuí sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo; na tíortha táirgthe; maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe, nó, i ngach cás eile, ní mór an chainníocht a shloinneadh i nglanmhais nó, i gcás inarb infheidhme, glantoirt nó líon na n-ítimí; beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí;
(d)
i gcásanna neamhchomhlíontachta, an gníomh ceartaitheach a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24 agus na pionóis a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 25,
(e)
céatadán na seiceálacha a dhéanfar le réamhrabhadh de bhun Airteagal 16(13), agus údar lena n-úsáid á thabhairt ag na húdaráis inniúla ina dtuarascálacha ar sheiceálacha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|