|
+Airteagal 10 Seiceálacha ar oibreoirí ---+Article 10 1. ---+Article 10 2. ---+Article 10 3. ---+Article 10 4. ---+Article 10 5. |
Airteagal 10 Seiceálacha ar oibreoiríAirteagal 10 Seiceálacha ar oibreoirí 1. Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha chun a fhíorú an gcomhlíonann oibreoirí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 6. 2. Déanfar seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích i gcomhréir le plean a ndéanfar athbhreithniú air go tráthrialta agus úsáidfear cur chuige riosca-bhunaithe ina leith. De bhreis air sin, féadfar seiceálacha a dhéanamh nuair atá faisnéis ábhartha ina sheilbh ag údarás inniúil, lena n-áirítear faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní ó thríú páirtithe maidir leis an gcaoi a bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibreoir, ar ábhair imní iad a bhfuil bonn maith leo. 3. Féadfar na nithe seo a leanas, inter alia, a áireamh sna seiceálacha dá dtagraítear i mír 1: (a) scrúdú ar an gcóras díchill chuí, lena n-áirítear measúnú riosca agus nósanna imeachta um maolú riosca; (b) scrúdú ar dhoiciméid agus ar thaifid a léiríonn feidhmiú cuí an chórais díchill chuí agus na nósanna imeachta; (c) seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear iniúchtaí allamuigh. 4. Tabharfaidh na hoibreoirí gach cúnamh is gá chun seoladh na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar áitreabh agus le tíolacadh doiciméad nó taifead. 5. Gan dochar d’Airteagal 19, i gcás ina mbraitear easnaimh, tar éis na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, féadfaidh na húdaráis inniúla fógra a eisiúint maidir leis na gníomhaíochtaí feabhais a bheidh le déanamh ag an oibreoir. De bhreis air sin, agus ag brath ar chineál na n-easnamh a bhraitear, féadfaidh na Ballstáit bearta eatramhacha láithreacha a dhéanamh, lena n-áirítear inter alia: (a) an t-adhmad agus na táirgí adhmaid a urghabháil; (b) toirmeasc a chur ar adhmad agus táirgí adhmaid a mhargú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|