|
+IARSCRÍBHINN III Dearbhú simplithe maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga |
IARSCRÍBHINN III Dearbhú simplithe maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga
IARSCRÍBHINN III Dearbhú simplithe maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga An fhaisnéis atá le bheith sa dearbhú simplithe aonuaire maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga i gcomhréir le hAirteagal 4a(3):
1.
Ainm agus seoladh an micrea-oibreora príomhúla nó an t-oibreoir príomhúla agus, i gcás tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, an uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
2.
Cód Córais Chomhchuibhithe na dtáirgí ábhartha agus tuairisc saorthéacs orthu, lena n-áirítear ainm trádála, agus cainníocht bhliantúil aonuaire mheasta na dtáirgí ábhartha atá beartaithe a chur ar an margadh nó a onnmhairiú, arna sloinneadh i nglanmhais lena sonraítear meastachán nó diall céatadáin nó, i gcás inarb infheidhme, méid nó líon na n-ítimí. Maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ní mór an chainníocht mheasta a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh an chóid Córais Chomhchuibhithe atá léirithe freisin nó, i ngach cás eile, ní mór í a shloinneadh i nglanmhais lena sonrófar meastachán nó diall céatadáin nó, i gcás inarb infheidhme, méid nó líon na n-ítimí. Beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina saineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoin gcód Córais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí.
3.
Tír tháirgthe agus geoshuíomh gach dáileachta talún, nó seoladh poist na bunaíochta nó gach dáileachta talún ar a dtáirgeann an micrea-oibreoir príomhúil nó an t-oibreoir príomhúil beag tráchtearraí ábhartha. I gcás táirgí ábhartha ina bhfuil eallach nó a dhéantar agus úsáid á baint as eallach, agus i gcás na dtáirgí ábhartha sin arna gcothú le táirgí ábhartha, tagróidh an seoladh poist nó an geoshuíomh do gach bunaíocht ina gcoimeádtar an t-eallach. I gcás ina dtáirgtear na táirgí ábhartha ar dháileachtaí talún éagsúla, áireofar seoladh poist nó geoshuíomh gach dáileachta talún igcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (d).
4.
An téacs: “Leis an dearbhú seo, deimhníonn an micrea-oibreoir príomhúil nó an t-oibreoir príomhúil beag go bhfeidhmeoidh sé dícheall cuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1115 i leith gach táirge a chuireann sé ar an margadh nó a onnmhairíonn siad, agus nach gcuirfidh sé ar an margadh ná nach n-onnmhaireoidh sé iad ach amháin i gcás nach bhfaighfear aon riosca nó nach bhfaighfear ach riosca diomaibhseach nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, pointe (a) nó (b), den Rialachán sin.”. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|