+Airteagal 22 Tuairisciú
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.

Airteagal 22 Tuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1.

Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún le linn na bliana féilire roimhe. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a) 

na pleananna seiceálacha agus na critéir riosca ar ar bunaíodh na pleananna sin;

▼M2

(b) 

líon agus torthaí na seiceálacha a rinneadh ar oibreoirí, ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe agus an líon iomlán oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus nach FBManna iad, lena n-áirítear na cineálacha neamhchomhlíontachta a sainaithníodh;

(c) 

cainníocht na dtáirgí ábhartha arna seiceáil i ndáil le cainníocht iomlán na dtáirgí ábhartha arna gcur ar an margadh nó arna n-onnmhairiú agus arna gcumhdach le ráiteas maidir le dícheall cuí sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo; na tíortha táirgthe; maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe, nó, i ngach cás eile, ní mór an chainníocht a shloinneadh i nglanmhais nó, i gcás inarb infheidhme, glantoirt nó líon na n-ítimí; beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí;

▼B

(d) 

i gcásanna neamhchomhlíontachta, an gníomh ceartaitheach a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24 agus na pionóis a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 25,

(e) 

céatadán na seiceálacha a dhéanfar le réamhrabhadh de bhun Airteagal 16(13), agus údar lena n-úsáid á thabhairt ag na húdaráis inniúla ina dtuarascálacha ar sheiceálacha.

Airteagal 22 2.
Faoin 30 Deireadh Fómhair gach bliain, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin forbhreathnú uile-Aontais ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fáil go poiblí, ar bhonn na sonraí a chuirfidh na Ballstáit isteach faoi mhír 1.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.