+Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn “adhmad agus táirgí adhmaid” an t-adhmad agus na táirgí adhmaid a leagtar amach san Iarscríbhinn, cés moite de tháirgí adhmaid nó de chomhpháirteanna de chuid táirgí den sórt sin a mhonaraítear as adhmad nó as táirgí adhmaid a bhfuil a saolré tagtha chun críche agus a dhiúscrófaí mar dhramhaíl murach sin, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl ( 1 );

(b) ciallaíonn “cur ar an margadh” adhmad nó táirgí adhmaid a sholáthar ar shlí ar bith ar an margadh inmheánach den chéad uair, gan spleáchas don teicníocht díolacháin a úsáidtear, chun é nó iad a dháileadh nó a úsáid i gcúrsa gníomhaíochta tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce. Folaíonn sé freisin soláthar trí chianchumarsáid de réir mar a shainmhínítear i dTreoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 1997 maidir le tomhaltóirí a chosaint i leith cianchonarthaí ( 2 ). Maidir le táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad nó ó tháirgí adhmaid atá ar an margadh inmheánach cheana féin a sholáthar ar an margadh inmheánach, ní hionann an soláthar sin agus ‘cur ar an margadh’;

(c) ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a chuireann adhmad nó táirgí adhmaid ar an margadh;

(d) ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann adhmad nó táirgí adhmaid atá ar an margadh inmheánach cheana féin a dhíol nó a cheannach ar an margadh inmheánach i gcúrsa gníomhaíochta tráchtála;

(e) ciallaíonn “tír na lománaíochta” an tír nó an chríoch inar lománaíodh an t-adhmad nó inar lománaíodh an t-adhmad atá leabaithe sna táirgí adhmaid;

(f) ciallaíonn “arna lománú go dleathach” arna lománú i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(g) ciallaíonn “arna lománú go neamhdhleathach” arna lománú de shárú ar an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(h) ciallaíonn “reachtaíocht is infheidhme” an reachtaíocht atá i bhfeidhm i dtír na lománaíochta, ar reachtaíocht í lena gcumhdaítear na nithe seo a leanas:

— cearta chun adhmad a lománú laistigh de theorainneacha a bhfuil taifead orthu le dlí;

— íocaíochtaí ar chearta lománaíochta agus ar adhmad lena n-áirítear dleachtanna a bhaineann le lománaíocht adhmaid;

— lománaíocht adhmaid, lena n-áirítear reachtaíocht chomhshaoil agus reachtaíocht foraoise, ar reachtaíocht í ina n-áirítear bainistiú foraoisí agus caomhnú na bithéagsúlachta, i gcás ina bhfuil baint dhíreach aici le lománaíocht adhmaid;

— cearta dlíthiúla tríú páirtithe maidir le húsáid agus maidir le tionacht, ar cearta iad a ndéanann lománaíocht adhmaid difear dóibh; agus

— trádáil agus custam, a mhéid a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0995
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.