+Airteagal 30 Comhar le tríú tíortha
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
|
Airteagal 30 Comhar le tríú tíortha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
Laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, rachaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais agus na Ballstáit leasmhara, i gcur chuige comhordaithe, i gcomhar le tíortha táirgeachta agus le codanna díobh, a mbaineann an Rialachán seo leo, go háirithe na tíortha sin a aicmiú mar thíortha ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 29, trí chomhpháirtíochtaí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, agus trí shásraí comhair ábhartha eile chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar bhunchúiseanna an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí. Forbróidh an Coimisiún creat straitéiseach cuimsitheach de chuid an Aontais don chomhar sin agus breithneoidh sé ar ionstraimí ábhartha an Aontais a shlógadh. Díreofar leis na sásraí comhpháirtíochta agus comhair sin ar chaomhnú, athchóiriú agus úsáid inbhuanaithe foraoisí, ar an dífhoraoisiú, ar an díghrádú foraoisí agus ar an aistriú chuig modhanna inbhuanaithe táirgthe tráchtearraí, próiseála tomhaltais agus trádála. Le sásraí comhpháirtíochta agus comhair, féadfar idirphlé struchtúrtha, socruithe riaracháin, agus comhaontuithe atá ann cheana nó forálacha díobh, chomh maith le treochláir chomhpháirteacha lena gcumasaítear an t-aistriú chuig táirgeadh talmhaíochta lena n-éascaítear comhlíonadh an Rialacháin seo, a áireamh agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais na bpobal dúchasach, na bpobal áitiúil agus na bhfeirmeoirí beaga agus rannpháirtíocht na ngníomhaithe leasmhara uile á háirithiú.
|
|
Airteagal 30 2.
|
Le comhpháirtíochtaí agus comhar, ceadófar rannpháirtíocht iomlán gach geallsealbhóra, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, pobail dhúchasacha, pobail áitiúla, mná, an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear micrifhiontair agus FBManna eile, agus feirmeoirí beaga. Le comhpháirtíochtaí agus comhar, tacófar freisin le hidirphlé cuimsitheach agus rannpháirteach nó tionscnófar an t-idirphlé sin maidir le próisis náisiúnta athchóirithe dlí agus rialachais chun rialachas foraoise a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar thosca intíre lena gcuirtear leis an dífhoraoisiú.
|
|
Airteagal 30 3.
|
Le comhpháirtíochtaí agus comhar, cuirfear forbairt chun cinn i dtaca le próisis chomhtháite um pleanáil talamhúsáide, mar aon le reachtaíocht ábhartha na dtíortha táirgthe, próisis ilgheallsealbhóra, dreasachtaí fioscacha nó tráchtála agus uirlisí eile a bhaineann le hábhar chun feabhas a chur ar chaomhnú foraoisí agus na bithéagsúlachta, bainistíocht inbhuanaithe agus athbhunú foraoisí, dul i ngleic le foraoisí agus le héiceachórais leochaileacha a bheith á n-athrú ina n-úsáidí eile talún, barrfheabhas a chur ar ghnóthachain le haghaidh an tírdhreacha, slándáil tionachta, táirgeacht talmhaíochta agus an t-iomaíochas, agus trédhearcacht slabhraí soláthair, cearta na bpobal a bhraitheann ar fhoraoisí a neartú, lena n-áirítear feirmeoirí beaga, pobail áitiúla, agus pobail dhúchasacha, a bhfuil a gcearta leagtha amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, agus áiritheofar rochtain an phobail ar dhoiciméid bainistíochta foraoisí agus ar fhaisnéis ábhartha eile.
|
|
Airteagal 30 4.
|
Laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, rachaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, nó na Ballstáit, nó iad araon, i mbun plé déthaobhach agus iltaobhach idirnáisiúnta maidir le beartais agus le gníomhaíochtaí chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí a stopadh, lena n-áirítear i bhfóraim iltaobhacha amhail an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac, Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, Fóram na Náisiún Aontaithe maidir le Foraoisí, Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, G7 agus G20. Áireofar sa rannpháirtíocht sin cur chun cinn an aistrithe chuig táirgeacht inbhuanaithe talmhaíochta agus bainistíocht inbhuanaithe foraoise mar aon le forbairt slabhraí soláthair trédhearcacha inbhuanaithe mar aon le hiarrachtaí leabúnacha chun caighdeáin agus sainmhínithe láidre a shainaithint agus a chomhaontú lena n-áiritheofar leibhéal ard cosanta d’fhoraoisí agus d’éiceachórais nádúrtha eile agus cearta an duine a bhaineann leis sin.
|
|
Airteagal 30 5.
|
Laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, rachaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais agus na Ballstáit leasmhara, i mbun idirphlé agus comhar le tíortha tomhaltais móra eile, chun glacadh ceanglas uaillmhianach a chur chun cinn chun rannchuidiú na dtíortha sin leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a íoslaghdú, agus cothrom na Féinne domhanda a chur chun cinn.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|