|
+Airteagal 3 1. |
Airteagal 3 1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “údarás inniúil náisiúnta” aon údarás inniúil náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
(2)
ciallaíonn “údarás inniúil” údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(2)(i) den Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010;
(3)
ciallaíonn “údarás réitigh náisiúnta” údarás arna ainmniú ag Ballstát rannpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE;
(4)
ciallaíonn “údarás réitigh náisiúnta ábhartha” údarás réitigh náisiúnta Ballstáit rannpháirtigh ina mbunaítear eintiteas nó eintiteas grúpa;
(5)
ciallaíonn “coinníollacha réitigh” na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1);
(6)
ciallaíonn “plean réitigh” plean arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 9;
(7)
ciallaíonn “plean réitigh grúpa” plean le haghaidh réitigh grúpa arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 9;
(8)
ciallaíonn “cuspóirí réitigh” na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 14;
(9)
ciallaíonn “uirlis réitigh” uirlis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 22(2);
(10)
ciallaíonn “gníomhaíocht réitigh” an cinneadh eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur faoi réiteach de bhun Airteagal 18, uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó ceann amháin nó níos mó de na cumhachtaí a fheidhmiú;
(11)
ciallaíonn “taiscí clúdaithe” taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(4) de Threoir 2014/49/AE;
(12)
ciallaíonn “taiscí incháilithe” taiscí incháilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(4) de Threoir 2014/49/AE;
(13)
ciallaíonn “institiúid” institiúid creidmheasa, nó gnólacht infheistíochta a chumhdaítear le maoirseacht chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 2(c);
(14)
ciallaíonn “institiúid faoi réiteach” eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a ndéantar gníomhaíocht réitigh ina leith;
(15)
ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(26) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(16)
ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta airgeadais” cuideachta shealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(20) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(17)
ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha” cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(18)
ciallaíonn “máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais” máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid AE' mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(19)
ciallaíonn “máthairinstitiúid de chuid an Aontais” máthairinstitiúid de chuid AE' mar a shainmhínítear i bpointe (29) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(20)
ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(15)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(21)
ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta mar a shainmhínítear í i bpointe (16) d'Airteagal 4(1) den Rialachán seo, agus chun críocha Airteagail 8, 10(10), 12 go 12k, 21 agus 53 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcás grúpaí réitigh dá dtagraítear i bpointe (b) de phointe (24b) den mhír seo, ciallaíonn sé, i gcás inarb iomchuí agus de réir mar is iomchuí, institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach, an comhlacht lárnach féin, agus a bhfochuideachtaí faoi seach, agus aird á tabhairt ar an mbealach ina gcomhlíonann grúpaí réitigh den sórt sin Airteagal 12f(3) den Rialachán seo;
(21a)
ciallaíonn “fochuideachta ábhartha” fochuideachta ábhartha mar a shainmhínítear i bpointe (135) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013;
(22)
ciallaíonn “brainse” brainse mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(17) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(23)
ciallaíonn “grúpa” máthairghnóthas agus a fhochuideachtaí, ar eintitis iad amhail dá dtagraítear in Airteagal 2;
(24)
ciallaíonn “grúpa trasteorann” grúpa ag a bhfuil eintitis amhail dá dtagraítear in Airteagal 2 atá bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó;
(24a)
ciallaíonn “eintiteas réitigh” duine dlítheanach atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach, a bhfuil sainaitheanta ag an mBord nó ag an údarás réitigh náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo, mar eintiteas ar ina leith a fhoráiltear do ghníomhaíocht réitigh sa phlean réitigh;
(24aa)
ciallaíonn “eintiteas leachtaithe” duine dlítheanach atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach dá bhforáiltear ina leith sa phlean réitigh grúpa nó, i gcás eintitis nach cuid de ghrúpa iad, sa phlean réitigh, go ndéanfar an t-eintiteas a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, nó eintiteas, laistigh de ghrúpa réitigh nach eintiteas réitigh é, nach bhforáiltear ina leith sa phlean réitigh grúpa go ndéanfar cumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú;
(24b)
ciallaíonn “grúpa réitigh”:
(a)
eintiteas réitigh mar aon lena fhochuideachtaí ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
(i)
ní eintitis réitigh iad féin;
(ii)
ní fochuideachtaí de chuid eintitis réitigh eile iad; nó
(iii)
ní eintitis iad atá bunaithe i dtríú tír nach n-áirítear sa ghrúpa réitigh faoin bplean réitigh, agus a bhfochuideachtaí; nó
(b)
institiúidí creidmheasa iad atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach, agus an comhlacht lárnach féin i gcás inar eintiteas réitigh ceann amháin ar a laghad de na hinstitiúidí creidmheasa sin nó inar eintiteas réitigh an comhlacht lárnach, agus a bhfochuideachtaí faoi seach;
(24c)
ciallaíonn “institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach léi” nó 'G-SII' G-SII mar a shainmhínítear í i bpointe (133) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(25)
ciallaíonn “bonn comhdhlúite” bonn an stádais chomhdhlúite mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(47) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(26)
ciallaíonn “maoirseoir comhdhlúthaithe” maoirseoir comhdhlúthaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(41) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013;
(27)
ciallaíonn “údarás réitigh ar ghrúpleibhéal” an t-údarás réitigh sa Bhallstát rannpháirteach ina bhfuil an institiúid nó an máthairghnóthas atá faoi réir maoirseachta comhdhlúthaithe ag an leibhéal comhdhlúthaithe is airde laistigh de na Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE suite;
(28)
ciallaíonn “scéim chosanta institiúideach” nó “SCI” socrú a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(29)
ciallaíonn “tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách” Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE nó aon tacaíocht airgeadais phoiblí ar an leibhéal fornáisiúnta, ar Státchabhair a bheadh ann dá soláthrófaí é ar an leibhéal náisiúnta, a sholáthrófar chun inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, nó grúpa ar cuid de an t-eintiteas sin, a chaomhnú nó a athbhunú.
(30)
ciallaíonn “uirlis díolacháin ghnó” an sásra chun go ndéanfadh údarás réitigh ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid faoi réiteach, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais de chuid institiúide faoi réiteach, a aistriú chuig ceannaitheoir nach droichead-institiúid é, i gcomhréir le hAirteagal 24;
(31)
Ciallaíonn “uirlis droichead-institiúide” an sásra chun ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid faoi réiteach, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais de chuid institiúide faoi réiteach, a aistriú chuig droichead-institiúid, i gcomhréir le hAirteagal 25;
(32)
ciallaíonn “uirlis deighilte sócmhainní” an sásra chun aistriú a dhéanamh ar shócmhainní, ar chearta nó ar dhliteanais de chuid institiúide faoi réiteach chuig gléas bainistíochta sócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 26;
(33)
ciallaíonn “uirlis fortharrthála” an sásra chun na cumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú i ndáil le dliteanais de chuid institiúide faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 27;
(34)
ciallaíonn “acmhainní airgeadais atá ar fáil” an t-airgead tirim, na taiscí, na sócmhainní agus na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe atá ar fáil don Chiste chun na gcríoch atá liostaithe faoi Airteagal 76(1);
(35)
ciallaíonn “spriocleibhéal” méid na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil a bheidh le baint amach faoi Airteagal 69(1).
(36)
ciallaíonn “Comhaontú” an comhaontú maidir le haistriú agus le frithpháirtiú ranníocaíochtaí chuig an gCiste;
(37)
ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo mar a chinntear faoi Airteagal 99(2) agus (6) go dtí go sroichfidh an Ciste an spriocleibhéal nó an 1 Eanáir 2024, cibé acu is luaithe;
(38)
ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítearí i bpointe (50) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(39)
ciallaíonn “ionstraimí fiachais” bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe, ionstraimí lena gcruthaítear nó lena n-aithnítear fiachas, agus ionstraimí lena dtugtar cearta chun ionstraimí fiachais a fháil;
(40)
ciallaíonn “cistí dílse” cistí dílse mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1)(118) de of Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(41)
ciallaíonn “ceanglais i leith cistí dílse” na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92 go hAirteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(42)
ciallaíonn “foirceannadh” réadú sócmhainní de chuid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2;
(43)
ciallaíonn “díorthach” díorthach mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(44)
ciallaíonn “cumhachtaí díluachála agus comhshó” na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 21;
(45)
ciallaíonn “ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1” ionstraimí caipitil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28(1) go (4), Airteagal 29(1) go (5) nó Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(45a)
ciallaíonn “caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1” caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(46)
ciallaíonn “ionstraimí Breise Leibhéal 1” ionstraimí caipitil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(47)
ciallaíonn “ionstraimí Leibhéal 2” ionstraimí caipitil nó fo-iasachtaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(48)
ciallaíonn “méid comhiomlán” an méid comhiomlán a bhfuil sé measta ag an údarás réitigh gur gá na ►M1 dliteanais incháilithe le haghaidh uirlis fortharrthála ◄ a dhíluacháil nó a chomhshó, i gcomhréir le hAirteagal 27(13);
(49)
ciallaíonn “dliteanais atá in-fhortharrthála” na dliteanais agus na hionstraimí caipitil nach gcáilíonn mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Leibhéal 2 de chuid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 agus nach n-eisiatar ó raon feidhme na huirlise fortharrthála de bhun Airteagal 27(3);
(49a)
ciallaíonn “dliteanais incháilithe” dliteanais in-fhortharrthála, lena gcomhlíontar, de réir mar is infheidhme, coinníollacha Airteagal 12c nó phointe (a) d'Airteagal 12g(2) den Rialachán seo, agus ionstraimí Leibhéal 2 lena gcomhlíontar coinníollacha phointe (b) d'Airteagal 72a(1) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013;
(49b)
ciallaíonn “ionstraimí incháilithe fo-ordaithe” ionstraimí a chomhlíonann na coinníollacha uile dá dtagraítear in Airteagal 72a) de Rialachán (AE) Uimh 575/2013 seachas míreanna (3) go (5) d'Airteagal 72b den Rialachán sin;
(50)
ciallaíonn “scéim ráthaíochta taiscí” scéim ráthaíochta taiscí arna tabhairt isteach agus arna haithint go hoifigiúil ag Ballstát de bhun Airteagal 4 de Threoir 2014/49/AE;
(51)
ciallaíonn “ionstraimí caipitil ábhartha” ionstraimí Breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Leibhéal 2;
(52)
ciallaíonn “banna faoi chumhdach” ionstraim amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
(53)
ciallaíonn “taisceoir” taisceoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(5) de Threoir 2014/49/AE;
(54)
ciallaíonn “infheisteoir” infheisteoir de réir bhrí Airteagal 1(4) de Threoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
(55)
ciallaíonn “ceanglas maoláin chomhcheangailte” ceanglas maoláin chomhcheangailte faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|