+Airteagal 27 Comhar agus malartú faisnéise i measc na n-údarás
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.

Airteagal 27 Comhar agus malartú faisnéise i measc na n-údarás

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1.
Chun gur féidir an cur chuige rioscabhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 16(5) a chumasú le haghaidh táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as agus chun a áirithiú go mbeidh na seiceálacha éifeachtach agus go ndéanfar iad i gcomhréir leis an Rialachán seo, rachaidh an Coimisiún, údaráis inniúla agus údaráis chustaim i ndlúthchomhar le chéile agus malartóidh siad faisnéis eatarthu féin.
Airteagal 27 2.
Rachaidh údaráis chustaim agus údaráis inniúla i gcomhar le chéile i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus malartóidh siad an fhaisnéis is gá chun a bhfeidhmeanna faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí mheán leictreonach.
Airteagal 27 3.
Féadfaidh na húdaráis chustaim faisnéis rúnda a fhaigheann na húdaráis chustaim agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda do na húdaráis chustaim, a chur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-oibreoir, an t-oibreoir iartheachtach, an trádálaí nó an t-ionadaí údaraithe bunaithe.
Airteagal 27 4.
I gcás ina bhfuair na húdaráis inniúla faisnéis i gcomhréir le an Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis sin a chur in iúl d’údaráis inniúla Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 21(3).
Airteagal 27 5.

Malartófar faisnéis a bhaineann le riosca mar a leanas:

(a) 

idir údaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 46(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(b) 

idir údaráis chustaim agus an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(c) 

idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla, lena n-áirítear údaráis inniúla Ballstát eile, i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.