|
+Airteagal 19 Pionóis ---+Article 19 1. ---+Article 19 2. ---+Article 19 3. |
Airteagal 19 PionóisAirteagal 19 Pionóis 1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. 2. Ní mór go mbeidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar na nithe seo a leanas, inter alia, a áireamh iontu: (a) fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil, le luach an adhmaid nó na dtáirgí adhmaid lena mbaineann agus leis na caillteanais chánach agus an díobháil eacnamaíoch a bheidh mar thoradh ar an sárú agus déanfar leibhéal na bhfíneálacha sin a ríomh ar shlí a chinnteoidh go ndéanfar na tairbhí eacnamaíocha a dhíorthaíonn ó na sáruithe tromchúiseacha a rinne siad a bhaint go héifeachtach díobh sin atá freagrach, ach sin gan dochar don cheart dlisteanach chun gairm a chleachtadh, agus déanfar leibhéal na bhfíneálacha sin mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha a dhéantar arís agus arís eile a mhéadú de réir a chéile; (b) an t-adhmad agus na táirgí adhmaid lena mbaineann a urghabháil; (c) an t-údarú trádála a chur ar fionraí láithreach. 3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill i dtaobh aon leasuithe ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|