+Airteagal 33 Córas faisnéise
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
---+Airteagal 33 5.

Airteagal 33 Córas faisnéise

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 33 1.
Faoin 30 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún córas faisnéise a bhunú agus a choimeád ar bun ina dhiadh, ina mbeidh na ráitis maidir le dícheall cuí gcur ar fáil de bhun Airteagal 4(2).
Airteagal 33 2.

Gan dochar do chomhlíonadh na n-oibleagáidí a bhunaítear i gCaibidil 2 agus 3, beidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas ar a laghad ag an gcóras faisnéise:

(a) 

oibreoirí agus trádálaithe agus a n-ionadaithe údaraithe san Aontas a chlárú; i gcás oibreoirí a chuireann táirgí ábhartha faoin nós imeachta custaim “scaoileadh i saorchúrsaíocht” nó “onnmhairiú”, áireofar ina bpróifíl clárúcháin an uimhir chláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíocha (EORI) a bhunaítear de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

▼M2

(aa) 

oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach FBManna iad a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 5(2);

▼M2

(b) 

ráitis maidir le dícheall cuí a chlárú lena n-áirítear uimhir thagartha le haghaidh gach ráitis maidir le dícheall cuí arna thíolacadh tríd an gcóras faisnéise a chur in iúl don oibreoir lena mbaineann;

(c) 

dearbhuithe simplithe arna dtíolacadh ag micrea-oibreoirí príomhúla nó ag oibreoirí príomhúla beaga a chlárú agus aitheantóir dearbhúcháin a shannadh don oibreoir lena mbaineann;

▼B

(d) 

i gcás inar féidir, sonraí ó chórais ábhartha a thiontú chun an geoshuíomh a shainaithint;

(e) 

toradh na seiceálacha ar ráitis maidir le dícheall cuí a chlárú;

(f) 

idirnascadh le húdaráis chustaim trí Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam i gcomhréir le hAirteagal 28, lena n-áirítear na fógraí agus na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 26(6) go (9) a cheadú;

▼M2

(g) 

faisnéis ábhartha a sholáthar chun tacú le próifíliú riosca do phlean na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 16(5), lena n-áirítear torthaí na seiceálacha, próifíliú riosca na n-oibreoirí, na n-oibreoirí iartheachtacha, na dtrádálaithe agus na dtráchtearraí ábhartha agus na dtáirgí ábhartha chun críche oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe atá le seiceáil dá dtagraítear in Airteagal 16(5) a shainaithint, bunaithe ar theicnící leictreonacha próiseála sonraí, agus chun críche táirgí ábhartha atá le seiceáil ag na húdaráis inniúla;

▼B

(h) 

cúnamh riaracháin agus comhar idir údaráis inniúla, agus idir údaráis inniúla agus an Coimisiún a éascú chun faisnéis agus sonraí a mhalartú;

▼M2

(i) 

tacú leis an gcumarsáid idir údaráis inniúla agus oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí uirlisí digiteacha bainistithe soláthair a úsáid.

Airteagal 33 3.

Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le feidhmiú an chórais faisnéise faoin Airteagal seo, lena n-áirítear:

(a) 

rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus malartú sonraí le córais eile TF;

(b) 

socruithe teagmhasacha i gcás nach mbeidh feidhmiúlachtaí an chórais faisnéise ar fáil.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

Airteagal 33 4.
Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcóras faisnéise sin d’údaráis chustaim, d’údaráis inniúla, d’oibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha agus do thrádálaithe agus, más infheidhme, dá n-ionadaithe údaraithe, i gcomhréir lena gcuid oibleagáidí féin faoin Rialachán seo.
Airteagal 33 5.
I gcomhréir le Beartas Sonraí Oscailte an Aontais, tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar thacair sonraí iomlána anaithnidithe an chórais faisnéise don phobal i gcoitinne i bhformáid oscailte mheaisín-inléite agus lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht, athúsáid agus inrochtaineacht.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.